25 Feabhra 2016

Eachtraí Eilíse i dTír na nIontas

Eachtraí Eilíse i dTír na nIontas



An bunleagan le Lewis Carroll, agus dhá aistriúchán Gaeilge curtha i gcomórtas le chéile. Tá an chéad cheann le Nicholas Williams agus an dara ceann le Pádraig Ó Cadhla. Evertype Publishing a chuir an dá leagan i gcló.  Tá siad ar fáil ó Amazon.com, i measc áiteanna eile.

“In that direction,” the Cat said, waving its right paw around, “lives a Hatter: and in that direction,” waving the other paw, “lives a March Hare. Visit either you like: they’re both mad.”

“An bealach sin,” a dúirt an Cat agus é ag bagairt a lapa dheis, “tá cónaí ar Haitéir: agus an bealach sin,” agus é ag bagairt an lapa eile, “tá cónaí ar Ghiorria Márta. Tabhair cuairt ar cibé duine acu is mian leat: tá siad as a meabhair beirt.”


Cónaíonn an Haitéir ansin,” arsa an Cat, ag ardú lapa leis, “agus Giorria Márta siar ansin,” ag ardú an lapa eile leis. “Téigh ag féachaint éinne acu is maith leat: tá siad araon as a meabhair.”

“But I don’t want to go among mad people,” Alice remarked.

“Ach nílim ag iarraidh dul i measc daoine atá as a meabhair,” a dúirt Eilís.

“Ach ní maith liom a bheith i measc daoine a bhíonn as a meabhair,” arsa Eibhlís.

“Oh, you can’t help that,” said the Cat: “we’re all mad here. I’m mad. You’re mad.”

“Níl leigheas agat air sin, arú,” a dúirt an Cat. “Táimid go léir as ár meabhair anseo. Tá mise as mo mheabhair. Tá tusa as do mheabhair.”

“Ó, níl leigheas agat air sin,” arsa an Cat, “tá gach éinne as a mheabhair anseo. Táimse as mo mheabhair. Tá tusa as do mheabhair.”

“How do you know I’m mad?” said Alice.

“Conas atá a fhios agat go bhfuil mise as mo mheabhair?” a d’fhiafraigh Eilís.

“Conas tá a fhios agat go bhfuilimse as mo mheabhair?” arsa Eibhlís.

“You must be,” said the Cat, “or you wouldn't have come here.”

“Caithfidh go bhfuil tú as do mheabhair,” a dúirt an Cat, “nó ní thiocfá anseo sa chéad áit.”

“Tá tú gan dabht,” arsa an Cat, “agus murach go bhfuil tú ní anseo a bheifeá.”

13 Feabhra 2016

bandacht

Tá cúnamh ag teastáil uaim leis an ortha seo!

Tá ortha ag bun an leathanaigh 129v sa LS 72.1.2 in Leabharlann Náisiúnta na hAlba. Deir an cuntas catalóige gurb é atá ann ná "charm to protect the vulva, beg. Bir Bran ar leor meor."

Tá an chéad chuid dá bhfuil scríofa sách éasca a léamh:

bir * bran * ar * leor * meor* Scríb so an slait caotrainn 7 cuir fo cosib mna 7 ni fathar banndacht …

Níl mé cinnte ach is dóigh liom gur leagan malartach de "faightear" is ea "fathar".

Ach maidir leis an gcuid eile de, ní féidir liom bun nó barr a dhéanamh de:

ortha grá



Seo ortha grá ón lámhscríbhinn 72.1.2, f. 33r i Leabharlann Náisiúnta na hAlba. 

Mo thras-scríobh: 


Ataid annso 4 litreacha agus gibe scribhus an slait iad agus in be
an do bualadh di agus carfaidh si thu .i. ioch. ceh. heo. non

Is cosúil nach bhfuil le déanamh agat ach na litreacha ioch ceh heo non a scríobhadh ar shlat agus bean a bhualadh léi agus tabharfaidh sí grá duit!  Maidir leis na litreacha, tá mé dall orthu.  An féidir gur litreacha oghaim atá i gceist?


02 Feabhra 2016