D'aistrigh mé an focal “bragitóracht” sa bhlagmhír roimhe seo mar “abhlóireacht”, toisc nach raibh an focal ceart agam i Nua-Ghaeilge. Séard atá i gceist dáiríre ná ealaín an bhromaire. Ní “bromaireacht” .i. “gaotaireacht, scaothaireacht” atá mé a rá, ach “ceol is ceiliúir a thagannn as an tóin”. Ní ag magadh atá mé!

Cliceáil le méadú.
Ní ag goradh a dtóin atá an bheirt ar dheis sa léaráid chlúiteach seo, ach ag “braigetóracht”. Agus creid é nó ná creid, bhí i bhfad níos mó ar a gcumas acu na fuaimeanna borba a dhéanamh. Tá an cruthú againn a bhuí le Francach darbh ainm Joseph Pujol. Braigetóir nua-aoiseach a bhí ann.
“Le pétomane” an t-ainm stáitse a bhí air agus thuill sé níos mó airgead ná fuirseoir ar bith eile sa domhan nuair a bhí sé ag obair sa Moulin Rouge ag deireadh an naoú haois déag. Bhí Pujol in ann aer a tharraing isteach trína anas agus é a “easanálú” ansin, ag baint feidhm as a pholl tóna mar ghléas ceoil -- mar ghaoth-uirlis le bheith cruinn. “Un cas extraordinaire d'aspiration rectale et d'anus musical” an teideal ar alt a scríobh an Dr. Marcel Baudouin sa bhliain 1892. Is de thaisme a fuair Pujol amach go raibh an bua seo aige agus é ina bhuachaill. Bhí air an “ealaín chaillte” seo a fhoghlaim ar a chonlan féin. Maidir leis na braigetóirí meánaoiseacha, is cosúil gur fhoghlaim siad an ealaín ó bhraigetóirí eile. Ní raibh printíseach ag Pujol riamh. Tá níos mó faoi anseo.
Agus maidir leis an bhfocal Nua-Ghaeilge, “braigheadóir” an cruth réamh-Chaighdeánach a bheadh air is dócha. An mbeadh an litriú sin inghlactha sa Chaighdeán freisin?
Agúisín: podicicinist an Béarla a cuireadh ar “braigetóir” in Ancient Laws of Ireland, Vol. V (1901).








