Bhí plé ar siúl anseo cúpla lá ó shin faoin nGaeilge ar an téarma “half sister”. Deir de Bhaldraithe go gciallaíonn “leasdeirfiúr” half-sister chomh maith le stepsister. Is suimiúil an rud é, áfach, nach dtacaíonn FGB (Ó Dónaill), a foilsíodh beagnach fiche bliain níos déanaí, leis an gcéad sainmhíniú. Dúirt Áine go ndúirt bean léi, bean a tógadh le Gaeilge thiar i gConamara, go bhfuil an ceart ag de Bhaldraithe. Creidim, gan dabht dá laghad, go gciallaíonn “leasdeirfiúr” half-sister chomh maith le stepsister thiar ansin. Cainteoir dúchais as Conamara a bhí in de Bhaldraithe freisin, ar ndóigh.
Is suimiúil an rud é freisin go bhfuil fianaise againn -- ón teanga féin -- go raibh easpa téarmaí gaoil sa Nua-Ghaeilge. Nó easpa téarmaí a d'fheil don saol nua-aimseartha, ar aon nós. Is léir go bhfuair muid “aintín” agus “uncail” ón mBéarla. Ní raibh ainmneacha againn ar a gcuid páistí ach oiread go dtí le déanaí. Chuaigh na focail “nia” agus “neacht” i léig míle bliain ó shin. Athbheodh iad mar chuid den Athbheochan. Níl a fhios agam an bhfuil siad in úsáid sna Gaeltachtaí ar chor ar bith.
Séard a chiallaigh “nia” míle bliain ó shin ná “mac na deirféar” ~ sister's son. Níorbh ionann “nia” agus nephew ag an am sin. Ní raibh mac do dhearthár ina nia duit. Téarma eile ar sister's son ná “gormac” (garmhac i Nua-Ghaeilge, ach le ciall nua), .i. “mac atá gor” (sin “gor” uimhir a trí in FGB). Ciall eile a bhíodh le “gormhac” ná “mac uchtaithe”.
Bhí téarma comhghaolach le “nia” acu freisin, mar atá “amhnair” = deartháir na máthar = maternal uncle. Is léir ó na téarmaí seo go mbíodh ceangal an-tábhachtach idir deartháir na máthar agus a mac. Ní raibh téarma ar leith ar dheartháir an athar. “Bráthir an athar” a thugtaí air, sin an méid. (Tá súil agam nach bhfuil mearbhall oraibh faoin am seo.)
Is dóigh liom, mar sin, gur mithid don teanga leanúint ar aghaidh leis an nós seo agus téarma gaoil nua a chumadh don half-sister, ós rud é go bhfuil sé tábhachtach -- uaireanta -- idirdhealú a dhéanamh ar sister agus half-sister sa saol ina bhfuil muid beo. Deirfiúr agus leath-dheirfiúr. Chomh simplí sin.