25 Lúnasa 2010

stocaí & cuaráin



Creidtear go forleathan gur botún mór faisin é seo. Ach is minic a fheictear daoine ag caitheamh cuarán le stocaí sna bólaí seo. Déanaim féin é uaireanta. Cuid de fhéiniúlacht an Phacific Northwest é, in éineacht leis an Utilikilt™.



Tá fianaise againn anois go ndearna na Rómhánaigh an rud céanna! Tá seandálaithe ag obair ar shuíomh Rómhánach i Yorkshire Thuaidh faoi láthair. Fuair siad patrúin sa mheirg ar thairní i gcuarán a tháinig ó stoca nó ó rud éigin eile an-chosúil leis sin. Cuireann an fhianaise nua seo le píosa eile fianaise a fuarthas san Amhainn Tees i gCo. Durham cúig bliana ó shin, an cos rásúir thuas. Tá stoca olla le feiceáil go soiléir faoin gcuarán!

Faithful Place



Ar léigh éinne agaibh an leabhar seo? D'éist mé leis an gclosleabhar ar na mallaibh. Tim Gerard Reynolds a léigh os ard é agus is dóigh liom go ndearna sé an-jab leis an reacaireacht. Is aisteoir cumasach é, duine atá in ann guthanna éagsúla a aithris gan dul thar fóir.

Thaitin an t-úrscéal féin go mór liom, cé nach raibh sé gan locht. Níl a fhios agam, mar sin féin, an mbeinn chomh gafa sin leis murach an dóigh ar léigh Reynolds é.

24 Lúnasa 2010

Fainic!



Bíonn an cosán sleamhain nuair atá sé fuilteach!

Lushootseed


Chuir Dubhaltach cúpla ceist orm inné faoi dhearcadh an phobail ar theangacha dúchasacha Iascairt Washington:

“Cad é an tuiscint i measc an ghnáthphobail faoi theanga(cha) dúchais an cheantair?
Nach bhfuil na dúchasaigh ag iarraidh aird a tharraingt ar na hainmneacha sin?”

Na fíricí:

1) Shroich galair na nEorpach, an bholgach, an bhruitíneach, etc., an ceantar seo roimh theacht na Meiriceánach. Séard a fuair na daoine bána rompu nuair a tháinig siad isteach i lár an naoú haois déag ná tír a bhí leathbhán. Bhí na hIndiaigh ina mionlach ina dtír féin cheana féin.

2) Tá na teangacha a bhíodh á labhairt ag na bundúchasaigh marbh nó leathmharbh anois. Níl éinne fágtha anois ar féidir leis nó léi comhrá nádúrtha leanúnach a dhéanamh i Lushootseed, an teanga a bhí i réim cois na n-aibhneacha is na gcladach sa cheantar seo roimh theacht na Meiriceánach. (Níor chónaigh éinne sna foraoisí ag an am sin.)

3) Tá cuid de na hIndiaigh ag iarraidh na teangacha seo, an teanga Lushootseed go háirithe, a thabhairt ar ais anois sna scoileanna ar na reservations. Tá na tréibheanna Tulalip chun tosaigh sa togra seo. Is an-deacair an teanga í, áfach. Tá sí lán go béal le fuaimeanna nach bhfuil againn i mBéarla ná in aon teanga Ind-Eorpach eile. Ní féidir focal a fhoghlaim mura féidir leat é a rá!

4) Baintear úsáid “shearmanach” as Lushootseed i gcúpla áit anseo i Seattle. Tá na painéil seo le Hachivi Edgar Heap of Birds le feiceáil in Pioneer Square, i lár na cathrach, le beagnach fiche bliain anuas. Tá Lushootseed ar taobh amháin agus an t-aistriúchán Béarla ar an taobh eile den dá phainéal.



Is ón mblag Best Of a fuair mé na pictiúir seo.



Thóg mé an pictiúr seo thuas inné ar champas Ollscoil Washington. Bhí an leabharlann dúnta le haghaidh “lá glantóireachta” mar sin bhí orm an grianghraf a thógáil trí fhuinneog ón taobh amuigh. Seo é an téacs iomlán:


Tá aistriúchán Béarla den abairt ar an mballa sa leabharlann freisin. Seo é i nGaeilge:

Tugann Fiach solas leis go dtí teach seo na scéalta.

22 Lúnasa 2010

an tríú lá ar an Olympic Peninsula



Rinne muid siúlóid os cionn Lake Quinault i mbrothall an lae. Nuair a tháinig muid go dtí an dara sruthán ag spalpadh anuas ó na sléibhte chun an locha, ní raibh mé in ann cuireadh an uisce a dhiúltú níos mó. Bhain mé mo chuid éadaí díom agus isteach liom san uisce oighreach!



Níl aon rud eile cosúil le huisce fuar ar lá brothallach!


Ag cnuasach fraochán dearg (red huckleberries) a bhí an bheirt eile, mo chairde Francacha.

21 Lúnasa 2010

Fainic an lomán marfach!


An radharc anuas ón lóiste ag Kalaloch*

*Clay-lock a deirtear


An fógra ar an mballa sa chábán


Mise (sa chúlra) ag tabhairt dúshláin na lomán

i bhfad ó Nua-Eabhrac


Seo trí ghrianghraf le tacú leis an méid a dúirt mé le Proinsias an lá cheana. Tógadh iad an deireadh seachtaine seo caite nuair a bhí mé i bPáirc Náisiúnta Olympic, cúpla uair an chloig siar ó Sheattle.

An radharc ó thuaidh ar bheanna arda na Páirce.


An radharc ó dheas ar an Strait of Juan de Fuca, le Ceanada ar an taobh eile.