30 Meán Fómhair 2010

Déardaoin Dubh


An tAsal faoi Bhréagriocht an Tíogair
le Uffe Christoffersen

Tá leaganacha den seanscéal seo le fáil ar fud an domhain: in Panchatantra na hIndia, i bhfabhalscéalta de chuid Aesop agus La Fontaine, agus sa tSín, mar a nglacann gabhar páirt an asail.

Fadó, fadó, bhí fear níocháin darbh ainm Suddhapata ina chónaí i sráidbhaile. Bhí asal aige agus bhí an t-asal seo fann toisc nach bhfuair sé a dhóthain le hithe. Lá amháin fuair Suddhapata tíogar marbh sa choill. “Tig liom an craiceann a bhaint de agus a chur ar mhuin m'asail,” a dúirt sé leis féin. “Cuirfidh mé ar féarach é sna gorta arbhair é. Beidh eagla ag na tuathánaigh roimhe. Íosfaidh sé a sháith agus éireoidh sé láidir.” Agus sin mar a tharla. Ach lá amháin thosaigh an t-asal ag grágaíl, bhí sé chomh sásta sin leis féin. Chuala na tuathánaigh an fhuaim sin. Thuig siad go tobann an bob a bualadh orthu. Tháinig siad le bataí is maidí agus mharaigh siad an t-asal.


Céard a tharla ansin do Shuddhapata, a rinne dochar dá chuid comharsana agus nach raibh asal aige a thuilleadh leis an níochán a iompar? Ní deirtear linn.

28 Meán Fómhair 2010

Ag beachtaíocht ar an nGaeilge...


... na céadta bliain ó shin:

Ni maith an gaeidhlge

ata ar a lan don leabur so

Scríobh mo dhuine an gearán seo ar leathanach 20 den lámhscríbhinn 1436 de chuid Choláiste na Tríonóide. Aistriúchán den tráchtas leighis De Dosibus Medicinarum le Gualterus Agilon atá sa chuid sin den lámhscríbhinn. Is é Cormac Mac Duinn Shléibhe, “basilér a fisigecht”, an duine a chuir Gaeilge ar an tráchtas seo sa bhliain 1459. Ball de “Irish medical family” iomráiteach ab ea é.

Níl a fhios agam cér scríobh an nóta imill seo, ná cathain.

27 Meán Fómhair 2010

Michael ag breathnú...


... ar an ealaíon is nua ar an mballa thuas staighre:

Scuab Fiacla le Gerrad Stockdale

Cliceáil orthu leis an gceann seo agus an ceann thíos a mhéadú.

Seo cor nua sa tseanstíl a d'fhorbair na hIndiaigh anseo sa Phacific Northwest, stíl a bhí ann roimh theacht do na hEorpaigh go dtí an ceantar seo. Tá áthas orm a rá go bhfuil fuinneamh fúithe fós.



Is maith liom an dóigh ar thug Stockdale an “ghramadach ealaíne” seo isteach sa saol atá inniu ann. Is dá bhrí sin gur thug mé an pictiúr seo leis isteach i mo theach féin!

26 Meán Fómhair 2010

in periculis


Tá an francach ar tí an eangach a ghearradh agus na colúir a shaoradh. Tá an léaráid seo as an leabhar Directorium humanae vitae, alias parabolae antiquorum sapientium .i.Comhairle ar bheatha an duine, nó seanfhocail na sean-saoithe”. Scéalta teagascacha i riocht finscéalta faoi ainmhithe atá ann.

Agus seo sean-seanfhocal Éireannach ón 9ú haois, a thosaíonn i Sean-Ghaeilge agus a chríochnaíonn i Laidin. Tá leagan níos gonta againn i nGaeilge an lae inniu, mar atá “Aithnítear cara i gcruatan.”


is and = is ansin
asgniintar = aithnítear iad
in charait = na cairde
in tan = an uair
mbither = a bhítear
in periculis = i gcontúirt

Aithnítear na cairde nuair a bhítear i gcontúirt.


Seo léarscáil as Kalîla wa Dimna, leagán Araibise den díolaim chéanna. Aistríodh é ón bhunleagan Sanscraite, an Panchatantra, scéalta a bhfuil aithne ag chuile dhuine orthu fós san India.

24 Meán Fómhair 2010

Ganesh in Éirinn


“Ganesh an Píobaire”
An Tóchar, Co. Chill Mhantáin

Tá an dealbh seo agus seacht gcinn eile le feiceáil anseo agus anseo.

Ganesh trí shúile Subodh Kerkar


Chuir na líníochtaí seo leis an ealaíontóir Subodh Kerkar gliondar orm nuair a fuair mé iad ar an idirlíon ar maidin. Ach is cosúil gur chuir siad olc ar mhionlach Hiondúch, daoine nach bhfuil acmhainn grinn dá laghad acu, de réir dealraimh.

Ní luch é an t-ainmhí beag sa chúinne. Is francach é. Bíonn vâhana nó “feithicil” ag chuile dhia Hiondúch: tarbh ag Shiva, eala ag Sarasvati, tíogar ag Kali... agus francach ag Ganesh!


Is léir nach svelte an dia é Ganesh. Ní raibh sé tanaí riamh agus is breá leis milseáin. Feictear domsa go raibh sé “chun tosaigh ar an gcuar” sa mhéid seo, áfach. Tá an saol mór (agus a mháthair, a athair agus a chuid páistí) á leanúint anois. Féach The World is Fat ar an New York Times an tseachtain seo.


Deirtear go ndónn an smaointeoireacht a lán calraí. Nó an wishful thinking é sin?


Seo Ganesh eile a thaitníonn liom!

22 Meán Fómhair 2010

Ganesh Chaturthi


Ganesh, i riocht íomhá, á iompar i Mumbai
go dtí an Mhuir Arabach,
mar a bhfágfar san uisce é
ag deireadh na féile

Rith an fhéile bhliantúil Ganesh Chaturthi (गणेश चतुर्थी) ó 11 Meán Fómhair go 22 Meán Fómhair i mbliana.

Cloiseann muid gan stad faoin bPápa agus a Eaglais agus a gcuid trioblóidí, faoi na Giúdaigh is na Moslamaigh agus a gcuid achrann, ach is beag a chloiseann muid faoi na Hiondúigh agus a gcuid déithe. Tá an dia áirithe seo, Ganesh, thar a bheith लोकप्रिय (.i. daoine-ionúin .i. tá sé i bpáirt le gach duine) san India. Fuair mé na pictiúir seo ón Times of India. Dá mbeadh orm dia a adhradh, thoghfainn Ganesh.

An bhanaisteoir Bollywood Hema Malini ag déanamh Ganesh Vandan

Íomhá den dia á hiompar ón gceardlann ag tús na féile

Dhéantaí na híomhánna seo as cré sa sean-am. Tumann lucht leanúna Ganesh na híomhánna i loch nó in abhann nó sa mhuir ag deireadh na féile. Leáidís ar ais sa chlábar sna laethanta sin gan dochar dá laghad a dhéanamh. Ach anois déantar as plástar Pháras iad de ghnáth. Ní leánn siad chomh héasca sin agus déanann siad dochar don chomhshaol. Mar sin, tá feachtas ar siúl leis an seanstíl a thabhairt ar ais.

21 Meán Fómhair 2010

focal taibhsiúil



Tá an téarma “ghost word” againn i mBéarla. Theip orm téarma mar sin a fháil i nGaeilge. Ach tá ghost words againn i nGaeilge mar sin féin. Seo dhá shampla:

dialann

Chum an foclóirí Risteard Pluincéad (floruit 1662) an focal “dia-lón” leis an bhfocal Laidine “diarium” (= “soláthar nó alúntas d'aon lá amháin”) a aistriú. Níor chiall sé “diary = cín lae” ar chor ar bith. Ach níor thuig foclóirí eile, Tadhg Ó Neachtain (fl. 1739), é sin. Chum seisean na focail “dialonach, a keeper of the daybook” agus “dialonacht, keeping of a daybook” ina fhoclóir féin. An Duinníneach a rinne “dialann” de “dialon” an Neachtanaigh ina fhoclóir (1904), ag cur “lann = áit; cf. “leabharlann,” etc.) i leaba “lon”. Et voilà. Is focal ceart Gaeilge anois é.

cigire

Edward Lhuyd (166o-1709) a thug an focal “cighim” dúinn. Níl ann, dáiríre, ach litriú eile de “cím = feicim”. Ní fhaca an Neachtanach an ponc, de réir dealraimh, agus chuir sé an focal “cigim, I see or behold” ina fhoclóir. Níor stop sé ansin, áfach. Chum sé sraith d'fhocail nua leis: “cigire, an inspector; cigireach, inspectingly; cigireacht, inspection; cigirighthe, inspected; cigirim, I inspect into”. Ghlac an Duinníneach le trí cinn de na focail seo sa chéad eagrán dá fhoclóir féin. Et voilà. Tá “cigire” agus “cigireacht” againn fós.

ghost chile

Maidir leis an ngrianghraf thuas anois, is téarma nua é ghost chile (chilli) i mBéarla an lae inniu. Agus is “ghost word” é. Maítear gurb é an chile* is teo ar domhan é. Naga jolokia agus bhut jolokia na haimneacha atá air in Assam mar a bhfásann sé. Foinse na taibhsiúlachta is ea an focal bhut.

Fásann bhut jolokia in oirthuaisceart na hIndia, i ngar don Bhútáin. Is cosúil gur tháinig bhut ó bhot, focal canúnach sna bólaí úd a chiallaíonn “Bútánach”. (Is tír Thibéadach í an Bhútáin, agus tugann na hIndiaigh bhoṭ (भोट) ar an Tibéid i Hindis.) Tá focal eile in Asaimis agus i Hindis, bhût (भूत), a chiallaíonn “taibhse”. Et voilà, bhût in áit bhut in áit bhoṭ. Ach... nach deas an téarma é ghost chile dá ainneoin sin?

* Cillí an focal atá againn i nGaeilge, ach ní maith liom é. Is dóigh liom gur focal silly é, bíodh is go dtosaíonn sé le /k/.

Dála an scéil, is anseo i Seattle a dhéantar na caramail sa phictiúr thuas. Níl ach soupçon de theas iontu.

20 Meán Fómhair 2010

consolatio religionis?


Nóta imill é seo as an lámhscríbhinn 3 B 23 in Acadamh Ríoga na hÉireann. Tadhg Úa Ríghbhardáin, scríobhaí an leabhair seo, a bhreac síos é. Séard atá sa leabhar seo ná díolaim de théacsanna creidimh, seanmóirí agus peannadóirí den chuid is mó.

Ni tucais mo craide dam a libuir


re cois caich ga breith uaim

Níor thug tú mo chroí dom, a leabhair,
le cois cáich á mbreith uaim.

Is cosúil gur chaill an fear seo cairde is gaolta, agus nach bhfuair sé sólás sna focail chráifeacha a bhí á gcóipeáil aige.

díbhaisteadh?


In alt ar an New York Times inniu, deirtear go ndúirt Jürgen Mettepenningen, urlabhraí an Ardeaspaig Léonard, go bhfuil na céadta Caitliceach Beilgeach tar éis litreacha a chur chucu ag iarraí “díbhaisteadh”*. Ní raibh a fhios agam go raibh a leithéid de dheasghnáth ar fáil. Chuaigh mé caol díreach go Google, mar is iondúil, agus d'fhoghlaim mé go bhfuil daoine ann atá á dhéanamh dóibh féin - le triomadóirí gruaige!


* “Hundreds of Belgian Catholics have already sent letters asking to be debaptized, said Jürgen Mettepenningen, the spokesman for Archbishop Léonard.”

Tá sé ag caint i mBéarla!


Uaireanta bíonn aiféaltas orm nuair nach féidir liom duine éigin atá ag caint i nGaeilge a thuiscint. Ach ansin is cuimhin liom nach féidir liom Béarlóirí eile a thuiscint minic go leor. Ní bhíonn fadhb agam de ghnáth le daoine a d'fhoghlaim an Béarla, ná le daoine as Meiriceá den chuid is mó, ná leis na tuairisceoirí ar an mBBC.

Ach is cuimhin liom fós na fadhbanna a bhí agam leis an tuin Ghlaschúch na blianta ó shin. Agus an píosa ar an mBBC faoi thiománaí leoraithe cianaistir: thuig mé an tiománaí as an Danmhairg gan stró, murab ionann agus an tiománaí as Tuaisceart Shasana!

Tig liom samplaí eile a thabhairt daoibh ó scannáin, ó chláir theilifíse, agus mar sin de. Ach seo agaibh sampla a thugann an chraobh leis:



Aistriúchán ag teastáil uaibh?

Seo é an tras-scríobh:

It was only a minority that spoiled it for us last time and this time it's going to be a good game of football and every cunt's going to hopefully get on with each other.


17 Meán Fómhair 2010

Fésbók?


Nó:
  1. flettismetti
  2. andrit
  3. fasbók
  4. masbók
  5. trýna
  6. vinatorg
  7. vinamót
Cad é an Íoslainnis ar Facebook? Tig leis na hÍoslannaigh vótáil air, a bhuí le feachtas atá ar siúl ag Mjólkursamsalan, comharchumann déiríochta sa tír sin. Cuireann siad na focail nua seo faoi bhráid an phobail ar a gcuid cartán bainne in éineacht le cartúin le Halldór Baldursson: an ceann seo thuas, mar shampla. Tá alt suimiúil faoi seo i mBéarla anseo.

Níl a fhios agam céard go díreach a chiallaíonn flettismetti, andrit, vinamót agus mar sin de. An bhfuil Íoslainnis ag éinne amuigh ansin?

16 Meán Fómhair 2010

ózón san atmaisféar


Dea-scéal os ár gcionn!

An poll san ózón os cionn an Antartaigh
Meán Fhómhair 2006

Deir tuarascáil nua ó UNEP, a tháinig amach inniu (16 Meán Fómhair), go bhfuil Prótacal Montréal ar Shubstaintí a Ídíonn an tÓzónaisféar ag obair. Níl an t-ózónaisféar, a chosnaíonn an Talamh ar radaíocht infridhearg, ag laghdú níos mó. Smaoiníonn na heolaithe go slánófar an chuid is mó de faoi lár an chéid seo. Cosc idirnáisiúnta ar chlórafluaracarbóin (CFC), a bhíodh coitianta i gcuisneoirí agus i gcanna spré tríocha bliain ó shin, is cúis leis an athrú chun feabhais.

14 Meán Fómhair 2010

peannadóir leadránach


Tig leat cliceáil ar na híomhánna len iad a mhéadú.

Cidbé le bud emeilt, do scribus mar

do fuarus ind lebur so nó fós.

Cibé ar fadálach leis é, scríobh mé mar a fuair mé an leabhar seo.

Bhreac an scríobhaí, Tadhg Ó Ríoghbhardáin, an leithscéal seo síos ag bun leathanaigh 23 sa lámhscríbhinn 3 B 23 de chuid Acadamh Ríoga na hÉireann. Séard a bhí á chóipeáil aige ag an am sin ná peannadóir (lámhleabhar peannaide) Sean-Ghaeilge. Is léir nach raibh suim ró-mhór aige i gcúrsaí leorghnímh!

ag beartú na leabhrán


Iran, inniu: an Córán

An tSín, inné: An Leabhar Beag Dearg

litreacha aisteacha


robhui telchomrac mor

Tá sé ar intinn agam Nua-Ghaeilge a chur ar théacs gairid as LS 3 B 23 in Acadamh Ríoga na hÉireann. Is lámhscríbhinn ar phár í a scríobhadh sa chúigiú haois déag. An chéad rud a thug mé faoi deara, áfach, ná peannaireacht an scríobhaí. Tá sí an-soiléir den chuid is mó, ach b'éigean dom dul i dtaithí ar an gcruth neamhghnách a chuir sé ar chúpla litir. Féach mar shampla an ‘t’ agus an ‘a’ san fhocal “telchomrac” (= terchomrac = comhdháil) thuas. Tá na litreacha seo an-chosúil le ‘d’ agus le ‘q’ ar an gcéad amharc!

13 Meán Fómhair 2010

an t-ab úd a ndearnadh bean de: aguisín



Fuair mé amach gur aistrigh Máire Nic Mhaoláin (an bhean a chuir Gaeilge ar Harry Potter) an scéilín seo go Nua-Ghaeilge thiar sna seachtóidí. Le bheith cruinn, nocht a aistriúchán in Feasta i Mí na Samhna, 1974, leis an teideal “An Fear a nDearnadh Bean De”.

An bhfuil fáil ag éinne anseo air?

12 Meán Fómhair 2010

Fíon dearg eile, led thoil!



De réir páipéar nua san irisleabhar Alcoholism: Clinical and Experimental Research, tá an méid seo fíor, i Meiriceá Thuaidh ar aon nós:

1. Maireann óltóirí measartha (daoine a ólann idir 1 agus 3 dheoch an aghaidh an lae) níos faide ná óltóirí troma... agus níos faide ná staonairí.

2. Agus maireann óltóirí troma ... fan leis seo ... níos faide ná staonairí!

Nocht alt faoi seo sa leagan clóite de Time Magazine (20 Meán Fómhair) agus ar líne anseo.

In ainneoin an méid a dúirt Pól le Tiomóid sa chéad litir chuige, “Ná hól uisce leis féin a thuilleadh ach tóg braon fíona ar mhaithe leis an ngoile,” tá Críostaithe ann -- Mormannaigh, Ateachtaigh an tSeachtú Lá, mar shampla -- a dhiúltaíonn an chomhairle sin scun scan. Agus maidir leis na Moslamaigh, séard a deir an leabhar acu ná:

A chreidmhigh! Truailliú ó Shátan is ea deoch mheisciúil agus cearrbhachas agus lámhdhéithe agus saigheada fáistine. Seachain iad le go n-éireoidh leat. 5:90

09 Meán Fómhair 2010

Clodine et Madeleine


Clodine et Madeleine vont à la plage.


- An bhfeiceann tú éinne ansin?
- Ní fheicim.


- Agus thall ansin?
- Duine ná deoraí.


- An bhfuil tú cinnte?
- Chomh cinnte le breacadh an lae.


- Seo é do bhúrca mar sin. Fuair mé ceann deas chartreuse ar lascaine ó Hijab-R-Us.com. Caith ort go beo é. Ach dáiríre, chérie, nach mbeadh griansciath níos éasca??

Go raibh maith agat, Max, as na pictiúir!

Dia ag caint leis féin:



Mac: Mura mbeadh am ann?

Athair: Tharlódh chuile rud ag an am céanna.

Mac: Agus mura mbeadh spás ann?

Athair: Tharlódh chuile rud duitse! Agus domsa!

Mac: Agus don cholúr?

Athair: Agus don cholúr!

08 Meán Fómhair 2010

ab meánaoiseach trasghnéasach


oglach dobí in abdaine drumanaigh

Tá na focail seo le feiceáil i Leabhar Fhear Maighe, lámhscríbhinn de chuid Acadamh Ríoga na hÉireann. Is cuid iad den chéad abairt sa scéal “Ab Droimeanaigh a nDearnadh Bean De”. Tá an scéal seo le fáil i gceithre lámhscríbhinn. Cuireadh an téacs in eagar in Anecdota from Irish Manunscripts céad bliain ó shin. Tosaíonn sé mar seo:

Aroile óclách robæi i n-abdaine Druimenaigh, trialltair lais fled morchain do denam do fritheolad na cásc. Iar n-ullmughadh na fledhi téit int oclach amach asin mbruidhin 7 suidhidh for cnoc ardmor uráibhind bai ós cinn baile...

Bheadh sé réasúnta éasca Gaeilge an lae inniu a chur air. An litriú is mó a bheadh le hathrú. Léigh mé an scéal seo deich mbliana ó shin agus bhain sé gáire asam. Séard a tharraing m'aird arís air ná an bhlagmhír seo a léigh mé inniu, iontráil in Beachcombing's Bizarre History Blog. Tá aistriúchán Béarla den scéal ann, in éindí le míniú dá bhfuil taobh thiar de. Níl a fhios agam cá bhfuair sé an t-aistriúchán ná an míniú, áfach.

07 Meán Fómhair 2010

Chetwynde Downs



Tar éis sos rófhada tá Chetwynde Downs ar ais arís!

Ná cailligí é!

seanscríobh?


An focal é seo, nó abairt iomlán?

Tá an líníocht seo ón leabhar The Pictish Symbol Stones of Scotland. Ní deir údar an leabhair, Iain Fraser, gur “scríobh” atá sna pictiúir/comharthaí seo. Ach tá fear eile, an tOllamh Rob Lee ó Ollscoil Exeter, ag maíomh gur script atá ann agus go bhfuil cruthú matamaiticiúil aige go bhfuil an ceart aige. Pléann Phil Dunshea (Ollscoil Cambridge) an cheist anseo. Is léir ón bparagraf deireanach nach bhfuil chuile dhuine den tuairim go bhfuil aon substaint i teoiric an Ollaimh Lee. Mórán cainte ar bheagán cúise?

06 Meán Fómhair 2010

scríobh nua


An focal é seo, nó abairt iomlán?

Cliceáil le méadú.

05 Meán Fómhair 2010

Tí'Swaq'



Seo grianghraf a thóg mé seachtain ó shin ón Union Bay Natural Area. “The Mountain” a thugann muid ar an sliabh de ghnáth, ach is é Mt. Rainier an t-ainm oifigiúil atá air. D'ainmnigh Sasanach amháin, an Captaen George Vancouver, as Sasanach eile é, cara leis leis darbh ainm Peter Rainier. Aimiréal a bhí ann nach bhfaca an sliabh riamh! Céard go díreach a rinne an tUasal Rainier riamh ar ár son le go mbeadh ómós buan againn dá ainm???

Is sliabh maorga é, volcán atá chomh hard go bhfuil sé clúdaithe le sneachta an bhliain ar fad. Tá níos mó ná 26 oighearshruth air. Tá sé níos sneachtúla ná aon bhinn eile sa tír seo taobh amuigh d'Alaska.



Feicim anois go bhfuil feachtas nua ar siúl le hainm eile -- seanainm de réir na ndaoine a thacaíonn leis -- a bhaisteadh ar An Sliabh. Níor chuala mé an t-ainm seo, Tí'Swaq', riamh roimhe seo. "Tacoma / Tahoma" (ó Tǝqúbǝd nó Təqʷúʔbəʔ) a chloistear de ghnáth mar mhalairt ar Rainier.

02 Meán Fómhair 2010

pubaill


Seo é an Khan Shatyr i gKazakhstan, an puball is mó ar domhan.


Agus seo é an ceárta gloine (“The Hot Shop”) ag an Museum of Glass i dTacoma. Ní puball atá ann dáiríre, ach tá an cruth céanna air: cón ar leathstuaic. Tá an cruth seo le feiceáil freisin sa tipi clasaiceach, puball Indiach Mheiriceá:



Cén fáth cón ar leathstuaic?


Is breá liom an cruth seo, agus an spás a chruthaítear istigh. Ar an drochuair, ní bhíonn saol fada ag an anairt san aeráid fhliuch atá againn anseo in Iarthar Washington. Ní bheidís ró-shásta faoi spéartha báistí na hÉireann ach oiread. Tógadh an pictiúr thuas ar bhruach na hAbhann Columbia in Oirthear Washington (“an taobh tirim”) mura bhfuil dul amú orm. Nomadics Tipi Makers a rinne na pubaill seo.

An Corsacach agus an crann



Chuir an pictiúr seo leathrann le Giolla Brighde Ó hEoghusa i gcuimhne dom:

A dhuine chuirios an crann
cía bhus beó ag búain a ubhall?

Dún do ghob!


Pííí...umph.

01 Meán Fómhair 2010

Faigheann Éabha comhairle a leasa.


Is breá liom an tsraith seo! Fuair Ophelia, Desdemona agus Juliet dea-chomhairle uaidh in eipeasóidí eile. Cliceáil faoi dhó ar an scáileán le radharc iomlán a fháil. (Is breá liom freisin freagra an SGF nuair a deir Éabha “No way!”)

Ba ghad um ghaineam é.


Sa tSean-Ghaeilge, “Ba gat imm gainem.” I bhfocail eile, bheadh sé fuar againn iarracht a thabhairt ar ghaineamh a cheangal le gad. Bhí a lán abairtí mar sin sa tSean- agus sa Mheán-Ghaeilge a deir - go mearfarach - go mbeadh gníomh éigin gan mhaith, gan éifeacht, nó dodhéanta.


Tá abairt mar sin acu sa Fhraincis a thaitníonn go mór liom:

C'est comme tuer un âne à coup de figues molles.

c'est = tá sé
comme = ar nós
tuer un âne = asal a mharú
à coup de = le buille de
figues molles = figí boga, ró-aibí