27 Meán Fómhair 2012

cros na cianóige



Is fada, go bhfios domsa, ó bhí cros ar bhonn in Éirinn. Cé chomh fada? Níl mé cinnte, ach bualadh an bonn thuas i bPort Láirge nuair a bhí Edward I i réim, ca. 1280-1282.  Ní cianóg atá ann ach pingin airgid, bonn a bhí sách luachmhar ag an am.

An bhfuil éinne ann fós a déarfadh “Ní fiú cros na cianóige é?” Níl a fhios agam, ach tá an nath seo le fáil in FGB. Is ionann “cianóg” agus bonn beag ar bheagán luach, nó “seanphíosa airigid gan tairbhe,” dar le An Foclóir Beag.

Más amhlaidh nach raibh bonn ann a raibh cros air le fada an lá in Éirinn -- leis na cianta cairbreacha? -- nach iontach an rud é go bhfuil an nath seo, “cros na cianóige,” ann fós? Iontach, ach tá samplaí eile dá leithéid ann. Maireann nathanna sioctha sách minic i dteangacha. Is dócha go dtuigeann a lán daoine gur “ar meisce” an chiall atá le “three sheets to the wind.”  Ach cé mhéad acu a bheadh in ann an íomhá atá taobh thiar den nath seo a mhíniú i gceart?

26 Meán Fómhair 2012

beagmhaitheas




Ní fiú _____ é.

Líon an bhearna. Tá siad seo traidisiúnta:

tráithnín
sifín
seamaide
seamsóg
sileog
pingin
cianóg
cianóg rua
cros na cianóige
cac an diabhail
bogán spideoige
seile cuaiche
smuga cait
trumpa gan teanga
deich triuch
deoch d'uisce na n-ubh
uisce na bhfataí


Chum mé féin iad seo:

coiscín caite
leathchúpla stócaí
gealltanas polaiteora

25 Meán Fómhair 2012

an dealg neasfháinneach


Scríobh mé an tseachtain seo caite faoin síobhal bhíodh in úsáid ag na Gaill (agus ag na Rómhánaigh agus ag pobail eile) le brait a cheangal dhá mhíle bliain ó shin. Ní raibh an biorán dúnta seo coitianta in Éirinn, áfach. Bhain na hÉireannaigh feidhm as cineál eile bioráin, biorán ara dtugtar “dealg neasfháinneach” nó “penannular brooch”. 



Tá cruth an-simplí agus an-éifeachtach ar an dealg seo. An t-aon mhíbhuntáiste atá léithi ná go ngobann rinn an bhioráin amach thar imeall an fháinne, rud atá beagáinín contúirteach. Ar an láimh eile, is féidir an fáinne a dhéanamh thar a bheith ornáideach, rud a thaitin go mór leis na Gaeil. Bhí an-mheas orthu ar a gcuid dealga, agus is minic a bhí siad seo an-chostasach. Dúirt file anaithnid an méid seo faoina dhealg féin:


Nom·geib ferg
fri cach n-indmas acht mo delg:
mo delg cia théis triam' dernainn,
ferg fri suide ní dernaim.

Tagann fearg orm
le gach ionnús* ach mo dhealg:
mo dhealg, cé go rachfá trím dhearna,
fearg leis sin ní dhéanfainn.

*seoid

Déantar dealga neasfháinneacha fós, agus tá an chuid is fearr acu an-daor fós, $925 ar an gceann seo de  réir an tsuímh:


16 Meán Fómhair 2012

Tá an Eilvéis go hálainn!


Cliceáil, le do thoil!

Radharc ar Ghleann Lauterbrunnen

Tá mé i mo sheasamh ar an staighre lasmuigh de na Trümmelbachfälle, ceann de hiontais nádúrtha is cumhachtaí dá bhfaca mé riamh. Séard atá ann ná deich n-eas, ceann i ndiaidh a chéile, istigh sa sliabh! Ní bheadh siad le feiceáil ar chor ar bith murach na tolláin a gearradh sa chloch agus na soilse a cuireadh ann i rith an chéid seo caite. 


Tá sé beagnach dodhéanta áille fhiáin na n-easanna seo a chuimsiú i ngriangrafanna. Tá a lán lán uisce ann agus é ag tuitim ar lánluas trí dhuibheagáin a ghrean sé trí chloch an tsléibhe. An fhuaim. Na soilse. An t-uisce san aer. Bhabha! 

15 Meán Fómhair 2012

samhail



Chomh gioblach le préachán i Meán Fómhair.

Bíonn cuma thar a bheith neamhshlachtmhar ar na préacháin sna bólaí ag an am seo bliana i gcónaí. Tosaíonn siad ag foladh i Mí Iúil agus is iontach chomh giobach / gioblach a bhíonn siad faoin am seo. Beidh siad go breá snasta slíoctha arís sula i bhfad, ar ndóigh, ach anois.... Chum mé an tsamhail thuas ina n-onóir, na créatúir.

síobhal


Ní bhfaighidh tú an focal “síobhal” in FGB, ach tá sé ag Focal.ie leis an gciall “fibula”. Níor chum siad an é. Thóg siad as foclóir na Sean-Ghaeilge. Tháinig an focal ársa “síbal” isteach sa teanga go han-luath, ón Laidin “fībula”.


Cheannaigh mé an mhacasamhail seo thuas sa Bhurgúin cúpla seachtain ó shin ón siopa ag an Musée de la Civilisation Celtique atá suite mar a mbíodh oppidum mór de chuid na nAedui thart faoi am Julius Caesar. Tá an iarsmalannn seo go hálainn agus b'fhiú cuairt a thabhairt uirthi má tá suim agat i rudaí mar seo.


So, céard is síobhal ann? Biorán dúnta (safety pin, épingle de nourrice) atá sna cinn seo.  Fibule filiforme a thugtar air i bhFraincis. Níl mé cinnte den leagan Béarla. Is as píosa amháin cré-umha, ón rinn go dtí an greamán, atá na cinn ársa seo déanta. Sílim gurb álainn ar fad an pósadh atá againn anseo idir chruth is feidhm.


D'fhiafraigh Aonghus díom le déanaí conas a tharla sé go ndearnadh ‘s’ de ‘f’ nuair a fuair na Sean-Ghaeil an focal “fībula” ar iasacht.  Tá cúpla focal eile mar seo againn: “srian” a tháinig ó “frenum" agus "sorn" ó "furnus”. Tháinig siad seo isteach sa Ghaeilge go luath, nuair nach raibh ‘f’ sa teanga mar fhuaim dá chuid féin. Bhí /v/ nó /w/ sa Ghaeilge Ársa san áit a bhfuil /f/ againn inniu: *wera in áit “fear”, mar shampla. San am céanna, áfach, bhí fuaim sa Ghaeilge Ársa a bhí an-chosúil le /f/, ag feidhmiú mar shéimhiú na fuaime /sw/.  Mar shampla, *swiūr (“siúr” sa tSean-Ghaeilge), ach *mo fiūr (“mo fiúr” nó “mo phiúr” sa tSean-Ghaeilge; “mo phiuthar” fós i nGaeilge na hAlban). Nuair a chuala na Sean-Ghaeil “fībula”, shíl siad, de réir dealraimh, gurbh é an leagan séimhithe den fhocal *swībula a bhí ann. Tháinig cúpla athrú eile ar a bhfocal ina dhiaidh sin: 

1. simpliú *sw go /s/ : *sībula.
2. séimhiú an chonsain /b/ idir ghutaí : *sībhula
3. teascadh an ghuta deiridh : síbhal (NB: ní thaispeántar an séimhiú i ngnáthlitriú an Sean-Ghaeilge: síbal).

Ar thuig sibh an méid seo ar fad?  Beidh quiz air!

13 Meán Fómhair 2012

cait & litríocht


Bhain John úsáid as Henri le Chat le mé a mhealladh ar ais chuig an mblagaisféar lá nó dhó ó shin. Ós é seo mo chéad bhlagmhír ó fhill mé (san Eilbhéis agus sa Fhrainc a bhí mé), seo cat eile daoibh, ar phostaer a chonaic mé in Luzern.

Cliceáil le méadú.

Man kann im Leben
auf vieles verzichten,
aber nicht auf Katzen
und Literatur!

Is féidir teacht gan a lán rudaí sa saol seo, ach ní gan chait gan litríocht!

Le fírinne, bhí mé maith go leor gan cheachtar acu ar feadh trí seachtaine, ach tá áthas orm go raibh Mike is Molly agus mo chuid leabhar ag fanacht liom anseo ar theacht abhaile dom!