27 Feabhra 2011

socca



Bhí cairde chun dinnéir againn aréir. Thosaigh muid le socca, te as an oigheann. Thaitin an “phancóg” seo go mór leo!

D'fhiafraigh siad ar an toirt, “An bhfuil uibheacha ann?”
- Níl.
- An bhfuil cáis ann?
- Níl. Níl ann ach uisce, ola olóige, salann, a lán piobair, agus plúr sicphiseánaigh.

“Beidh sé seo ar fheabhas do dhaoine nach féidir leo glútan a ithe, agus do na veigeáin,” a dúirt siad.

Cé nach féidir plúr sicphiseánaigh a cheannach chuile áit, tá sé ar fáil go héasca i siopaí Ind-Phacastánacha. Besan बेसन a thugtar air ansin. Níl sé daor ar chor ar bith, agus is cosúil go bhfuil sé sách sláintiúil.

Seo é an t-oideas a úsáidim, a fuair mé tamall ó shin ón New York Times:

1 cupán / 125 g plúr sicphiseánaigh / béasan
1 taespúnóg salann
1 taespúnóg piobar dubh úrmheilte
4 - 6 spúnóg bhoird ola olóige
1 cupán / .24 l uisce bogthe

Téigh an t-oigheann go 450F / 230C (an-te!) Cuir scilléad iarainn 12 orlach san oigheann. Measc an salann agus an piobar tríd an bplúr. Cuir an t-uisce leis an bplúr go mall, á bhuaileadh le greadtóir an t-am ar fad. Measc 2 spúnóg bhoird den ola tríd. Beidh an fuidreamh seo cosúil le huachtar ramhar.

Cuir 2 spúnóg bhoird den ola sa scilléad téite agus clúdaigh an t-íochtar leis. Doirt an fuidreamh isteach agus bácáil ar feadh 12-15 nóiméad, go dtí go mbeidh ciúmhais na pancóga donn. Bain amach as an oigheann í agus leath níos mó ola uirthi má tá sí tirim.

Cuir an scilléad ar ais san oigheann faoin ngríoscóir ar feadh cúpla nóiméad eile le go mbeidh an phancóg breac le spotaí donna. Gearr ina dingeacha í agus ith gan mhoill iad!

focal an lae in Araibis



ارحل

Imigh!



ارحل ارحل يا مبارك

Imigh, imigh a Mhubarak!



“Irhal” a deirtear.

Dá mbeifeá in ann duine amháin a ruaigeadh as do thír féin, nó as tír eile, cén duine a thoghfá?

26 Feabhra 2011

Plus ça change...


... plus c'est la même chose.



The Merry Minuet, scríofa le Sheldon Harnick sa bhliain 1958, á chanadh anseo leis an Kingston Trio sa bhliain 1966. Is iontach cé chomh “suas chun dáta” agus atá cuid na focail!

They're rioting in Africa, they're starving in Spain.
There's hurricanes in Florida, and Texas needs rain.
The whole world is festering with unhappy souls.
[...]
They're rioting in Africa, there's strife in Iran.
What nature doesn't do to us, will be done by our fellow man.

25 Feabhra 2011

mallacht ar an arracht



uir aniuil tarat

úir aineoil tharat

Is i nóta imill ar leathanach 101 sa Leabhar Breac a fuair mé na focail seo. Tá mé á mbaint as comhthéacs le go mbeidh siad mar mhallacht ar an arracht Qaddafi (nó cibé litriú is fearr leat):

Ná raibh d'uaigh sa tír a chéas tú!

Go raibh bás an díbeartaigh ortsa
agus ar do shliocht!

24 Feabhra 2011

ceann nua ó bhanna ceoil Gàidhlig


“Guth Sàmhach” ó
Bi Beò, banna ceoil as Uidhist:



Mura bhfuil ach cuid den scáileán le feiceáil anseo, téigh go YouTube. Tá níos mó dá gcuid oibre ar fáil ansin.

23 Feabhra 2011

Fleet Foxes



Is banna ceoil áitiúil é seo. Seattle atá mé a rá, ar ndóigh. Is é
Robin Pecknold an príomhamhránaí agus is eisean a scríobhann na hamhráin. Cé nach bhfuil sé ach 25 bliana d'aois, tá a chuid ceoil fréamhaithe go domhain i gceol tíre/popcheol na 60dí is na 70dí.

Dála an scéil, tá an t-amhrán seo ar fáil saor in aisce ó iTunes anois má tá tú i do chónaí sna Stáit. Is cosúil nach bhfuil an féirín seo ar fáil tar lear. Ach má thaitníonn siad leat, beidh siad in Éirinn an samhradh seo chugainn, 6/25 i mBéal Feirste agus 6/26 i gCorcaigh.

palandróm don tsúil



Cad é seo? Ní hansa. Ainm na tíre atá sna ceannlínte ar fud an domhain anois díreach. Seo iad na litreacha atá scríofa, á léamh ó dheas go clé:

l - ī - b - ī - ā

Is léir daoibh ón eiseamláir seo nach mór do na poncanna beaga ualach mór a iompar san aibítir Arabach. Is álainn an aibítir í, gan dabht, ach is minic nach mbíonn sí chomh héasca sin a léamh.


Seo é an tír chéanna, bunoscionn mar atá sí faoi láthair. Céard a bhfeiceann tú san íomhá seo?

22 Feabhra 2011

urlár créafóige


“Bhí an t-urlár créafóige caite ach choinnigh an cochán a bhí scaipthe thart air tirim agus saor ó láib é.”

- ón úrscéal Rún an Bhonnáin, faoi theach in Éirinn sa hochtú haois déag


Tá an grianghraf seo ón suíomh seo.

Is cosúil go bhfuil suim in urláir chréafóige (nó earthen floors, an t-ainm atá in úsáid go minic anois) ag fás i measc tógálaithe glasa. De réir suímh eile, séard atá ann ná (1) cré a bhfuil snáithíní de shaghas éigin measctha tríthi, (2) atá balctha le lámha nó le lián, agus (3) atá séalaithe le hola rois. Réasúnta simplí, ach sin a lán cré agus a lán allais! Ach ar an láimh eile, ní gá duit cré agus allas a cheannach.

21 Feabhra 2011

ag cothú an dharma?



Foilseán A: Lógó Bhòrd na Gàidhlig


Foilseán B: Namkhyen Gyaldar, nó Bratach na hAislinge

Is cosúil go bhfaca an Karmapa (uimhir a sé déag) an íomhá seo i mbrionglóid am éigin sna seachtóidí. Dúirt sé lena lucht leanúna go mbeadh an Dharma faoi bhláth áit ar bith a mbeadh an meirge seo ar foluain.

Níl a fhios agam cén t-am ar thogh Bòrd na Gàidhlig an lógó thuas. Ach is cosúil go bhfuil an Dharma á chothú acu gan fhios dóibh féin!

20 Feabhra 2011

tús an deiridh le haghaidh Qaddafi


Muʿammar al-Qaḏḏāfī

Seandéachtóir eile atá ag doirteadh fhuil an phobail os comhair an tsaoil. Beidh a chosa nite roimh theacht an tsamhraidh.

19 Feabhra 2011

na béabhair sa loch


Brugh na mBéabhar

Ní thagann na háitreabhaigh amach roimh luí na gréine de ghnáth. Beidh barúil agat de mhéid an lodge, a bhuí leis na géanna atá ag ligean a scíth air.


Dinnéar na mBéabhar

Is ar choirt íochtarach an chrainn (an chuid rua anseo) agus ar na craobhóga atá siad beo. Alnus rubra, cineál fearnóige, atá ann sa chás seo.


Rian na mBéabhar

Seo é an áit a dtarraingíonn siad na craobhóga isteach sa loch len iad a chur i dtaisce faoin uisce in aice lena mbrugh.


Teaghlach Eile

Mar is léir ón bpictiúr seo, ní áit éigin amuigh sna sléibhte atá cónaí orthu, ach anseo i Lake Washington, atá suite idir Seattle agus Bellevue.

Thóg mé na grianghrafanna seo cúpla lá ó shin, an chéad trí cinn acu i ngiorracht scread asail de mo theach.

18 Feabhra 2011

Gaeilge Mhanann



Chuir Brian Stowell Gaeilge Mhanann ar scéilín an Triúir Mhanach cúpla bliain ó shin. Tá an litriú atá acu deacair a thuiscint, ach tá an Ghaeilge atá acu sách gar don dá Ghaeilge eile.

D'athscríobh mé an scéilín i meascán de Ghaeilge na hÉireann, de Ghaeilge na hAlban (i litreacha corcra) agus de Shean-Ghaeilge (focal amháin i ndearg nár mhair beo sna teangacha eile).

“Ciúnas” an chiall atá le “féth”, an focal Sean-Ghaeilge. Tá focal eile ann nach bhfuil a shanasaíocht agam, mar atá “eisht”. Is focal coitianta é a chiallaíonn “ansin, then”.

Ren tree maynee y seihll y yiooldey.

Rinne trí manaigh an saol a dhiúltadh.


Hie ad magh ayns yn aasagh dy ghoaill arrys son nyn beccaghyn roish Jee.

Chaigh iad mach anns an fhàsach do ghabháil aithreachas son nam peacaidhean roimis Dia.


Cha loayr ad rish y cheilley rish blein.

Cha labhair iad ris a’ chéile ris bliain.


Eisht dooyrt fer jeu rish fer elley, “Ta shin mie dy liooar.”

[Ansin] dúirt fear diubh ris fear eile, “Tá sinn maith do leor.”


Tostid rish blein elley.

Tost(acht) ris bliain eile.


“S’feer shen”, as y nah ’er.

“Is fíor sin,” ars an ath fhear.


Myr shen, hie blein elley shaghey.

Mar sin, chaigh bliain eile seachad.


“Dar m’ennym,” as y trass ’er, “mannagh lhiggys shiu fea dou, faagym y lane aasagh diu!”

“Dar m’anam,” ars an treas fhear, “mana ligfeas sibh féth domh, fàgaim a’ lán fhásach daoibh!”

na corra: aguisín


Ní corra iad seo, ach baineann na grianghrafanna seo le hábhar.


Thóg mé an grianghraf seo cúpla lá ó shin ag bun an chnoic, cúpla nóiméad ó mo theach, agus mé ag siúl go dtí an Ollscoil. Tá nead na n-iolar níos mó ná riamh agus is éasca í a fheiceáil anois gan aon duilliúr ar na crainn. Seo ceann de na héan a itheann na corra óga, abhó! (Féach na nótaí tráchta sa bhlagmhír eile.)


Agus seo grianghraf a thóg Brad Thomas le ceamara a cuireadh i ngníomh le motion sensor. San oíche a tógadh é. Ní raibh Brad i láthair. Ní minic a fheicter an leomhan seo, an cougar, cé go bhfuil siad sách coitianta san Oirthear. Cosúil leis na corra, ní nós leo buaileadh le chéile san áit chéanna de ghnáth. Is big deal an pictiúr seo toisc go dtaispeánann sé ocht gcinn acu le chéile, de réir an ailt ar an Seattle Times.

17 Feabhra 2011

na corra inniu


Cliceáil...

Feicim na corra áitiúla (Ardea herodias, an chorr mhór ghorm) go minic cois an locha anseo. Bíonn siad ina n-aonar de ghnáth, nó bíonn achar sách mór eatarthu, ós ag iascaireacht atá siad. Ach chonaic mé rud neamhghnách inniu, naoi gcinn acu le chéile ar an mbruach gan faic á dhéanamh acu... go follasach ar aon nós.



In ainneoin an tsolais sna pictiúir seo, lá scamallach a bhí ann den chuid is mó, agus fuar.

well, well, well


Tobar Mhic Duach

Bhuel, céard a cheapann tú?” a d’fhiafraigh Junior nuair nár fhreagair Rodrigo é.

- Alex Hijmans, "An Ofráil ar an gCosán" (Comhar, 2010)

Nuair a fhéachaimid timpeall an domhain ag lorg méar ar eolas maidir le conas teacht aníos as an abar, bhoil, ní fhéachaimid timpeall an domhain. Féachaimid go háirithe ar thíortha na hAnglasféire ....

- Alan Titley, "Eiseamláir eile" (Irish Times, 17 Feabhra, 2011)

Bheul,” a dúirt sí os íseal, “ní mór dúinn tús a chur le ciall a bhaint amach as an phrácás seo uilig.”

- Proinsias Mac a' Bhaird, Rún an Bhonnáin (Guth Nua, 2010)

Bhuel, bhoil, bheul.


14 Feabhra 2011

foraois chloiche ar an trá



Níl raibh a fhios agam go raibh na stumpaí iontaisithe seo ann, ar an trá i mBré, go dtí go bhfaca mé an grianghraf seo anseo inniu, a bhuí leis an mBBC. Cheadaigh mé Reading the Irish Landscape le Mitchell & Ryan anois díreach, ach ní bhfuair mé dada sa leabhar sin faoi na crainn seo, crainn a bhí ag fás ar an trá 8,000 bliain ó shin. An bhfuil grianghrafanna eile ag éinne agaibh?

12 Feabhra 2011

sanasaíocht ghreannmhar



Sanas Cormaic, # 919:

Mala .i. moo a lló oldás in t-édan

Mala .i. is mó a ribí ná an t-éadan

I bhfocail eile, tagann “mala” ó “mó-ló” toisc go bhfuil níos mó ribí gruaige ansin ná in aon áit eile ar an aghaidh. Dar le Cormac. Focal Sean-Ghaeilge is ea “ló” a chiallaíonn “ribe; ribe olla; olann”. Níl mé cinnte, ach ní dóigh liom go bhfuil aon rian de fágtha sa teanga.

The Irish Affliction




11 Feabhra 2011

Tá an Éigipt saor?



Miṣr ḥarah a deir an postaer seo, agus is é gáir mhaíte na sluaite anois é freisin. Go maire siad imeacht Mubarak! Ach cé chomh ḥarah (saor) is atá Miṣr (an Éigipt) anois? Is maith an scéalaí an aimsir.

09 Feabhra 2011

Farouk Abdel Salam



Chonaic mé an grianghraf seo ar an New York Times ar maidin. Deir an fhoscríbhinn gur oibrithe músaeim iad na stailceoirí seo. Tá a fhios agam freisin, a bhuí le Google Translate, gurb é Farouk Abdel Salam cuspóir na hagóide. Séard atá scríofa ar na píosaí páipéir atá ina nglac acu ná:

Gan an chaimiléireacht, gan an tíoránach
Farouk Abdel Salam!

An teideal oifigiúil atá ag mo dhuine ná “First Undersecretary of State of the Ministry of Culture”, ach is cosúil gurb eisean atá i gceannas ar an rud ar fad. Agus is léir go dtuigeann chuile dhuine san Aireacht é sin. Agus gur fuath leo é.

08 Feabhra 2011

clúdach


Tá an fear seo, Chocho Takamune, tar éis clúdaigh a dhéanamh i Seapáinis ar amhráin leis na Beatles, Bob Dylan, Simon & Garfunkle, agus eile.




Taitníonn an leagan trasteangach seo go mór liom.

teachtaireacht chairdiúil



A Agóideoirí, a chairde,

Ná déanaigí dochar do na pirimidí, le bhur dtoil. Ní atógfaimid iad.

le meas,

Na hIosraeilítigh

beannacht eile



ar-dot·raib bennacht co brath

Go raibh beannacht romhat go brách!

Is ón lámhscríbhinn Rawl. 502 (atá sa Leabharlann Bodleian, in Oxford) a tháinig an bheannacht seo. Tá dhá rud suimiúil ann le haghaidh an ársaitheora.

1) Litriú an fhocail “bennacht” :

In áit “-acht” feicimid an nod a sheasann do na litreacha seo, mar atá an litir ‘s’ le líne os a cionn. Cén fáth an nod sin, ó nach bhfuil ‘s’ in "acht" ar chor ar bith? Ní hansa. Nod Laidine a bhí ann ar dtús, a sheasann do “sed”. An chiall atá le “sed” ná “ach”, nó “acht” i Sean-Ghaeilge.

2) An briathar “ar-dot·raibh” :

Is ionann “ar·tá” agus “tá roimh” i Sean-Ghaeilge. Is forainm iontáite é an “focal” beag “dot”. Ní focal ceart é, áfach, ó nach féidir leis seasamh leis féin. Pé scéal é, is “thú” an bhrí atá leis. Is féidir an coimpléasc briathartha seo a bhriseadh síos mar seo: roimh * thú * go-raibh .

07 Feabhra 2011

pictiúr stairiúil eile



Seo ceann eile ó Yosemite. Bhí mé cúpla bliain níos sine, bhí carr nua againn (station wagon le neart spáis ann le haghaidh an trealamh campála), agus bhí mé ag marú na mbreac in éindí le m'athair faoin am sin. Bhí sé de nós aige bualadh amach faoin mback country roimh éirí na gréine agus teacht ar ais le bric don BHRICfeasta. (Gabh mo leithscéal... ach níl dada níos fearr ná bric fhíor-úra sa fhriochtán ar maidin!)

06 Feabhra 2011

grianghraf stairiúil


Cliceáil.

Fuair mé bosca seanghrianghrafanna an lá cheana. Tógadh iad i Yosemite National Park nuair a bhí mé i mo ghasúr. Chaith mo thuistí dhá sheachtain ag campáil ansin chuile shamhradh, agus níor éirigh siad as nuair a saolaíodh mé. Seo mise ag 3+ bliana d'aois le mo mháthair. Féachaigí chomh sean is atá na carranna! Agus chomh beag is atá an capall.

05 Feabhra 2011

ar dheis Ken



De réir ailt ar an Wall Street Journal ar maidin, fuair ríomhaire darb ainm Watson an bua ar Ken Jennings agus Brad Rutter, beirt buaiteoirí móra ar an gclár teilifíse Jeopardy. Ní raibh suim dá laghad agam riamh sa seó seo, saghas tráth na gceist, ach chuir mé an-suim sa ghrianghraf seo. An bhfeiceann sibh é? Sea, “SMAOINIGH” (le ‘g’ buailte) thuas ansin in éineacht le THINK, PIENSE, सोचिये, agus ДУМАЙ.

comhaireamh minicíocht focal


Cliceáil le méadú.

Rinne mé an íomhá seo le Wordle, a bhuí le hAonghus a chuir ar mo shúile dom é. Séard a d'úsáid mé mar théacs ná scéilín an triúir manach. Níl ann ach sé abairt agus tá an méid sin féin sách athráiteach. Tá fianaise ghrafach agam anois gurb iad na focail is coitianta ann ná "bliadnae" agus "co", go bhfuil "fer", "cenn" agus "fri" sa dara háit, agus mar sin de.

leacht cuimhneacháin



(SEO-haíod MÍO-nár)

Tógadh an leacht seo, Túr na Mairtíreach, in Dhaka, Bangladesh, in ómós do na daoine a chaill a mbeatha ar son a dteanga sa bhliain 1952, nuair a bhí Bangladesh ina chuid de Phakistan. Nuair a bunaíodh an tír nua sin (agus meancóg ollmhor a bhí ann, dar liomsa) sa bhliain 1947, chinn an rialtas nach mbeadh ach teanga oifigiúil amháin ann: Urdúis. Ní raibh na hEast Pakistanis sásta leis an gcinneadh sin ar chor ar bith.

Cuireadh Gluaiseacht na Teanga ar bun leis an mBeangáilis ar chur ar chomhchéim leis an Urdúis. Le linn agóide in Dhaka ar 21 Feabhra 1952 mharaigh na péas cuid de na mic léinn a bhí páirteach san agóid. Ní in aisce a fuair siad bás. Tugadh stádas oifigiúil do Bheangáilis faoi dheireadh sa bhliain 1956. Agus ansin scar Bangladesh ó Phakistan sa bhliain 1971.

Tugann UNESCO aitheantas do 21 Feabhra mar Lá Idirnáisiúnta na Máthairtheanga. An raibh a fhios agaibh é sin?

02 Feabhra 2011

Bliain an Choinín




Seo amhrán le haghaidh na bliana úire ó Phink Martini i bPortland, Oregon:


Tá súil agam go gcuirfidh an íomhá dheireanach san fhíseán seo gliondar ar chroí Dhubhaltaigh!