27 Feabhra 2014

Pádraig Nuachlasaiceach



Na fíricí ar dtús. Alexander Stoddart a rinne an fríos seo, atá le feiceáil sa halla iontrála sa Queen's Gallery i Londain.

Aithnítear Pádraig ar a bhachall agus ar na nathracha atá á ndíbirt aige, cé go bhfuil cuma an tsean-Ghréagaigh air. Socrates? Maidir leis an mbeirt eile, is cosúil gurb é An Págán, nó an phágántacht, atá san fhear lomnocht leis an tóirse agus an ghruaig fhada atá ag imeacht ar dheis. Tá craobh olóige i lámh na bé, mar sin is dócha go seasann sise do Athena, .i. gaois, dlí, na dánta, etc. etc.: sibhialtacht in aon fhocal amháin.


21 Feabhra 2014

Roghnaigh pasfhocal


Roghnaigh pasfhocal:



TÁBHACHTACH!
Ba chóir go mbeidh 6 charachtar i do phasfhocal, litir mhór amháin, an dá uimhir dheireanacha de dháta lá breithe Bhanríon Shasana, anagram den bhriathar déblatérer sa dara pearsa iolra den fhoshuiteach caite, 250g plúr, gloine mhór uisce, agus gráinnín salainn.

17 Feabhra 2014

zombaithe


Is dócha go mbeadh duine nó dhó amuigh ansin a bhfuil scileanna acu nach bhfuil agamsa “ealaín bhalla” a dhéanamh as na híomhánna seo.  Fuair mé gan dua iad ar an idirlíon, a bhuí le Íomhánnan Google. Tá mé cinnte go bhfuil rogha níos mó ann ach iad a chuardach. Séard atá ar intinn agam ná iad seo a úsáid in éindí le mana ar nós:


An Teanga Mharbh a Bhfuil Siúl na gCos Aici

Fainic na Daoine a Labhraíonn Teanga Mharbh!

Céard Atá Uathu? D'Inchinn!

March na Marbh







16 Feabhra 2014

féinmhagadh & scigaithris


Tá téis agam. Uaireanta tig le mionlach bá an phobail a chothú trí scigaithris agus féinmhagadh. Is mithid dúinn triail a bhaint as. Mar shampla agus mar thosú:

Deirtear go bhfuil ár dteanga marbh. Óicé.


Is teanga mharbh í a bhfuil siúl na gcos aici fós. Fainic! Tá na Gaeilgeoirí ag teacht!


Deirtear nach bhfuil ach scata beag againn ann. Óicé.


Níl ach ceathrar déag againn ann dáiríre.
Is faoi rún a rialaíonn muid
an domhann go léir!


14 Feabhra 2014

Lá San Vailintín 2014


Tá an rós dearg. 
Tá an sailchuach sailchuachach. 
Tá seacláid go deas 
ach tá Cadbury beagluachach.

Tig libh níos fearr a dhéanamh, a fheara!


12 Feabhra 2014

Bás, bás, bás, bás.


D'iarr an toicí seo ar Shengai rud éigin a scríobh le haghaidh rath a chlainne, rud éigin a bheadh mar sheoid acu ó ghlúin go glúin.

Fuair Sengai leathanach mór páipéir agus scríobh:



Faigheann an seanathair bás, 
faigheann an t-athair bás, 
faigheann an mac bás, 
faigheann an garmhac bás.

Tháinig fearg ar an toicí. “D'iarr mé ort rud éigin a scríobh le haghaidh shonas mo chlainne! Cad é an scigireacht seo?”

“Ní scigireacht atá ar intinn agam,” a mhínigh Sengai. “Dá bhfaighfeadh do mhac bás roimh do bhás féin, bheadh an-bhrón ort. Bheadh an bheirt agaibh croíbhriste dá n-éagfadh do gharmhac romhaibh. Má fhaigheann do chlann bás san ord a scríobh mé, glúin i ndiaidh glúine, in am agus i dtráth, beidh fíor-rath oraibh.

Manach Seapánach Zen a bhí i Sengai (1750-1837). Tá insintí éagsúla ar an scéilín seo.