14 Nollaig 2012

papadzules


Post amháin eile ar bhia na Maya roimh an Lá Mór (21 Nollaig)!


Na comhábhair: pepitas (síolta puimcín), epazote (luibh), uibheacha cruabhruite, trátaí, chile, salann, ola, oinniún (an t-aon rud san oideas seo nach bhfuil réamh-Cholambach) agus tortillas de maiz.


na papadzules críochnaithe


ar an mbord le sailéad

07 Nollaig 2012

atole



Tá 21 Nollaig ag teannadh linn: grianstad an gheimhridh agus an Mayan Apocalypse! Beidh cairde chun dinnéir chugainn an oíche sin agus tá sé ar intinn agam deoch echt-Maya a thabhairt dóibh. 

Tá trí comhábhar le feiceáil sa ghrianghraf thuas: masa harina, cainéal, agus piloncillo. Mhínigh mé masa i mblagmhír eile cúpla lá ó shin. Séard atá i bpiloncillo ná siúcra donn. Tá masa harina ar fáil in Éirinn ó My Mexican Shop. Déantar é as grán indiach bán de ghnáth, ach tá masa buí ar fáil freisin anseo ó Maseca (masa = taos + seca = tirim), comhlacht i dTexas.

An modh:  Cuir píosa cainéal agus coirceog piloncillo in uisce fiuchta, i sáspan nó sa mhicreathonn. Fiuch go mbeidh an siúcra leáite. Tóg amach an cainéal. Cuir cúpla spúnóg masa harina ann agus measc go maith é le greadtóir (whisk). Lean ort á théamh is á shuaitheadh go ceann cúpla nóiméad, go mbeidh an t-atole ramhar, ach tanaí go leor le hól. Sin é! Más mian leat, is féidir bainne nó uachtar a meascadh tríd freisin.

Ní raibh piloncillo ná cainéal ag na Maya roimh theacht na Spáinneach, ach bhí mil agus ilspíosra (Pimenta dioica) acu. Más deoch fíor-réamh-Cholambach atá uait, tig leat mil agus ilspíosra a úsáid. Tá blas an-deas orthu freisin. Bhí seacláid ag na Maya freisin, ar ndóigh. Má chuireann seacláid san atole, champurrado a bheas agat. Ach le fírinne, is fearr liom mo chuid atole i muga amháin agus mo chuid seacláide i muga eile.

05 Nollaig 2012

luibh agus leigheas




Níl luibh ná leigheas in aghaidh an bháis, ach idir an dá linn tá luibeanna agus torthaí ann in aghaidh an tslaghdáin. Deirtear gur chóir a lán deochanna teo a ól má tá slaghdán ort. Bhain mé triail as scailtín fíona aréir. Cé go raibh suaimhneas le fáil ann, tá rud éigin níos éifeachtaí fós faighte agam. Tá sé sa ghloine thuas: uisce te, tae Lemon Zinger™, agus slisíní mango triomaithe.


Níl aon rud sa mhango seo ach mango. Tá na slisíní an-tirim agus beagán righin. Ach tá siad milis agus tar éis dóibh cúpla nóiméad a chaitheamh ar maos sa tae bogann siad go deas. Tá an tae beagán géarbhlasta agus téann milse an mhango go maith leis.

Tá mo scornach níos fearr cheana féin!

03 Nollaig 2012

niocstamalú agus peallagra


maíz nixtamalizado
grán indiach niocstamalaithe
hominy

Má itheann daoine grán indiach mar a bpríomhbhia gan é a niocstamalú, tagann peallagra orthu go minic dá dheasca. Bíonn gríos coirp, mearbhall, laige, is siomptóim eile ar an té a bhfuil an galar seo air.  Mar shampla:


Tá an sampla seo sách gránna, ach tá pictiúir de atá i bhfad níos measa ar an idirlíon.

Bhíodh peallagra an-choitianta i measc daoine bochta i Mississippi, Alabama, agus Tuaisceart na hIodála tráth den saol, áiteanna a raibh pobail ann a d'ith a lán grán indiach, mar chorn bread agus polenta, gan mórán eile leis mar anlann. Cheap eolaithe go raibh ceangail idir an grán indiach agus an galar ar feadh i bhfad, ach níor thuig siad cén fáth nach raibh peallagra le fáil i measc na gcampesinos i Meicsiceo ar chor ar bith.  Níor thuig siad go beacht céard ba chúis le peallagra go dtí an bhliain 1937:  easpa niaicine i mbia na ndaoine seo.

Tá cuid mhaith niaicine i ngrán indiach, ach tá sé ceangailte. Níl sé ar fáil don chorp. Tá sé réasúnta simplí an niaicin seo a scaoileadh, áfach, cleas a d'fhoghlaim na hIndiaigh i bhfad ó shin. Níl le déanamh ach an grán a bhruith in uisce a bhfuil alcaile ann, agus é a choinneáil ar maos san uisce thar oíche. Baintear úsáid as cal (aol beo / hiodrocsaíd cailciam) de ghnáth i Meicsiceo anois, agus as luaithreach i measc Indiach Mheiriceá.  Tá an grán i bhfad níos boige ar maidin. Tá sé éasca a mheilt ansin, agus tá niaicin shaor ann, chomh maith le cailciam.  Seo bean ag meilt maíz nixtamalizado le metate chun masa (taos) a dhéanamh: 

le Diego Rivera

Maidir leis na focail seo, tagann niocstamalú ó dhá fhocal Nahuatl, nextli (= luaithreach) agus tamalli (= taos, tamale).  Agus tháinig peallagra ó dhá fhocal Iodáilise, pelle (= craiceann) agus agra (= searbh).