29 Bealtaine 2012

ronnach


spéir dhroim an ronnaigh

Tá léirmheas ar an Economist ar an leabhar The Old Ways: A Journey on Foot le Robert Macfarlane. Deir an learmheastóir an méid seo faoi shúil agus stíl an údair:

The tendency is to notice that tree, that stile, that passage of light (rionnach maoim, he tells us in a typically lovely aside, is Gaelic for “the shadows cast on the moor by cumulus clouds”).

Tá sé furasta na focail “rionnach maoim” a athrú ó Ghàidhlig go Gaeilge: ronnach maidhm. Ach ní aithním iad, mar théarma, i gceachtar den dá theanga. Tá “mackerel sky*” ar eolas agam, ar ndóigh, agus chuir mé an leagan Gaeilge de thuas faoin ghrianghraf. (Chuirfinn geall gur ón mBéarla a tháinig an leagan Gaeilge, ach is cuma.) Ní faoin spéir, afách, atá Macfarlane ag caint, ach faoi na scáthanna a chaitheann na scamaill úd ar an talamh. Ní ar thalamh ar bith: ar an móinteach. Tá sé seo go hálainn mar íomhá, ar ndóigh.

Ach cá bhfuair sé an Ghàidhlig seo agus cén struchtúr gramadúil a cheanglaíonn na focail seo le chéile. Níl an téarma le fáil an idirlíon, ach amháin san abairt thuas. Chuir mé ceist faoi seo ar chara liom atá “fileanta sa Ghàidhlig”, ach bhí sé dall air freisin.

Is léir, mar sin féin, chomh mór agus a thaitníonn “seoid Ghaelach” mar seo leis an léitheoir, agus leis an léirmheastóir sa chás seo. Tá sé “so Celtic” (.i. neamhshaolta, draíochtúil, ceo(l)mhar), tá's agat.

Pé scéal é, más féidir le duine ar bith a léann an bhlagmhír seo an scéal laistiar de “rionnach maoim” a insint dúinn, beidh mé faoi chomaoin agat!

* Ar chuala sibh “oyster shell sky” riamh?  Deirtear é sin abhus anseo ó am go ham, ach is spéir eile atá i gceist.

28 Bealtaine 2012

peirsil, sáiste, marós is tím


cliceáil

An tsáiste agus an tím atá faoi bhláth. Tá príomhpháirteanna acu ar a deic faoi láthair.  Tá siad go hálainn i bpota agus chomh hálainn céanna ar phláta mar ghairnis (comme dans les meilleurs restaurants).

26 Bealtaine 2012

potaireacht Mimbres (+ beagán gáirsiúlachta)


Bhí mé ag breathnú ar shamplaí de photaireacht Mimbres ar an idirlíon ar maidin.  Tagann na potaí seo ó dheisceart New Mexico agus tá siad míle bliain d'aois, a bheag nó a mhór.  Fuarthas an chuid is mó acu in uaigheanna. Rinne na sochraidí poll iontu d'aon ghnó.  Deirtear uaireanta gur “maraíodh iad”.  Ansin cuireadh iad ar aghaidh an choirp. Tá cáil mhór ar stíl na Mimbreños, go háirithe in Iardheisceart Mheiriceá. 

gabhar sléibhe

beirt fhear

bod iontach

Chuir an ceann deireanach seo na scéalta grinn a chum an fuirseoir Drew Carey ar an ábhar seo i gcuimhne dom. Tá cnuasach mór acu seo le fáil ar an idirlíon.  Murar chuala tú iad cheana féin, seo cúpla ceann duit:

Tá mo bhod chomh mór sin, tá sneachta air sa samhradh.

Tá mo bhod chomh mór sin, ní fhreagróidh sé scairteanna gutháin ó Spielberg.

Tá mo bhod chomh mór sin, tá bod dá chuid féin aige, agus tá an bod sin níos mó ná do cheannsa.

Tá mo bhod chomh mór sin, tá sé sa chistin ag déanamh ceapaire dom anois díreach.

23 Bealtaine 2012

mallachtaí eile


Maile baire gaire

Phléigh mé rud ar a dtugtar “cursing stone” nó cloch mhallachta sa bhlagmhír roimhe seo. Chuir alt a léigh mé ar an idirlíon ar maidin gléas mallachta eile i gcuimhne dom.  Defixio nó táibléad luaidhe a bhfuil mallacht scríofa air atá i gceist agam. Baineadh úsáid as a leithéid go minic i ré na Rómhánach.  Is i Laidin a bhíonn na defixiones de ghnáth, ach fuarthas cúpla ceann sa Ghaillis freisin. Is iad sin na téacsanna is faide dá bhfuil againn sa teanga Cheilteach úd.

Thug mé súil ghéar ar cheann de na defixiones a luaitear san alt thuas. Rith sé liom go bhfuil sean-mhallacht againn sa Ghaeilge atá an-chosúil leis an defixio seo. Seo í san t-eagrán a chuir Róisín MacLaughlin uirthi sa leabhar Early Irish Satire, in éineacht leis an aistriúchán a rinne sise:

Maile, baire, gaire Caíar,
cot-mbéotar celtrai catha Caíar
Caíar, di-á, Caíar di-rá - Caíar!
fo ró, fo mara, fo chara Caíar!

Evil, death, short life to Caíar,
spears of battle will have killed Caíar,
may Caíar die, may Caíar depart -- Caíar!
Caíar under earth, under embankments, under stones!

Tá dhá rud le tabhairt faoi deara sa mhallacht seo. Is scrios ar a chorp, ní ar a anam ná aon rud eile, a ghuítear. Agus luaitear a ainm faoi sé sa mhallacht ghairid seo.  Tá an dá thréith seo le fáil sa defixio a bhfuil suim agam ann. Seo líníocht de: 



Más maith mo radharc, ainmnítear Porcello, an fear a mhallaítear, ocht n-uaire ar a laghad ar an táibléad seo.  Scrios iomlán a choirp a ghuítear ann:


interficite = scriosaigí (é)
occidite = leagaigí (é)
profucate = praefocate (é) = tachtaigí (é)
eni[ca]te = maraígí (é)

20 Bealtaine 2012

ballán in Albain




Scríobh mé faoin rud ar a dtugtar “ballán” anseo tamall ó shin. Is cosúil go bhfuil dhá chuid den rud seo: an cuach sa chloch a dtugtar “ballán” air, agus an chloch chruinn a rinne an cuach, más fíor. Scaradh an chloch seo thuas lena ballán, atá suite i seanreilig ar Oileán Canna in Albain, na blianta ó shin. Fuarthas le déanaí í agus tá an dá chuid le chéile arís.  Tá a leithéid le fáil in Éirinn freisin, mar a dtugtar “cursing stone” ar an gcloch.  Dar le halt ar an mBBC inné, is ón ochtú haois do na clocha seo, agus mhínigh Katherine Forsyth mar seo iad:
“Traditionally, the pilgrim would recite a prayer while turning the stone clockwise, wearing a depression or hole in the stone underneath.”

Níl a fhios agam an bhfuil ainm dúchasach againn ar an gcloch.

18 Bealtaine 2012

ag siúl ar uisce?


cliceáil le méadú

Is cosúil go raibh ar an Triúr Manach abhainn a thrasnú, ar áth nó ar éigin, agus iad ar a mbealach isteach san fhásach, más fíor don phictiúr seo i lámhscríbhinn Jaineach ó Ghujarat. Dála an scéil, má tá cara ag duine ar bith amuigh ansin a bhfuil Gujaraitis aige/aici, ba bhreá leis na Manaigh leagan dá scéilín a fháil sa teanga sin. Tá sé ar fáil i Hindis anseo, agus ní dóigh leo go mbeadh sé ró-dheacair an leagan sin a thiontú go Gujaraitis.  (Dar le Wiki, tá 65.5 milliún cainteoirí Gujaraitise ar an domhan.)

An Ghréig inniu i bpictiúr amháin



Tá dhá scribhinn ar an mballa marmair seo. Deir an chéad cheann, i litreacha discréideacha, “BANQUE DE GRECE”. Maíonn an dara ceann, atá pas beag níos nua:

ΜΠΑΤΣΟΙ ΘΑ ΣΑΣ ΦΑΝΕ ΤΑ ΠΑΙΔΙΑ ΣΑΣ
Ithfidh na péas bhur gclann.

16 Bealtaine 2012

ró-dhathúil le bheith ina shagart?



Seo agaibh cúpla pictiúr den Athair Thomas D. Williams, sagart Meiriceánach, diagaí morálta san Ateneo Pontificio Regina Apostolorum sa Róimh, agus ball de Congregation Legionariorum Christi (aka Legionaries of Christ). Guth (agus aghaidh) na heite deasa san Eaglais a bhí ann le fada.



De réir ailt ar an New York Times inniu, d'éirigh an fear sár-theiligineach seo as a phost tar éis dó admháil gur athair páiste é.  Níl a fhios agam an raibh sé ar fáil don pháiste mar athair riamh, ach is eisean a d'fhág an mháthair torrach. Níl aon rud nua sa scéal seo, ar ndóigh.  Is í an fhimíneacht, fimíneacht ollmhór na hEaglaise maidir le cúrsaí gnéis, a chuireann déistin orm.


An cheist atá agam oraibh ná an raibh an fear seo ró-dhathúil le bheith ina shagart san Eaglais seo?

15 Bealtaine 2012

Is éisc oibre iad seo!



Seo mála plaisteach a bhfuil éisc órga ann, dosaen acu a cheannaigh mé inniu. Tá obair le déanamh acu anseo (murab ionann agus na cait).  


Seo iad ar snámh sa mhála atá ar snámh sa linn sa chós tosaigh. Tá radharc den chlós seo i mblagmhír eile, leis an linn sa chúlra. Ní mór do na héisc dul i dtaithí ar fhuaire an uisce ina home nua de réir a chéile.



Seo iad arís. Chomh luath agus a scaoilfidh mé iad beidh siad ar a gconlán féin sa domhan nua seo.  An jab atá rompu?  Larbhaí na muiscítí atá ag fás san uisce a ithe!  Bhí an aimsir an-te anseo le déanaí agus chuala mé an chéad mhuiscít sa teach aréir. Tharraing solas mo iPad é agus rinne mé pleist de ar an scáileán le hordóg luath! Ach thug mé aird ar an rabhadh seo agus fuair mé an scuadrún úr seo ar maidin.  Tá iasc nó dhó fágtha sa linn fós ón mbliain seo caite, ach is gnách leis na racúin an chuid is mó acu a ithe san fhómhar.

fáth eile le fíon dearg a ól



Tá a fhios ag an saol mór agus a mháthair faoin am seo go bhfuil resveratrol san fhíon dearg a ólann tú agus gur rí-dhócha gur rud sláintiúil é seo. Agus tá a lán staidéar ann a deir go bhfuil iógart thar a bheith sláintiúil toisc gur bia próibhitheach é.  Is é sin le rá, tá iógart lán le baictéir atá tairbheach don tsláinte.


Tá mé díreach tar éis alt a léamh ar an New York Times a deir gur bia próibhitheach atá againn san fhíon dearg a ólann muid freisin.  Is cosúil go raibh a fhios acu é seo i bhfad ó shin:


Ná hól uisce leis féin a thuilleadh ach tóg braon fíona ar mhaithe leis an ngoile agus leis na taomanna tinnis a thagann ort chomh minic sin.
- 1 Tiomóid 5:23

14 Bealtaine 2012

tré, triscéil & Píotágarás



Καθάπερ γάρ φασι καὶ οἱ Πυθαγόρειοι, τὸ πᾶν καὶ τὰ πάντα τοῖς τρισὶν ὥρισται· τελευτὴ γὰρ καὶ μέσον καὶ ἀρχὴ τὸν ἀριθμὸν ἔχει τὸν τοῦ παντός, ταῦτα δὲ τὸν τῆς τριάδος. 
Περί ουρανού του Αριστοτέλη

Óir mar a deir na Píotágarásaigh, is leis an uimhir trí a shonraítear an saol agus gach a bhfuil ann, mar cuimsíonn an tosú, an meán agus an deireadh uimhir na huile, agus is tré an uimhir sin.
- De Caelo le hArastatail


Triscéil ó Shí an Bhrú
ca. 3000 B.C.

13 Bealtaine 2012

triscéil La Tène


cliceáil

Seo póirín cloiche a fuair mé i siopa anseo i Seattle an tseachtain seo caite. Tá triscéil sa stíl La Tène gaineamhroiste ann, agus chuir an duine a rinne é (níl a fhios agam cé hé ná cá bhfuil sé) péint dhubh go cúramach sa chuid ghreanta de. Thaithin sé go mór liom agus ní raibh ach $5.50 (± €4.25) air.


Rith sé liom, tar éis dom é a thabhairt abhaile liom, gur féidir úsáid a bhaint as mar stampa nó séala. Rinne mé taos righin as plúr agus salann agus bhain mé triail as. Níl mé cinnte fós céard a dhéanfaidh mé ina dhiaidh seo.  Aon mholtaí?

faoi dheireadh thiar thall


cliceáil

“Is é an Tiarna féin mar sin a thabharfaidh comhartha daoibh.”
Íseáia 7:14

07 Bealtaine 2012

ainmneacha na manach


Tá ainmneacha an triúr manach ar eolas agam anois, faoi dheireadh thiar thall, a bhuí leis na n-íomhánna seo agus na lipéid atá orthu:


Mainistir, Fhear, agus Maighe

Nó an bhfuil dul amú orm?

Muire



Muire

Fuair mé an t-ainm seo i lámhscríbhinn gan teideal a scríobhadh sa chúigiú haois déag. Barócach an aidiacht is túisce a tháinig chugam tar éis dom é seo a dhícódú. Tá na litreacha ar fad ann, ach tá beagán mínithe ag teastáil.

m : Tá an litir seo go hálainn, ach thar a bheith neamhiondúil, scríofa mar c agus c aisiompaithe le líne ghearr á gceangal.

ur : Is é an litir u an líne chorrach os cionn an m.  Nuair a scríobhtar guta os cionn litreach eile, ciallaíonn sé sin go bhfuil r ann freisin, ur sa chás seo.

i : Té beagán fann anois, ach tá i le feiceáil faoin m.  Is ionann an carn litreacha seo agus muir.

e : Tá an litir seo so-aitheanta, agus san áit cheart.

05 Bealtaine 2012

Dawes

Is maith liom an t-amhrán seo leis an mbanna ceoil Dawes. Tá na focail curtha go cúramach i dtoll a chéile, tá scéalaíocht agus fealsúnacht ann, agus tá an ceol chomh maith leis na focail.
   
Tá mé díreach tar éis cóip de seo a chur chuig mo neacht a bheas ag pósadh i Meán Fómhair. Má éisteann tú leis go dtí an tríú véarsa, tuigfidh tú cén fáth.

dátheangachas, aguisín



Má tá duine a bhfuil trí theanga aige trítheangach, agus duine a bhfuil dhá theanga aige dátheangach, céard a thugtar ar dhuine nach bhfuil ach teanga amháin aige?

Palouse: 3 radharc


Tá mé tar éis cúpla lá a chaitheamh in oirdheisceart Stát Washington. Tógtar a lán cruithneachta ar chnoic chuardhromacha an cheantair seo. Dumhcha déanta as siolt atá iontu, dumhcha a charn an ghaoth suas le linn na n-oighearaoiseanna.  Scríobh mé beagán faoin áit seo, ar a dtugtar The Palouse, dhá bhliain ó shin anseo. Seo agaibh trí radharc ar an gceantar. (Tá siad inchliceáilte, ar ndóigh.)



ó thaobh an bhóthair



ón aer, ó Ghoogle Maps

An rud is suimiúla anseo ná go dtaispeántar na dathanna éagsúla atá le feiceáil agus tú ag tiomáint tríd an gceantar seo am ar bith. Ní chuirtear agus ní bhaintear an chruithneacht ag an am céanna ó chnoc go cnoc. Níl a fhios agam cén fáth, ach bíonn coinleach buí ar chnoc amháin, branar dorcha ar cheann eile,  foithníní úra ag brú aníos anseo agus cruithneacht atá beagnach aibí ansiúd.



ó shúil an ealaíontóra

Tá na Sléibhte Gorma (Blue Mountains) atá ar imill an Phalouse le feiceáil sa mhonotype seo.

01 Bealtaine 2012

dátheangachas abú!


le Bado (= Guy Badeau)

Tá cúis eile againn anois le comhghairdeas a dhéanamh linn féin!  Deir an staidéar nua seo, Bilingualism and the Brain: Subcortical Indices of Enhanced Executive Function ó Northwestern University go bhfuil muid níos cliste toisc go bhfuil (ar a laghad) dhá theanga againn!  Tá achoimre den staidéar le léamh anseo.

Trí fuiric...



fuirec = ullmhú le haghaidh aíochta
degduine = dea-dhuine
cuirm = beoir
fothrucud = folcadh

Bhí an focal “fuireag” beo fós sa Nua-Ghaeilge Mhoch, agus is cosúil nach bhfuil sé againn níos mó.  Níl sé in FGB ar aon nós.  Maidir le beoir agus folcadh le chéile, phléigh mé barúil na nGael orthu sa bhlagmhír seo tamall ó shin. Ach is féidir dul thar fóir leo, mar is léir ón bhfógra seo i spa Seapánach:


Meastar go bhfaigheann 14,000 duine bás san fholcadán sa tSeapáin gach bliain, a thrí oiread níos mó ná mar a fhaigheann bás i dtimpistí bóthair.