30 Aibreán 2011

tae


Cliceáil le méadú.

Cheannaigh mé planda beag Camellia sinensis tuairim is seacht mbliana ó shin. Chuir mé i bpota é sa chlós tosaigh, áit a bhfuil sé faoi scáth cuid mhaith den lá. Lean sé air ag fás ó bhliain go bliain, ach ní ar nós na fiaile, ná baol air. Méadú measartha a tháinig air mar sin féin. Mar atá le feiceáil sa ghrianghraf thuas, a thóg mé cúpla uair a chlog ó shin, tá a lán duilleoga úra ag borradh air anois díreach.

Is cosúil gurb iad na duilleoga úra seo a úsáidtear le tae a dhéanamh - tar éis iad a phiocadh, a rolladh, agus a thriomú, ar ndóigh. Níl mé cinnte fós, ach is féidir go mbainfidh mé triail astu i mbliana!

28 Aibreán 2011

an difríocht a dhéanann 's' beag amháin


Tabhair an focal “underpinning” do Ghoogle Íomhá agus gheobhaidh tú a lán pictiúr cosúil leis seo:



Cuir -s leis, “underpinnings”, agus seo é an saghas ruda a gheobhaidh tú:



Nach iontach an teanga é an Béarla!

NIMBY



Tá an Public Service Electric and Gas Company, an comhlacht leictreachais is mó i New Jersey, ag cur suas painéal gréine - 200,000 acu san iomlán - ar chuaillí leictreachais ar fud an stáit. Níl cuid den phobal sásta ar chor ar bith. “Is fuath liom iad,” a chloistear ó lucht na mbruachbhailte duilleogacha seo. “Eyesore,” a dúirt bean amháin leis an NY Times.

An é an chaoi go shíleann siad, áfach, go bhfuil na cuaillí féin, na sreanga uilig, agus na claochladáin go hálainn? Tá mise ar mhalairt intinne. Is iad na grianphainéil an rud is áille ar fad sa phictiúr thuas, in éineacht leis na crainn, ar ndóigh.

27 Aibreán 2011

Doirse cruinne, cén fáth?


#1

teach Yurok/Karuk/Hupa den seandéanamh
ó iarthuaisceart Chalifornia


#2

doras san fhomhuireán USS Henry M. Jackson


#3

geata cruinn, nó “geata gealaí”, sa tSín

Ceist agam oraibh anois: cén fáth a bhfuil na doirse seo cruinn?

26 Aibreán 2011

cúis níos mó ná mé féin


“Im óige chuardaigh mé cúis a bhí níos mó ná mé féin.”


“Ar an dea-uair dom, ní bhfuair mé í.”

Cé a dúirt é sin?

1) Robert Mugabe

2) Donald Trump

3) Mae West

4) Hugo Chavez

5) Stephen Fry

25 Aibreán 2011

blagadóir ar iarraidh



Tá an Carghas caite.

Cá bhfuil sé?

ALGC* ?

* As Láthair Gan Chead

21 Aibreán 2011

buanfhírinní



Nuair a bhreathnaigh mé ar an léarscáil thuas ar maidin, tháinig focail an amhráin seo ón mbliain 1958 ar ais chugam. Níl mé cinnte gur buanfhírinní ar fad ar fad atá sna focail seo, ach tá rudaí ann nach n-athraíonn thar oíche ach oiread.

They're rioting in Africa,
They're starving in Spain,
There's hurricanes in Florida,
And Texas needs rain.

20 Aibreán 2011

Odhrán Naofa agus Walt Whitman


Séipéal Odhráin ar Í

Deirtear go ndeachaigh Odhrán go hÍ in éineacht le Colm Cille. Thug Colm Cille iarracht ar shéipéal a thógáil ach scriosadh gach oíche é. Dúirt glór aníos as an talamh leis nach n-éireodh leo go dtí go mbeadh duine beo curtha faoin mbunsraith. I bhfocail eile, bhí íobairt dhaonna ag teastáil. Is cosúil nár chuir an t-éileamh seo ionadh ná déistin ar Cholm cróga.

Seo ar tharla, de réir an chuntais in “Betha Coluim Cille” (Lives of the Saints from the Book of Lismore ):

Dúirt Colm Cille lena mhuintir, “Is maith dúinn ár bhfréamha a dhul faoin talamh seo. Tá cead ag duine agaibh a dhul faoin talamh seo, faoi úir an oileáin seo, á coiscricean.”

D'éirigh Odhrán suas le fonn agus dúirt, “Gabh mise,” ar seisean.

“Tá mé toilteanach air sin, a Odhráin,” arsa Colm Cille. “Beidh do chúiteamh agat. Ní thabharfar cead d'aon duine achainí a iarraidh ag m'uaigh-sa mura n-iarrfar ortsa ar dtús í.”

Chuaigh Odhrán go neamh.*

Deirtear freisin gur nocht cloigeann Odhráin os cionn an talaimh ina dhiaidh sin agus go ndúirt sé, de réir Ghaeil na hAlban:

Chan eil am bàs 'na iongantas
No ifrinn mar a dh'aithrisear.

Chuir an fógra seo an líne seo as Leaves of Grass le Walt Whitman i gcuimhne dom:

To die is different from what any one supposed, and luckier.

Séard a dúirt Colm Cille tar éis d'Odhrán a ráiteas iarbháis a dhéanamh ná:

“Ùir, ùir, air sùil Odhrain, mun labhair e tuilleadh còmhraidh!”

* Adubhairt Colum Cille rea muintir: ‘IS maith dhun ar fremha do dul fon talmain sunn’, & do-raidh: ‘As cead duib nech eicin uaibh do dul fon talmain sunn, no fo h-uir na h-innsi-sea, dia coisecrad’. Ad-racht suas Odran erlathad, & is ed adubairt: ‘Diam-gabthasa’, ol se. ‘As errlam leam sin, a Odhrain’, ar Colum Cille. ‘Rat-fia a logh. Ni tibirter idge do neoch icom lighi-se minab fort-sa iarfaigter ar tos’. Luid iarum Odran docum nime.

19 Aibreán 2011

logainmneacha Inse Orc



Tongue of Gangsta

(féach thíos)




Agus seo ceann eile:



Buíochas le Cecil Ward, a bhí ann agus a chonaic!

18 Aibreán 2011

an t-earrach is measa riamh



Is dóigh liom go bhfuil cónaí orm i gCorca Dorcha, áit a raibh “doineann na dúiche ró-dhoineanta”. Tá sé oifigiúil. Ní raibh earrach níos measa (níos fuaire agus níos fliche) i Seattle riamh. Cé mhéad lá níos teo ná 55F a bhí againn i mbliana? Dhá lá! Téann an graf thuas ó 1 Feabhra go dtí 14 Aibreán. Inniu, ceithre lá níos déanaí, tá sé fós chomh dona céanna. 41F (5°C) atá sé anois díreach ag 11 ar maidin agus ag cur báistí.

La Niña is cúis leis an aimsir seo. Tá go maith. Ní hionann míniú agus faoiseamh.

16 Aibreán 2011

Cashel Blue



Is maith liom an cháis seo. Tá mé ar tí píosa di a leathadh ar bhaguette.

Cheannóinn níos minice í ach tá sí daor.

Cén fáth a bhfuil sí chomh daor sin?

Fáth amháin, sílim, ná go bhfuil an euro an-láidir i gcomórtas leis an dollar, agus ag éirí níos láidre in aghaidh an lae.

Éire bhocht!

15 Aibreán 2011

pubaill


Tá an focal “puball” sa Ghaeilge le fada, cé go dtáinic sé isteach sa teanga ón Laidin ar dtús. Déantar tagairt do phubaill sa Táin:

Fo·cerdat a puiblea i suidiu.

Chuir siad suas a bpubaill ansin.

Cach bail ro sáid a pupaill, is Pupall Medba a ainm.

Gach áit ar chuir sí suas a puball, is Puball Méabha a hainm.

Ach dá mbeadh ort pictiúir a tharraingt le haghaidh eagráin nua den Táin, cén cruth a chuirfeá ar na pubaill?



Tá rí ina shuí i bpuball sa phictiúr seo ón lámhscríbhinn Lansdowne 782, f. 10v, a scríobhadh circa 1240-1250. Tá pubaill éagsúla, a lán acu níos réadúla ná an ceann seo, le feiceáil i leabhair mheánaoiseacha. Ach níl mé eolach ar aon íomhá mar seo ó Éirinn. Is cosúil nach bhfuil a fhios ag aon duine cén cineál pubaill a bhí ag Méabh.

Is rí-dhócha, áfach, nach raibh típí aici. Is mór an trua é sin, ós é an típí an puball is áille ar domhan, i mo thuairim-sa.



Tá an físeán seo ón taisipeántas Tipi: Heritage of the Great Plains atá ar siúl faoi láthair i mBrooklyn.

13 Aibreán 2011

dearadh siombalach?



Seo leathanach as an Southampton Psalter, leabhar a cumadh in Éirinn sa deichiú haois. Tá Dáibhí ag troid le leon thuas sa phictiúr agus é ina aoire thíos. Tá dhá leathanach eile sa leabhar seo a bhfuil daoine orthu: Dáibhí is Góiliat ar cheann acu, agus Céasadh Chríost ar cheann eile.

Seo an méid a dúirt an duine sa choláiste a scríobh an cur síos ar an saltair seo, atá i dtaisce i leabharlann St John's College, Cambridge:

The three pictures are well-known specimens of Irish art and afford most striking examples at once of skill in decoration and total inability to draw figures.

Ní dóigh liom go dtuigeann mo dhuine an cineál seo ealaíne ar chor ar bith. Is breá liomsa na híomhánna seo!

Ní réalachas anatamaíoch ná réalachas saonta a bhí ar aigne an duine a dhear na pictiúir seo. Níl siad osréalach ach oiread. Séard atá iontu ná dearadh íon, nó rud éigin an-ghar dó. Séard atá tábhachtach iontu ná patrúin agus dathanna, agus an dóigh a n-oibríonn siad le chéile. Tá spleodar is samhlaíocht agus - an bhfuil cead agam é seo a rá? - tá draíocht sna híomhánna seo nach bhfuil le fáil ina lán lán rudaí ón Mór-roinn ón am céanna atá i bhfad níos réalaíche.

12 Aibreán 2011

Sequoiadendron giganteum, cuid a dó


Cliceáil le méadú.


Seo dhá radharc ar an mórghiúis dhúdach eile sa chomhsanacht. Is crann ollmhór é cheana féin, cé nár cuireadh é níos mó ná seachtó bliain ó shin. Ach níl ann ach leanbh beag i gcomórtas lena ghaolta i gCalifornia.

11 Aibreán 2011

Sequoiadendron giganteum


Cheannaigh mé mar seo é timpeall 6 bliana ó shin.


D'fhás sé i bpota ar an deic. In dhá phota, leis an bhfírinne a rá: bhí orm é a aistriú isteach i bpota níos mó tar éis cúpla bliain. Bhí sé sona sásta ansin, de réir dealraimh.


Ach anois tá a fhréamhacha sa talamh faoi dheireadh. Bhí an pota tar éis éirí ró-chúng dó. Trí lá ó shin a fuair mé áit bhreá nua dó taobh thiar den teach.

Sa chéad bhlagmhír eile, feicfidh sibh cúpla grianghraf dá “dheartháir mór”, Sequoiadendron giganteum atá ag fás le níl-a-fhios-agam-cé-chomh-fada taobh thiar de theach eile sa chomharsanacht.

09 Aibreán 2011

bia-qhuiz



Céard é seo atá á ithe agam?

Tá an dath 100% nádúrtha, agus níl ann ach aon chomhábhar amháin.

Dála an scéil, an féidir “comhábhar” a thabhairt ar rud mura bhfuil ann ach é?

Leid: tá sé milis.

06 Aibreán 2011

Google Translate



Tá a fhios againn nach dtuigeann Google Translate Gaeilge ró-mhaith. Ach shíl mé go raibh a chuid Fraincise réasúnta maith. Chuir mé teachtaireacht chuig cara liom inniu leis an gceist seo: “Vin blanc pour l'apéro ? Ou du gros rouge qui tache ?” Bhí a fhios agam nach bhfuil Fraincis ag mo chara, ach shíl mé go mbeadh sé ceart go leor le GT mar ateangaire. Ach ansin, tar éis dom an teachtaireacht a chur chuige, ar eagla ná heagla, thug mé an dá abairt do GT. Seo é an toradh:

White wine for an aperitif? Or a big red spot?

Is cosúil nach bhfuil Fraincis ar a thoil ag GT tar éis an tsaoil. Níl aon locht ar an gcéad abairt, ach séard a chiallaíonn “ou du gros rouge qui tache” ná “nó (fíon) dearg mór a ruaimníonn”. Is ionann é sin agus fíon dearg atá beagán -shaor.

Pé scéal é, thuig mo cara céard a bhí i gceist agam agus d'fhreagair sé i nGaeilge, ag baint úsáide as GT:

Is maith linn an dá fíonta bán agus dearg. Leat cinneadh a ceann a thabhairt.

Hmmm. Níl Gaeilge GT chomh dona sin!

hoodies & berets


genii cucullati

Tá dhá fhocal ar intinn agam inniu: an focal Fraincise “beret” agus an focal Gaeilge “cochall”. Is cosúil gurbh é an ball éadaigh céanna, ball éadaigh Ceilteach, atá taobh thiar den dá fhocal seo. Saghas painseó cochallach a bhí ann, déanta as olann, a chaith daoine sa Ghaill (Gaul) agus sa Bhreatain nuair a bhí siad ina gcuid den Impireacht Rómhánach.

An cochall ar dtús. Tá íomhánna againn ón ré úd de thriúr leathdhéithe (nó déithíní) a chaitheann an clóca cochallach. Tugtar genii cucullati orthu, ós cucullus an t-ainm Laidine ar an mball éadaigh seo. Rinneadh cochall de cucullus sa tSean-Ghaeilge. Feicim gur cochall an Ghaeilge atá ag An Spailpín Fánach ar hoody sa lá atá inniu ann.


genii cucullati

An beret anois. Bhí ainm eile ag na Rómhánaigh ar an mball éadaigh seo, mar atá birrus, nó birrus brittanicus. Is ón bhfocal Gailise birros a tháinig an téarma seo, focal a chiallaíonn “gearr” agus atá gaolmhar le berr (= gearr) sa tSean-Ghaeilge agus byr (= gearr) sa Bhreatnais. Seo é sloinnteoireacht an bheret:

birros (Gailis = gearr) > birrum (Laidin na nDaoine = ball éadaigh gearr) > berretta (Iodáilis) > beret

Cuireann na genii cucullati an Triúr Manach i gcuimhne domsa, ar ndóigh. Tá Sínis Chlasaiceach, Néapáilis, Tok Pisin agus Giúdais acu anois!

04 Aibreán 2011

lorg a láimhe



Dochum an Léghthora

Ní chuimhin liom anois cá bhfuair mé an íomhá seo, ach thaitin sé liom, agus taitníonn fós. Tá an duine a scríobh é ar shlí na fírinne le fada anois, ach tá lorg a láimhe ag labhairt linne fós.

stampaí



Tig le duine ar bith sa Niue (tír bheag i lár an aigéin a bfhuil timpeall 1,400 duine ina gcónaí inti) an lánúin ríoga a scaradh óna chéile ar $5.80, praghas an dá stampa seo!

tart an Charghais


Seo daoibh nóta imill a bhreac scríobhaí síos le linn an Charghais sa lámhscríbhinn Laud Misc. 610, 46v. Is féidir cliceáil ar na híomhánna len iad a mhéadú. Is i Rath an Photaire (Pottlerath, baile fearainn i gCo. Chill Chainnigh) a bhí an scríobhaí agus an leabhar ag an am sin, ca. 1453.



dar mo breithir as mor in pian duin uisci do denum



aine in cesta 7 feabus an fina ata an entigh rinn


“Dar mo bhriathar, is mór an phian dúinn uisce do dhéanamh Aoine an Chéasta agus feabhas an fhíona atá in aontigh (éindí) linn.”

02 Aibreán 2011

mála urlacain




Seo bronntanas beag duitse, John.

01 Aibreán 2011

míbhéasaíocht sa Pharlaimint Iodálach


Stai zitta, handicappata del cazzo,” a bhéic Massimo Polledri, feisire de chuid an Lega Nord (eite dheis), inné le Ileana Argentin, feisire eile atá faoi mhíchumas coirp. Séard a dúirt sé, i nGaeilge ghlan, ná “Éist do bhéal, a focain chláirínigh!”

Tharla sé seo nuair a rinne Argentin gearán faoi fheisire eile, Osvaldo Napoli, a dúirt lena cúntóir gan bualadh bos a thabhairt ina háit.



Ricordo all'aula che io non posso muovere le mani, ma se non posso applaudire con le mie, lo faccio con le mani di chiunque,” a dúirt sí. “Cuirim i gcuimhne daoibh nach féidir liom mo lámha a bhogadh. Ach mura féidir liom bualadh bos a thabhairt, tig liom é a dhéanamh le lámha duine eile.”

Tugadh ar Polledri a leithscéal a ghabháil léi os comhair na parlaiminte.

amadántacht Aibreáin, nó...




... polasaí nua? Deir Ryanair go mbeidh eitiltí saor–ó-chlann ar fáil ag tosú i nDeireadh Fómhair na bliana seo.