tag:blogger.com,1999:blog-7043693717184698663.post1942113820725705838..comments2024-03-17T19:17:27.086-07:00Comments on Nótaí Imill: Muck Olla, nó...Dennis Kinghttp://www.blogger.com/profile/16257272622416604133noreply@blogger.comBlogger7125tag:blogger.com,1999:blog-7043693717184698663.post-67043510553721145572010-10-28T17:59:36.744-07:002010-10-28T17:59:36.744-07:00An-suimiúil, a Axel!
Maidir leis an Eierlegende W...An-suimiúil, a Axel!

Maidir leis an Eierlegende Wollmilchsau, tá scéalta in Éirinn faoi mhuca a mharaítear, a bhruitear, a itear, agus atá slán an lá dár gcionn. Níl a fhios agam, áfach, an raibh ainm ar aon cheann acu.

Rud eile atá i miotaseolaícht na nGael ná “Coire an Daghda,” coire síorlán a mbíodh flúirse bia ann i gcónaí. “Ní tégedh dám dimdach úadh,” mar a deirtear in Cath Maighe Tuireadh: “ní rachadh dámh diomúch uaidh.”Dennis Kinghttps://www.blogger.com/profile/16257272622416604133noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-7043693717184698663.post-39679828590785987842010-10-28T10:25:56.899-07:002010-10-28T10:25:56.899-07:00“Eierlegende Wollmilchsau” a chuala mé féin i gcón...“Eierlegende Wollmilchsau” a chuala mé féin i gcónaí.

Ach cuireann an Láir Bhán sin tótam na Sacsanaigh i gcuimhne dhom – Hengist agus Horsa agus mar aon leo siúd bratach na Sacsaine Íochtaraí (féach http://ga.wikipedia.org/wiki/An_tSacsain_Íochtarach).

Sa Fhrioslainn ó Thuaidh dóitear fear bréige déanta as tuí an oíche roimh an 21 Feabhra (Oíche Fhéile Peadair), agus 's é "Peadar" an t-ainm a cuirtear ar an bhfear freisin. (Tá siad le feiceáil anseo: http://www.youtube.com/watch?v=kLP89kLS6jY). B’fhéidir gur muc déanta as olann a bhí mar shórt tótaim ag na Gaeil san aimsir annallód. Mura bhfuil dul amú orm bhíodh na Ceiltigh an-tógtha do na muca…Anonymousnoreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-7043693717184698663.post-14746449066081508522010-10-28T08:38:15.951-07:002010-10-28T08:38:15.951-07:00Níl ach dhá dhream ann anois a bhfuil suim acu ann...Níl ach dhá dhream ann anois a bhfuil suim acu ann:

1) Págánaigh Nua-aoiseach a deir gur (a) draoi mór; nó (b) dia na gréine a bhí ann.

2) Críostaithe bunchreidmheacha atá ar aon intinn leis na Págánaigh faoi seo agus a deir gur fianaise é seo gur féile frith-chríostaí atá inti. Deir siad freisin gurb ionann Samhain agus Dia na Marbh.Dennis Kinghttps://www.blogger.com/profile/16257272622416604133noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-7043693717184698663.post-58499784152497659032010-10-28T02:51:33.806-07:002010-10-28T02:51:33.806-07:00Monuar, seo mo chéad uair ag cloisteáil aon rud fa...Monuar, seo mo chéad uair ag cloisteáil aon rud faoi "Muc Olla".Dubhaltachhttps://www.blogger.com/profile/14936368194542405646noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-7043693717184698663.post-40834811380474628502010-10-27T09:14:03.668-07:002010-10-27T09:14:03.668-07:00Seo deilín as Albain, a chuir Iain Moireach ina gh...Seo deilín as Albain, a chuir Iain Moireach ina ghearrscéal “An Aghaidh Choimheach” (1973):

Ir a bhannan ir a bhó
Cur a-mach na bannagan
Ithidh sinn an t-aran gun an t-ìm
Ithidh sinn an t-ìm gun an t-aran
Ithidh sinn a' chàis leatha fhéin
Carson ar réisd a bhiodh sinn falamh
Chan eil am broinn na fàrdaich
Nach gabh sinne an dràsda bloigh dheth
Ach aon nì tha sinn ag àicheadh
Niùlagan bhuntàta carrach
Chan eil iad farasd an giùlain
Chan eil iad sunndach no fallain
Chumadh iad seachd tràth gun éiridh
An neach as treuna tha sa’ bhaile.

A bhean-an-taigh éirich suas
Geàrr cul càbaig ’s na geàrr bàrr d'òrdaig
Ach mar a toir thu rud dha na balaich
Théid do dhubhadh as a’ bhaile
’S théid do dhathadh as an teine
Mach gu Latha Brìde.

D'aistrigh Colm Ó Baoill an gearrscéal seo go Gaeilge mar “An Aghaidh Mhaide”.Dennis Kinghttps://www.blogger.com/profile/16257272622416604133noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-7043693717184698663.post-15461993468810593012010-10-27T08:27:01.640-07:002010-10-27T08:27:01.640-07:00eierlegendes Wollschwein
Agus tá sí bainniúil fr...eierlegendes Wollschwein

Agus tá sí bainniúil freisin, nach ea?

Ós ag caint ar ainmhithe finscéalacha atá muid, an bhfuil leagan Gaelach den ghé a bheireann na huibheacha órga ann?Dennis Kinghttps://www.blogger.com/profile/16257272622416604133noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-7043693717184698663.post-32082250848449118602010-10-27T02:11:26.791-07:002010-10-27T02:11:26.791-07:00Is léir nach bhfuilim sách archeological! Níor ch...Is léir nach bhfuilim sách archeological! Níor chuir an cuntas seo agus na hainmneacha atá luaite ann tada i gcuimhne domsa - ach amháin gur mheabhraigh an Muck Olla beithíoch eile dom, mar atá an "eierlegendes Wollschwein" a bhíonns polaiteoirí na dtíortha Gearmáinise á shíorgheallúint do lucht vótála ach tacú scathamh eile leo. Ach is dóichí liom do shanasaíochtsa.Abigailnoreply@blogger.com