25 Aibreán 2010

Tengwar


Cliceáil le méadú.

Is breá liom an aibítir seo! Tengwar an t-ainm atá uirthi. J. R. R. Tolkien a chum í. Úsáidtear í leis na teangacha Elvish a scríobh. Séard atá thuas ná aistriúchán den scéilín Sean-Ghaeilge faoin triúr manach a thug diúltú don saol.

24 Aibreán 2010

na rudaí a d'ith mé anocht


Anocht d'ith mé an leathbhreac Hawaiiach de arán donn agus stobhach Gaelach: poi agus laulau. Faigheann ollmhargadh anseo i Seattle an dá délice seo caol díreach ó Hawai‘i. Sin buntáiste amháin atá againn anseo ar imeall an Domhain Thiar! Níl a fhios agam ach is féidir nár itheadh ceachtar acu seo riamh in Éirinn.

Tosaíonn an dá bhia seo le kalo (nó taro), planda a fhásann in uisce, cosúil le rís. Itear na duilleoga agus na fréamhacha araon.


laulau beagán casta. Filltear muiceoil nó sicín, duilleoga úra kalo, agus beagán iasc saillte isteach i nduilleoga ki (nó ti) agus bruitear i ngalchorcán an pacáiste seo. Ní itear na duilleoga ki. Tá na duilleoga kalo beagáinín cosúil le spionáiste agus iad bruite -- nó meascán de spionáiste agus samhadh. Laulau le sicín a bhí agam anocht, ach seo pictiúr de laulau le muiceoil díreach tar éis é a oscailt. (Ní dhearna mise an méid seo uilig seo ar chor ar bith. Laulau prêt à manger a cheannaigh mé!)


Agus séard a itear leis an laulaupoi, céard eile? Is rud cuibheasach simplí é an poi seo. Tá sé an-mhín, beagán géar, agus itear le spunóg é na laethanta seo. Bíonn dath liathchorcra air i gcónaí.


Déantar as fréamhacha an kalo é. Bruitear iad, scamhtar iad agus brúitear iad. Sin an méid.


Ceannaíonn beagnach chuile dhuine poi ón ollmhargadh, i mála plaisteach. Seo é an branda a d'ith mé anocht.


Bhí an béile seo chomh blasta agus go raibh orm é a roinnt libh!

23 Aibreán 2010

scrioptúr inite



Sútra an Chroí, scríofa ar mhuisiriúin le Charwei Tsai.


Scríobh sí an téacs céanna ar tofu freisin.

22 Aibreán 2010

leabhar inite eile



“Leabhar Pi” le Stephanie Krause & Robert Christie (2003)

Is cosúil go raibh an “leabhar” seo páirteach sa Festival international du livre mangeable tamall ó shin. Hmmm ... bheinn in ann rud éigin a dhéanamh le taos pióige, gealacán, siúcra agus cainéal. Bheadh an leathanach sin i nGaeilge, ar ndóigh.

Ith do shoiscéal!



Tá ár laoch calma, Mac Con Glinne, i dtír na mbianna anois, ag caint leis an Scál. Comhairlíonn an Scál dó dul go dtí díseart an Fháthlia, mar a bhfaighidh sé delicatessen iontach.

“Regut ém,” or Mac Con Glinne, “7 tabair soscéla immum.”

“Rachaidh mé mar sin,” arsa Mac Con Glinne, “agus tabhair soiscéil umam.”

“Do-bérthar,” ol in Scál, “.i. soscéla do thirm-cháisi c[h]ethar-ochair c[h]utrumma, 7 gébthair mo p[h]ater-sa fodén imut, 7 ní-s tadaill athgéri nó occuras int-í ima ngabar hí.”

“Tabharfar,” arsa an Scál, “soiscéil de thirim-cháis cheathair-thaobhach chomhchruthach, agus gheofar mo phaidir-se féin umat, agus níor theagmaigh gorta ná ocras riamh leis an té a ngabhtar uime í.”



Cáis chrua chearnógach? Níl ach cáis amháin mar sin ann ar feadh m'eolais: el queso mahón a dhéantar i Mionarca. An bhfuil blas naofa uirthi? Níor bhlais mé féin an cháis seo riamh, ach rachaidh mé sa tóir uirthi anois!

21 Aibreán 2010

Lá an Domhain



“... an lá a íosfaidh sibh dá thoradh sin, go n-osclófar bhur súile agus go mbeidh sibh cosúil le déithe ...” Gein. 3:5

“Táimid cosúil le déithe agus tá sé chomh maith againn an cheird a fhoghlaim.” - Stewart Brand, Whole Earth Catalog, 1968

“Táimid cosúil le déithe agus ní mór dúinn an cheird a fhoghlaim.” - Stewart Brand, Whole Earth Discipline, 2005

Is éicea-phragmataí anois é Brand. Creideann sé, mar shampla, go bhfuil níos mó dóchais ná dainséir dúinn i dteicneolaíochtaí ar nós fuinneamh núicléach agus bia GMO. Is i dtéamh domhanda is mó atá an chontúirt anois, dar leis.

20 Aibreán 2010

braigetóracht


D'aistrigh mé an focal “bragitóracht” sa bhlagmhír roimhe seo mar “abhlóireacht”, toisc nach raibh an focal ceart agam i Nua-Ghaeilge. Séard atá i gceist dáiríre ná ealaín an bhromaire. Ní “bromaireacht” .i. “gaotaireacht, scaothaireacht” atá mé a rá, ach “ceol is ceiliúir a thagannn as an tóin”. Ní ag magadh atá mé!

Cliceáil le méadú.

Ní ag goradh a dtóin atá an bheirt ar dheis sa léaráid chlúiteach seo, ach ag “braigetóracht”. Agus creid é nó ná creid, bhí i bhfad níos mó ar a gcumas acu na fuaimeanna borba a dhéanamh. Tá an cruthú againn a bhuí le Francach darbh ainm Joseph Pujol. Braigetóir nua-aoiseach a bhí ann.


“Le pétomane” an t-ainm stáitse a bhí air agus thuill sé níos mó airgead ná fuirseoir ar bith eile sa domhan nuair a bhí sé ag obair sa Moulin Rouge ag deireadh an naoú haois déag. Bhí Pujol in ann aer a tharraing isteach trína anas agus é a “easanálú” ansin, ag baint feidhm as a pholl tóna mar ghléas ceoil -- mar ghaoth-uirlis le bheith cruinn. “Un cas extraordinaire d'aspiration rectale et d'anus musical an teideal ar alt a scríobh an Dr. Marcel Baudouin sa bhliain 1892. Is de thaisme a fuair Pujol amach go raibh an bua seo aige agus é ina bhuachaill. Bhí air an “ealaín chaillte” seo a fhoghlaim ar a chonlan féin. Maidir leis na braigetóirí meánaoiseacha, is cosúil gur fhoghlaim siad an ealaín ó bhraigetóirí eile. Ní raibh printíseach ag Pujol riamh. Tá níos mó faoi anseo.

Agus maidir leis an bhfocal Nua-Ghaeilge, “braigheadóir” an cruth réamh-Chaighdeánach a bheadh air is dócha. An mbeadh an litriú sin inghlactha sa Chaighdeán freisin?

Agúisín: podicicinist an Béarla a cuireadh ar “braigetóir” in Ancient Laws of Ireland, Vol. V (1901).