27 Bealtaine 2010

dánfhocal ó Philip Ballach


Seo giota eile as leabhrán Philip Bhallaigh daoibh.


Ni thairic
an mhaith chaitter go goirid
agus an mhaith nach caitter
gen go gcaitter hí tairic.

Ní ídítear
an mhaith a chaitear go gairid;
agus an mhaith nach gcaitear,
cé nach gcaitear í, ídítear.

Agus seo leagan eile den rann ón leabhar Dánfhocail: Irish Epigrams in Verse, le Thomas F. O'Rahilly:

Is minic
an mhaith caithtear go dtairig;
agus an mhaith nach caithtear,
gion go caithtear í, tairig.

Tuigim an chéad leathrann i leagan Uí Rathaille gan dua. Níl mé chomh cinnte sin faoin gcéad leathrann a bhreac Pilip síos. Ach is fearr liom an comhardadh slán idir “gairid” agus “tairig” sa leagan sin. Rannaigecht chetharchubaid gairit recomarcach an t-ainm atá ar an méadar seo, dála an scéil. :-)

Níl an briathar “tairig”, a chiallaíonn “comes to an end; is completed, finished, exhausted” in úsáid anois, go bhfios dom, cé go bhfuil sé beo fós i nGaeilge na hAlban. Agus cé go bhfuil “gion” in FGB, is focal liteartha anois é.

Toisc gur luaigh mé Gaeilge na hAlban, seo agaibh leagan den dánfhocal sa teanga sin freisin:

Teirgidh gach nì ri 'chaitheamh
's a bhi ga chaitheamh gu minig;
's an nì sin nach caithear
ged nach caithear gun teirig.

Is fúibhse anois ciall a bhaint as.

Mac Con Glinne agus an óinmhid i mBaghdad



Ferr deda ho oin ind ecna¹
do. Uimir na trinoti² or m

Bhí deamhan craois tar éis lonnú i gCathal mac Finguine, rí Chaiseal Mumhan. D'ith sé gan stad gan staonadh agus níor roinn a chuid bia le duine ar bith. Ach bhí Mac Con Glinne in ann úll fiáin amháin a mealladh de, agus ansin úll eile agus úll eile. Rinne sé é seo le sraith d'uimhreacha tábhachtacha a lua, ón a dó go dtí a trí déag, mar seo (aistriúchán le Tomás Ó Floinn):

“Is fíor duit,” arsa Cathal, ag tabhairt úill amháin dó le linn dó a dó nó a trí a shacadh ina bhéal féin.

Ar feadh ré na dtrí leathbhliana a raibh an deamhan i mbráid Chathail mhic Fhinguine, ní dhearna sé de dhaonnacht ach an t-aon úll fiáin úd a thabhairt do Mhac Conglinne, tar éis dó-sin é a iarraidh go tréan air.

“Is fearr dhá ní ná an t-aon ní i gcúrsaí eagna,”¹ arsa Mac Conglinne.

Chaith seisean ceann eile chuige.

“Uimhir na Tríonóide!”² arsa Mac Conglinne.

Thug sé ceann dó.

“Ceithre leabhar an tsoiscéil de réir tiomna Chríost!”

Chaith sé ceann chuige.

“Cúig leabhar Mhaoise de réir deich n-aitheanta na seanreachta!”

Ráid sé ceann chuige. [etc.]

D'fhoghlaim mé trí thaisme ar na mallaibh go bhfuil scéilín an-chosúil leis seo ag na hArabaigh freisin:


Dúirt an scoláire seo, “Bhí mé i láthair ag cruinniú i dteach fir uasail i mBaghdad, agus bhí tráidire de mhilseáin almóinne roimhe. Tháinig óinmhid dea-labhartha isteach agus dúirt, ‘Céard é seo, a Phrionsa?’ Chaith seisean ceann chuige, agus dúirt mo dhuine ‘An dara duine nuair a bhí beirt acu san uaimh.’ Mar sin chaith sé ceann eile chuige, agus dúirt sé ‘Neartaíomar leis an tríú duine iad.’ Thug sé ceann eile dó ansin, agus dúirt sé, ‘Tóg ceithre éan dá bhrí sin.’ Chaith sé an ceathrú ceann chuige mar sin, agus dúirt sé, ‘Cúigear, agus seisear lena madra.’ Mar sin shín sé an cúigiú ceann chuige, agus dúirt sé, ‘I gceann sé lá.’ Mhéadaigh an fear uasal le ceann eile iad, agus dúirt mo dhuine, ‘Seacht neamh, ceann os cionn a chéile.’ Seacht gceann a bhí aige ansin, agus dúirt, ‘Ocht mbó ina bpéirí.’ Chaith sé an ochtú ceann chuige, agus dúirt sé, ‘Agus bhí naonúr sa chathair.’ Chaith sé an ceann sin chuige, agus dúirt sé, ‘Deich lá slána sa tréimhse seo.’ Mhéadaigh sé le ceann eile iad, agus dúirt sé, ‘Aon réalta déag.’ Bhronn sé ceann eile air, agus dúirt sé, ‘Dhá mhí dhéag áireamh na míonna le Dia.’ Mar sin bhí dhá cheann déag aige agus dúirt, ‘Má tá fiche duine agaibh ann.’ Mar sin bhrúigh sé fiche ceann chuige, agus dúirt sé, ‘Sáróidh siad dhá chéad.’ Thug an fear uasal ordú ansin go dtabharfaí an tráidire uile dó, agus dúirt, ‘Ith, a chraosaire, agus nár líona Dia do bholg go deo!’ ‘Dar Dia,’ a dúirt an óinmhid ansin, ‘mura ndearna tú é seo, bhí mé réidh leis an téacs ‘Agus chuireamar céad míle duine nó níos mó chuige!’’”

Is ón Quran atá na sleachta ar fad a luaigh an óinmhid ghlic. Tá an téacs Araibise le fáil in Nafḥat al-Yaman, leabhar a foilsíodh i gCalcutta sa bhliain 1811 le Fort William College mar théacsleabhar do mhic léinn Shasanacha. Ba é an scoláire Aḥmad ibn Muḥammad al-Anṣārī al-Yamanī al-Shirwānī a thiomsaigh é.

Tá leagan Araibise eile den scéilín seo le fáil in Nuzhat al-udabâ‘ , cnuasach de 540 scéilíní grinn a cuireadh le chéile i lár an seachtú haois déag. Tá Aisling Meic Con Glinne níos sinne ná sin, ón dara leath den aonú haois déag dar le Jackson. Ach is féidir, mar sin féin, go raibh leaganacha éagsúla den scéilín seo, nó de chleas na n-uimhreacha, ag dul thart sa Domhan Thoir le fada an lá. Níl mé cinnte, ach bheinn ag súil le seachadadh ón Mheánoirthear go hÉirinn sa chás seo, ní leis an treo eile. Ach tá níos mó taighde le déanamh.

24 Bealtaine 2010

ortha in aghaidh báite



Curach Abáin ar an lind.

Is muinter fhionn Abáin ind.

Is é Pilip Ballach Ua Duibhgeandáin a bhreac an leathrann seo síos sa “leabhar sleachtanna bunúsacha” (an t-aistriúchán beagán ciotach atá ag focal.ie ar commonplace book) a líon sé sna blianta idir 1579 is 1584. Míníonn sé sa chéad abairt eile nach mbáfar “an tethar a naibérthar sin” (an t-eathar ina ndeirtear é sin).

Tá leagan níos iomláine de seo in Bethada Náem nÉrenn (lch. 7), mar a ndeir an t-aingeal le hAbán Naofa:

“Tuc Dia nert for muir duit ná tucadh d'áon romad. Ni fhuil nech rachus for muir a curach no a luing, & gebhus fo tri a n-ainm na Trionoide:

Curach Abain for an linn
Is muinnter fionn Abain ind,

nach ticfad slán.”

23 Bealtaine 2010

Cluaneesha



Tá quiz agam daoibh!

Cé hí Cluaneesha?

NB: Is geis daoibh feidhm a bhaint as Google.


1. carachtar in úrscéal Éireannach ón seachtú haois déag

2. an bithiúnach mná sa scannán blaxploitation “Detroit 9000”

3. col seisir de chuid Oprah Winfrey

4. litriú Yeats ar ainm iníon rí Mumhan san aonú haois déag

in Arkansas



“Bhfuil fadhb agat leis sin, a mhic?”

22 Bealtaine 2010