21 Márta 2010

cúram sláinte



Den chéad uair riamh, beidh cúram sláinte ar fáil do dhaoine bochta (agus do dhaoine dífhostaithe nach bhfuil beo bocht fós) sa tír seo ar bhonn rialta. Tháinig an dlí nua seo isteach anocht a bhuí le hObama agus a pháirtí. Níor chaith fiú is Republican amháin vóta ar son an dlí. Tá páirtí an doichill á dhéanamh féin neamhábhartha en masse.

Ceist: Cad é an difríocht idir Democrats agus Republicans?

seanfhocal ar chraiceann


Tá a fhios agaibh go bhfuil an-suim agam sna litreacha, ón Oghamchraobh anuas, a d'úsáidtí agus a úsáidtear le Gaeilge a scríobh. Tá a lán de na litreacha seo le fáil ar chraiceann ainmhithe (laonna go háirithe in Éirinn) sna lámhscríbhinní. Ach anois tá siad le feiceáil ar chraiceann beo chomh maith. Is ró-mhinic a dhéantar praiseach de thatú i nGaeilge nó in Ogham, ach tá eisceachtaí áille ann freisin. Is maith liom an ceann nua seo atá le feiceáil ar cholpa Karen atá ina cónaí san Astráil.



An té ná fuil léim aige, cuimlíodh sé a thóin den gclaí.

Mínítear an seanfhocal seo anseo.


Go maire tú é, Karen!

Is leor pictiúr amháin (nó trí) ...





20 Márta 2010

stair na cruinne


NB: Is do Dhubhaltach go háirithe a chuir mé an bhlagmhír seo le chéile.

I dtús báire is in aon phointe amháin a bhí pobal uile na cruinne.


Seo iad .000000000023 soicind tar éis na hollphléisce.

(Níl mé cinnte, ach is féidir go bhfuair siad an bosca teileafóin ó Dr. Who.)

Mar a dúirt Sean-Qfwfq sa ghearrscéal “Tutto in un punto” le Italo Calvino in Cosmicomiche:

Si capisce che si stava tutti lí, -fece il vecchio Qfwfq,- e dove, altrimenti? Che ci potesse essere lo spazio, nessuno ancora lo sapeva. E il tempo, idem: cosa volete che ce ne facessimo, del tempo, stando lí pigiati come acciughe?

“Bhíomar uilig ansin, ar ndóigh,” a dúirt Sean-Qfwfq. “Cén áit eile a bheimis? Ní raibh a fhios ag aon duine go bhféadfadh spás a bheith ann. Nó am ach oiread. Cad a dhéanfaimis le ham, brúite le chéile ansin ar nós sairdíní?”

Nóta stairiúil: Seo an Ghàidhlig a chuir mé air. Nocht an t-aistriúchán a rinne mé, “Uile ann an Aon Phuing,” in Gairm: An Ràitheachan Gàidhlig in uimhir 119 (Samhradh 1982):

Gu nàdurrach, bha sinn uile ann an siud -- arsa Seann Qfwfq -- càit eile am bitheamaid? Cha robh fhios aig duine fhathast gum b'urrainn farsaingeacht a bhith ann. No tìm na bu mhotha: dè am feum a bh'againn air tìm, agus sinne dinnte ann an siud mar shàrdainean.

19 Márta 2010

Pádraig agus Liber


Liber le cantharus (cuach fíona) agus a pheata pantar taobh leis

Le linn dom an bheathaisnéis Cicero: The Life and Times of Rome's Greatest Politician le Anthony Everitt a léamh inné, d'fhoghlaim mé go mbíodh féile eile ar 17 Márta fadó, an Liberalia. Dia na torthúlachta agus na síolta ab ea Liber, agus uaireanta ba bheag an difear idir eisean agus Bacchus, dia an fhíona. Bhíodh paráid ar an lá sin ag na Rómhánaigh. In áit na mbannaí ceoil agus na rinceoirí céime, áfach, séard a bhíodh i gceartlár an mhórshiúil ná fallas ollmhór!

Imbolc: Inspioráid na Bliana



Suíomh ar fiú súil a thabhairt air: Imbolc.

18 Márta 2010

an daonáireamh


Tháinig an tuairisceán daonáirimh sa phost arú inné. Tagann sé gach deich mbliana. Tá an tuairisceán a fuair muid i mBéarla, ach tá sé ar fáil ins na céadta teanga eile. Bhuel, níor chomhair mé iad. A lán lán teangacha. I nDinka. I Chuukese. In Ilocano. Ní i nGaeilge, ar ndóigh (toisc go bhfuil chuile mhac máthar agus iníon athar againn dátheangach).

An aithníonn tú an teanga ar an tuairisceán seo thíos?

Aithníonn, a deir tú. Maith thú! Anois, an bhfuil a fhios agat cén fáth a bhfuil an teanga seo difriúil leis na teangacha eile atá ar fáil ar an tuairisceán céanna?

Cliceáil leis an íomhá a mhéadú.