14 Aibreán 2010

deis fógraíochta



Cuir Do Theachtaireacht Anseo!

Marquee Domhanda Le
Níos Mó Ná Milliún De Lucht Féachana!

In aghaidh an lae nó in aghaidh na seachtaine.
Rátaí inchaibidle!

Tapaigh an deis ANOIS!!!

✠ Paolo Sardi
☏ 011-39-06-698-83538

13 Aibreán 2010

“Is breá liom do hata, a stór!”


































An bhfuil músaem na mítéar áit éigin sa Vatacáin, nó céard a tharlaíonn dóibh?


12 Aibreán 2010

sagart in uimhir a 3 ar an léarscáil


Cliceáil ... (is mór an comhad é seo!)

Thug sagart i Massachusetts, James J. Scahill, seanmóir inné ina ndúirt sé gur mithid do Bhenedict éirí as an bpápacht. Ní mó ná sásta a bhí urlabhraí na deoise -- iontas na n-iontas. Ach sheas a phobal ag bualadh bos dó tar éis na seanmóire.

Is as mo sheanchóip de An Béal Bocht a tháinig an léarscáil thuas. Is trua nach bhfuil Myles ann fós le focal nó trí a scríobh faoi na himeachtaí seo.

iarratas


Aodh Mac Cathmhaoil
(nó Mac Aingil, an leasainm a bhaist a chuid mac léinn air)

An bhfuil fáil ag éinne ar Scáthán shacramuinte na haithridhe le Mac Aingil? Níl sé agam agus tá suim agam i gcomhthéacs an nath seo, “Ní bheantar a hainm don bhairíghin,” atá ag líne 4733.

10 Aibreán 2010

beoir san fholcadán



Seo rann a tháinig anuas chugainn mar nóta imill sa Leabhar Breac.





Ni mochin
nech nosfothraic natib dig ;

Phléigh mé an chéad leathrann seo anseo.



Ach d'fhág mé an dara leathrann gan phlé. Is mithid é a phlé anois.

Maidir leis an litriú, níl ach nod amháin sa dá líne seo, an rud atá beagán cosúil leis an uimhir 3. Seasann sé seo do ‘-us’.

Tá rud eile sa rann seo nach bhfuil againn níos mó sa teanga: an forainm iontáite. Focal ilchruthach é an créatúr seo: no-s-B, dian-os-B, no-dus-B, man-us-B, nach-as-B. Is ionann an chuid throm díobh seo agus “him” nó “himself”. Tagann an briathar “B” ina dhiaidh.

Dála an scéil, is sampla maith de Mheán-Ghaeilge é seo.


07 Aibreán 2010

Sanas Cormaic 1191




Cliceáil etc.

Seo iontráil eile as Sanas Cormaic. Tá an ceann seo le fáil i lámhscríbhinn ón séú haois déag. Tá an téacs céanna le fáil in Leabhar Buí Leacain, a scríobhadh faoi thús an chúigiú haois déag. Is dócha go bhfuil an teanga níos sine ná sin, áfach. Maidir le stair Shanas Chormaic, dúirt Paul Russell an méid seo in A New History of Ireland: Prehistoric and Early Ireland (Oxford, 2005):

“... the processes of the compilation of Cormac's Glossary were very complex and seem to have involved amalgamation and re-editing material from a range of sources.”

Sanasaíocht an fhocail “sionnach” atá againn anseo. Is cliste an míniú é seo, bíodh is nach bhfuil aon bhunús leis ó thaobh na teangeolaíochta de.

NB: tá áit amháin sa téacs mar a bhfuil ‘s’ amháin in áit an dá ‘s’ atá ag teastáil. Ní dóigh liom gur gá dúinn é a aistriú len é a thuiscint. Is dócha gur leor é a athscríobh.

06 Aibreán 2010

Cú Chulainn?


Is cosúil go bhfuil Séadanta ar tí cú cosanta an cheardaí, Culann, a mharú lena dhá láimh (insint amháin) nó lena shliotar (insint eile -- ós rud é go mbíonn dhá insint ar chuile scéal i gcónaí) :

Mad íar n-arailiu, immurgu, is a líathróit ro lá-som inna béolu co rruc a inathar trít.

De réir leagan eile, áfach, is é a liathróid a chuir seisean ina bhéal gur rug sí a ionathar tríd.

Bhí Culann croíbhriste nuair a maraíodh a chú. Dúirt Séadanta go gcosnódh sé tailte an cheardaí go dtí go mbeadh coileán tógtha leis an bhfeidhm sin a dhéanamh. Agus is mar sin a fuair Séadanta a ainm nua, Cú Chulainn.

Ach... bhí Séadanta ina ghasúr nuair a rinne sé an méid seo uilig, idir sé agus ocht mbliana d'aois más fíor do na scéalta. Tá an Séadanta seo beagán níos sine agus níos téagartha a déarfainn!

(Ní rud nua é an fógra seo thuas, ach ní fhaca mé go dtí inniu é, a bhuí le ball den liosta Old-Irish-L.)