02 Meitheamh 2010

an t-éan gorm



In ainneoin an ola atá ag síorscairdeadh amach i Murascaill Mheicsiceo agus in ainneoin na fola a doirteadh ar chósta Ghaza, bhí teagmháil gan choinne agam le bluebird of happiness inné. Chuir sé an bhlagmhír seo ó John i gcuimhne dom. Séard ba chúis leis an sonas seo ná scúp reoiteóige, an ceann ar clé thíos le bheith cruinn:


Bhí blas láidir den leann dubh air, agus - iontas na n-iontas - ní raibh sé an-mhilis, rud a thaitin go mór liom. Rud eile a thaitin liom ná go ndéantar é, mar a deirtear thuas, le leann dubh a dhéantar sa ghrúdlann béal dorais. Dála an scéil, bhí mé sa chomharsanacht sin le pónairí caife direct trade / déileáil dhíreach a cheannach ó Stumptown. “Montes de Oro” an cineál is fearr liom dá bhfuil ar fáil uathu anois díreach.

01 Meitheamh 2010

Agus i nglan-Ghaeilge?



“D’eisigh Foras na Gaeilge preasráiteas an tseachtain seo caite ag cur in iúl go raibh samhail nua mhaoinithe don earnáil bhunmhaoinithe Ghaeilge “glanta i bprionsabal” ag an gComhairle Aireachta Thuaidh Theas.”

Bhí mé ceart go leor go dtí “ag cur in iúl go raibh” ach ina dhiaidh sin chuaigh na focail ó smacht ar fad orm: “samhail nua mhaoinithe ... earnáil bhunmhaoinithe ... glanta i bprionsabal”. Is dóigh liom go bhfuil barúil éigin agam dá bhfuil i gceist anois, tar éis dom an scéal - nó cuid de ar aon nós - a léamh. Ach... cé a chumann an béarlagair seo??

doras ifrinn: an freagra

Cliceáil le méadú.

D'athscríobh mé an sliocht seo le go mbeidh sé níos éasca a léamh. Is ionann an chéad fhocal, “ni” le líne os a chionn, agus “ní hansa”.


Tá súil agam go mbeidh sibh in ann é seo a thuiscint. Is focal liteartha anois é an focal deireanach, ach tá sé in FGB leis an litriú “doraidh”.

31 Bealtaine 2010

Tá ceist ag Pilip Ballach oraibh.


Cliceáil le méadú.

Cia bhail adtá dorus ifrinn.

Cén áit a bhfuil doras ifrinn?

30 Bealtaine 2010

Ag dul go hifreann i mbara láimhe?



An Ceantar:

“On what principle is it, that when we see nothing but improvement behind us, we are to expect nothing but deterioration before us?”

- Thomas Babington Macauly


An tAlltar:

“All goes onward and outward, nothing collapses,
And to die is different from what any one supposed, and luckier.”

- Walt Whitman

an radharc is deireanaí #2



Cliceáil.

Bhí mé ag fanacht le lá geal leis na pictiúir seo a thógáil, ach níl ach scamaill is báisteach againn anseo le seachtain anuas. Is cosúil go bhfuil na bláthanna sásta leis an aimsir, murab ionann agus an chuid eile againn!

greann sa Quran



Níl a fhios agam an bhfuil aon scéal grinn sa Quran. Ní sé sin le rá nach bhfuil scéalta grinn - a lán acu - sa traidisiún Ioslamach. An eiseamláir is fearr de seo ná Nasruddin نصرالدین , an Súfaí. Is cosúil gur chuir Gabriel Rosenstock Gaeilge ar chuid de na scéalta seo. Seo ceann beag gearr a fuair mé ar an idirlíon:

“Cén aois thú, a Nasrudin?”
“Daichead.”
“An dá scór, ab ea? Sin an aois a luaigh tú liom dhá bhliain ó shin, a mhic ó!”
“Gan dabht! Seasaim le m'fhocal i gcónaí.”

Ceist agam ort: cad é an scéal is greannmhaire sa Bhíobla, dar leatsa?