05 Feabhra 2010

tréanna nua


Na trí fhocal is scanrúla in Éirinn:

Anglo Irish Bank



Na trí fhocal is meisciúla i Meiriceá i Mí an Mhárta:

Erin Go Bragh!



Na trí fhocal is _____ i nGaeilge:

Tiocfaidh ár lá.

Admhaím gur lag-iarracht é seo. D'fhág mé bearna sa tríú ceann le deis a thabhairt daoibhse ar feabhas a chur air.

Dóiteoir na Samhna



Rinne Darach Ó Scolaí an-jab leis an téacs in Feis Tigh Chonáin, agus leis an téacs agus na léaráidí araon in An Ceithearnach Caolriabhach. Feicim go bhfuil an leabhar nua seo leis ar fáil anois. Tá ceist nó dhó agam oraibh, má bhíonn deis agaibh súil a thabhairt air i siopa leabhar: an bhfuil a lán léaráidí ann? Agus an do pháistí nó do dhaoine fásta an insint seo?

Dála an scéil, an ceann tuí atá air in áit ceann gruaige?

03 Feabhra 2010

páipéar leithris?



Seo sliocht as an scéal Orgguin Trí Mac Diarmata Mic Cerbaill, a cumadh nuair nach raibh páipéar leithris ar fáil fós. Ná nuachtáin ach oiread!

Luid dano Diarmait amach oenar do dhul for aínsuide cen fis do neoch, co comarnaicc fri Moelodrán i nddorus ind tighi.

Ansin chuaigh Diarmaid amach ina aonar le dul ‘ag suí leis féin’ gan fios d'éinne, agus bhuail sé le Maol Odhrán i ndoras an tí.

“Toboing dlaí lat dam,” ar Diarmait.

“Stoith dlaoi dom,” arsa Diarmaid.

“Tó immorro,” ar Moelodrán.

“Ceart go leor,” arsa Maol Odhrán.

Do·beir teora dlaii doo: dloí di urnenaigh 7 dlaí do fomthonn 7 dlaí do athrathai luaid.

Tugann sé trí dhlaoi dó: dlaoi neantóga úra agus dlaoi fheochadáin agus dlaoi [ ?* ].

“Ac so at láim mo cloigem [leg. claideb],” ar Diarmoit.

“Gabh mo chlaíomh id láimh,” arsa Diarmaid.

Ro ngab Maelodrán.

Ghabh Maol Odhrán é.

“Fé frit, a gilla,” ar Diarmait, “rom goin dlaí, rom loisc dlaí, rom tesc dlaí. Amai, a gilla, cia h'ainm[-siu]?”

“Damnú ort, a ghiolla,” arsa Diarmaid, “ghoin dlaoi mé, loisc dlaoi mé, ghearr dlaoi mé. Faraor, a ghiolla, cén t-ainm atá ort?”

* Is léir ón gcomhthéacs gur planda atá in “athrathai luaid”, ach níl a fhios againn cén ceann.


“Gabhar Bán”



Seo meaisín nua ón tSeapáin a dhéanann rolla leithris as páipéar oifige, go huathoibríoch. Tógann sé 40 bileog de pháipéar A4 le rolla amháin a dhéanamh. White Goat an t-ainm atá air. Cuirtear an páipéar isteach sa stiallaire, ar cuid den Ghabhar Bán é, agus tagann rolla leithris amach i gceann 30 nóiméad! Stáplaí agus fáiscíní? Fadhb ar bith! Scagann an Gabhar Bán iad as an laíon a dhéanann sé ina “bholg”, le nach ngoinfear do thóin.

Cuireann sé seo scéal i Sean-Ghaeilge i gcuimhne dom. (ar leanúint)

01 Feabhra 2010

Srian a chur le do theanga?


Is d'Áine atá an píosa seo (le Edward Gorey, ar ndóigh) tiomnaithe. Bhí sí ag caint ar an riachtanas le stuamacht (féin-chinsireacht?) i gcúrsaí blagadóireachta:

Fiú más fánach smaointe an scríbhneora, ní dochar iad a roinnt, cheapfainn, ach a bheith cúramach faoin méid a roinntear...

31 Eanáir 2010

Bríd



Brighit banfile

Brigit .i. banfile ingen in Dagdae.
Isi insin Brigit be n-exe .i. bandea no adratis filid.
Ar ba romor 7 ba roán a frithgnam.
Ideo eum deam uocant poetarum.
Cuius sorores erant Brigit be legis
7 Brigit be goibne, ingena in Dagda,
de quarum nominibus pene omnes Hibernenses
dea Brigit uocabatur.

Bríd, .i. banfhile, iníon an Daghdha.
Is ise Bríd bean éigse, .i. bandia a d'adhair na filí.
Óir ba ró-mhór agus ró-án an t-ómós a tugadh di.
Is dá bhrí sin a thugann na filí bandia uirthi.
Ba iad a deirfiúracha Bríd an bhean leighis
agus Bríd bean na gaibhneachta, iníonacha an Daghdha.
Is óna n-ainm a thugann beagnach gach uile Éireannach
Bríd ar bhandia ar bith.

Sanas Cormaic 150, curtha in eagar ag Kuno Meyer.
Meascan de Shean-Ghaeilge agus Laidin atá ann.


30 Eanáir 2010

the hot spot



Comhairle a fuair mé ó mo mháthair nuair a bhí mé ag teacht aníos ná creideamh agus polaitíocht a sheachaint mar ábhar cainte agus mé ag déanamh comhluadair le daoine. Ach bhí an aimsir sábháilte i gcónaí. Bhí comráidí agam a deireadh “Large weather we're having!” go minic le mearbhall a chur ar dhaoine agus le ceap magaidh a dhéanamh den dea-chomhairle sin.

Tá a fhios againn nach bhfuil an aimsir, nó an aeráid ar aon nós, chomh hanodyne sin a thuilleadh. Pé scéal é, de réir Chliff Mass, guru na haimsire sna bólaí seo, beidh sé seo ar an Eanáir is teo dá raibh againn riamh i Seattle, le meánteocht de 47° F. Tá sé seo níos teo ná mar a bhíonn sé i Mí an Mhárta de ghnáth. Ag smaoineamh ar an ngairdín atá mé cheana féin!