12 Márta 2010

“In the Land of Invented Languages”



Fuair mé cóip nua den leabhar seo ar leathphraghas an tseachtain seo caite. Sciob mé liom é. Léamh luath taitneamhach a bhí ann. Tá Okrent an-eolach ar chúrsaí teangan. Níos fearr fós, rinne sí taighde pearsanta i measc na nEsperantóirí, na Lojbanóirí, na Klingonóirí agus eile. Chuir sí dua uirthi féin cuid mhaith de na trí theanga seo a fhoghlaim, mar sin tá dearcadh ón taobh istigh aici ar na créatúir seo. Is léir go bhfuil meas aici orthu agus ar lucht a n-ionramhála, bíodh is gur greannmhar go minic a cur síos orthu. Tá scéal na dteangacha saorga, ó Hildegard von Bingen go dtí an Athbheochan, agus ón naoú haois déag go dtí an lá atá inniu ann, ar fáil anseo, á chur i gcomhthéacs stair na hEorpa: stair na heolaíochta, na polaitíochta, agus na healaíne.

Is cosúil go mbeidh an leabhar ar fáil i gclúdach bog go luath, más fíor do amazon.co.uk.

11 Márta 2010

iPhone app



Níl sé agam. Níl fón póca agam, gan trácht ar iPhone. Ach rith sé liom go mbeadh sé seo an-deas mar bhronntanas, ar ócáid Lá 'le Pádraig, do dhuine atá ag iarraidh Gaeilge a fhoghlaim. Is cosúil go mbeidh sé ar fáil saor in aisce, i SAM ar aon nós, go dtí deireadh 17 Márta ón siopa iTunes.


10 Márta 2010

An rud a chonaic mé...


... tráthnóna inniu agus mé ag siúl abhaile. Bhí siad ag guairdeall go maorga os cionn na comharsanachta.


Fuair mé na hiolair mhaola seo ar an idirlíon, ach is é seo go díreach an pictiúr an chonaic mé.

paidir don scríobhaí


D'iarr Dubhaltach orm Nua-Ghaeilge a chur ar an rann seo, a d'fhág scríobhaí anaithnid i lámhscríbhinn atá sa Bhruiséil anois. Míniú idirlíneach atá sa mhéid seo a leanas seachas aistriúchán ceart.

For cubhas caich léghfas leir
Ar choinsias gach duine a léifidh go cúramach

ocus fegfas senadh sir,
agus a fhéachfaidh sean-nath (= dán, etc.) síor

tabradh bennachtain in Uain
tugadh sé beannacht an Uain

for anmain an truaigh roscrib.
ar anam an truáin a scríobh.

Agus seo impí eile den chineál céanna ón Leabhar Breac:


Eogan og & tabuir bennacht do rath
m'anama, a duine trocairigh eigin

09 Márta 2010

“Mise Miach”


Summer Arm (2007) Robert and Shana ParkeHarrison

Mise Miach

Mise Miach,
mac an athar
a mharaigh mé agus
a mhill an cnuasach
a rinne Airmheadh.

Tá beatha agus sláinte
i ngach ball
de mo chorp,
scaipthe anois,
ag fás ar fud
gleannta is sléibhte.

Is méanar don té
a chuirfeas in ord
is in eagar mé.

Scríobh mé an dán seo ± deich mbliana ó shin.

aistriúcháin le Google



Tá alt sách suimiúil sa New York Times inniu ar Google translate anseo.

Agus tá samplaí de na haistriúcháin a dhéantar leis anseo. Déanann sé jab maith ag aistriú Fraincise go Béarla, de réir dealraimh. Ní éiríonn leis chomh maith sin le Rúisis is Araibis. Rinne mé triail anois díreach le cúpla abairt a scríobh mé féin ar maidin sa bhlagmhír roimhe seo:

Ach tá an miotas céanna le feiceáil sna scéalta seo uilig: cruthú nua as baill chorpartha an fhir a híobraíodh. Ní cruthú na cruinne iomláine atá i gceist sa scéal Éireannach, ar ndóigh, toisc go raibh scéal eile i réim ó theacht na Críostaíochta i leith. Séard atá againn i scéal Mhiach ná leagan caolaithe den seanscéal, macalla de.

Seo é an t-aistriúchán a fuair mé ón suíomh:

But the same miotas seen in all these stories: the creation of new members from the men who híobraíodh physical. Not causing the whole world involved in the story of Ireland, of course, because that was another story in the scope of the coming of Christianity in particular. What we have in Mhiach story is diluted version of seanscéal, echo de.

Hmmm.

Miach: macalla mhiotas an chruthaithe?


पुरुष

Bhí Puruṣa, nó Purusha, an Fear Cosmach, beo sa mhiotas Véadach. Mharaigh na déithe é agus rinne siad an chruinne as baill a choirp: an ghrian as a dhá shúil, an t-aer as a anáil, agus mar sin de.

Bhí Pangu beo sa tSín. Scar sé an spéir ón talamh. Faoi dheireadh fuair sé bás. D'fhás an ghrian as a shúil chlé agus an ghealach as a shúil dheas, an ghaoth as a anáil, agus mar sin de.

Bhí Ymir beo i nGinnungagap, Anord príomhordúil na miostaseolaíochta Lochlannaí. Saolaíodh Odin agus a bheirt deartháireacha (sin scéal eile!) agus mharaigh siad Ymir. Chruthaigh siad Midgard, an talamh s'againne, as a chorp: na sléibhte as a chuid cnámh, na locha as a fhuil, agus mar sin de.

Fir ollmhóra a bhí sa triúr seo, fathaigh, murab ionannn agus Miach. Cruthaíodh an domhan uile as a gcorp. Cruthaíodh na luibheanna íce as corp Mhiach, sin an méid. Ach tá an miotas céanna le feiceáil sna scéalta seo uilig: cruthú nua as baill chorpartha an fhir a híobraíodh. Ní cruthú na cruinne iomláine atá i gceist sa scéal Éireannach, ar ndóigh, toisc go raibh scéal eile i réim ó theacht na Críostaíochta i leith. Séard atá againn i scéal Mhiach ná leagan caolaithe den seanscéal, macalla de.