30 Meitheamh 2010

Hotei


cadás - mála
Ho - Tei


Cliceáil le méadú.

Is firín beag áthasach é an Hotei seo, greanta as séad ó Bhritish Columbia. Cónaíonn sé i mo thruiclín de ghnáth, ach chuaigh sé go hOregon in éindí liom an tseachtain seo caite sa Phrius a fuair mé ar cíos.

gramadach



Cé acu ceann is fearr:

1. an oifig an phoist is gaire duit

2. an oifig phoist is gaire duit

3. (rud éigin eile)

29 Meitheamh 2010

Crack in the Ground


Ó thaitin na pictiúir eile libh, seo cúpla radharc eile.








Agus seo an cnuasach beag a rinne mé sa Chrack: canna beorach, buidéal vódca, buidéal uisce, agus cleite seabhaic, ina luí ar an bPrius deannachúil, sagebrush agus crainnte aitil máguaird. Sin an méid bruscair a chonaic mé. Ní raibh éinne eile ann ag an am sin. Thiomáin mé deich míle ar bhóthar gairbhéil, ruball coiligh de dheannach i mo dhiaidh an t-achar ar fad, le Scoilt sa Talamh a bhaint amach, ó bhaile beag darb ainm Christmas Valley atá suite i lár Lake County, Oregon. I bhfocail eile, ar chúl éaga.



“Ná tóg ach pictiúir, ná fág ach coiscéimeanna,” an mana sna páirceanna náisiúnta, cé nach páirc náisiúnta an áit seo ar chor ar bith. Thóg mé an bruscar liom... agus tá an cleite agam fós.

basalt, sean agus nua


Dhoirt basalt na Binne Báine i gCo. Aontroma amach as an talamh 60 milliún bliain ó shin. Basalt réasúnta sean atá ann.


Tá an basalt atá le feiceáil ar fud na háite in Oirthear Washington agus Oregon i bhfad níos óige, idir 17 agus 6 milliún bliain d'aois. Chlúdaigh na Columbia River Flood Basalts thart faoi 63,000 míle cearnach sa taobh sin tíre. Tá 32,599 míle cearnach in Éirinn (an t-oileán ar fad). Seo cúpla pictiúr a thóg mé ansin an tseachtain seo caite. Tig leat iad a mhéadú, mar is iondúil.

Os cionn Picture Gorge


Gearradh nua le taobh an bhóthair

28 Meitheamh 2010

neamhspleáchas?



Is cosúil go bhfuil an tAoire Gearmánach den bharúil go bhfuilimid beo fós sa mheánaois. Tá fearg air anois toisc nár thug póilíní na Beilge ómós dá laghad don Eaglais mar eagraíocht speisialta a bhfuil dlí dá cuid féin aici. Ach ní aithníonn rialtas na Beilge dlí canónta na hEaglaise. Bhí an Eoraip faoi smacht ag an Eaglais agus ag a dlí tráth den saol, ach tá an ré sin thart. Tig leis an bPápa a bheith ag rámhaille faoi reciprocal specificity and autonomy” an dá chórais, an córas cléiriúil agus an córas sibhialta, ach is finscéal é sin. Níl stádas speisialta ag an Eaglais a thuilleadh. Tá sí cosúil le corparáid ar bith eile. Tig le corparáid rialacha dá cuid féin a bheith aici, cinnte, ach má dhéantar coir (agus is coir éigniú agus mí-úsáid leanaí ar fud an domhain), ní mór do na póilíní (an Belgian Crown Prosecution Office sa chás seo) imscrúdú coiriúil a dhéanamh. Ní raibh a lán póilíní in a lán tíortha sásta é sin a dhéanamh go dtí le déanaí. Bhí an iomarca - i bhfad an iomarca - ómóis acu don Eaglais. Ach is léir don saol mór agus a mháthair anois nach bhfuil an Eaglais le trust.

Na Manaigh sa Bhéarlagair Chinook



Tá mé díreach tar éis Béarlagair Chinook a chur ar scéilín an Triúir Manach. Mar a dúirt mé cheana, is pidsean nó nasctheanga é an béarlagair seo, meascán de theangacha dúchasacha (Chinook, Chehalis, Clackamas, Calapooia, Clallam, Bellabella, Nootka, Klickitat, Wasco, Salish), de Fhraincis agus de Bhéarla. Seo iad na focail Eorpacha sa scéilín:

leplet = sagart ~ le prêtre

mahsh = fág, imigh ~ marche / marcher = siúil

lemolo = fiáin ~ le marron = sclábhaí ar teitheadh, ainmhí fiáin

town = baile mór ~ town

cole = geimhreadh, bliain ~ cold

spose = má ~ suppose

27 Meitheamh 2010

an taobh tirim agus an taobh fliuch

Tá Washington agus Oregon roinnte i dhá leath, an trian fliuch ar an taobh thiar, agus an dá thrian eile atá tirim. An fáth leis seo ná an Cascade Range, an sliabhraon atá le feiceáil ar an léirscéail seo. Tagann “an aimsir” aniar as an Aigéan Ciúin agus tá na sléibhte seo chomh hard agus go bhfáisceann siad cuid mhaith den uisce as na scamaill. Tá an tír ar an taobh thoir den sliabhraon i bhfad níos tirime. Sagebrush country is ea a lán de.


Thug mé cuairt ar an taobh tirim an tseachtain seo caite. Ní i mo phickup (“an gairdín gluaiseachtach”), ar ndóigh, ach i bPrius beag tíosach a fuair mé ar cíos. Bhí an t-earrach seo an-fhliuch sa Phacific Northwest agus bhí an taobh tirim an-ghlas fós. Agus bhí a lán bláthanna fiáine le feiceáil! Ní luibheolaí mé ar chor ar bith, ach bhí sé éasca grianghrafanna a thógáil díobh. Seo cuid acu:




26 Meitheamh 2010

Chinook Jargon


Thug mé cuairt ar Powell's Books, siopa leabhar ollmhór i bPortland, Oregon, Dé Máirt, mar a bhfuair mé seoid bheag ar bheagán airgid. Le bheith cruinn, is leabhar beag é (4" X 6", 84 lch.) agus níor thug mé ach $19.95 air, níos lú ná leabhar nua faoi chlúdach crua.


Mar a fheiceann sibh, foilsíodh beagán níos mó ná céad bliain ó shin é agus tá inscríbhinn ón údar ann.


Pidsean nó nasctheanga is ea Chinook Jargon, a bhíodh in úsáid ar fud an Phacific Northwest sa naoú haois déag mar nasc idir na bundúchasaigh (a raibh a lán teangacha éagsúla acu), na trádálaithe Ceanadacha (a raibh Fraincis mar phríomhtheanga acu) agus na Meiriceánaigh. Ní teanga chríochnaithe a bhí inti, ach creatlach gharbh nach raibh ach ± 600 focal agus gramadach an-simplí aici *. Chuir mé suntas di den chéad uair fiche bliain ó shin nuair a tháinig mé go Seattle ó Chalifornia. Cé nach gcloistear í níos mó, tá sí le feiceáil ar fud na háite ar an léarscáil. Mar shampla, thrasnaigh mé an abhainn Skookumchuck ar an mbealach go Portland. Is ionann “skookum” agus "cumhachtach” agus ciallaíonn “chuck” “uisce” **.

* “A grotesque jargon called Chinook is the lingua-franca of the whites and Indians of the Northwest. It is a jargon of English, French, Spanish, Chinook, Kallapooga, Haida, and other tongues, civilized and savage.”
- Theodore Winthrop, 1863

** skookum [skúkǝm] = “cumhachtach, láidir; osnádúrtha agus contúirteach” ó [skᵂəkᵂúm] = “diabhal” sa teanga Lower Chehalis

** chuck [čək] = “uisce” ó [č’aʔak] = “uisce, abhainn” sa teanga Nootka (Nuu-chah-nulth)

21 Meitheamh 2010

r rotunda



Chuir “Anonymous” (Fearn?) ceist orm maidir leis an ‘r’ seo seachtain nó dhó ó shin. “R rotunda” an t-ainm atá ag na clóghráfóirí air. Bhíodh sé sách coitianta i lámhscríbhinní ar fud na hEorpa tráth den saol, ní hamháin i LSS Gaelacha. Tagann sé ar lorg na litreach ‘o’ de ghnáth, ach faightear é freisin ar lorg litreacha eile a bhfuil an taobh deas díobh cruinn: p, b, etc.

“Gormlaith glórda”, sampla as an Leabhar Laighneach



Bhí an r rotunda le fáil i gcúpla clófhoireann luath freisin. Seo thuas leathanach as Lochrann na gCreidmheach, a cuireadh i gCló Gaeilge na Róimhe i lár an tseachtú haois déag. Tá an r le feiceáil faoi dhó ag deireadh an chéad pharagraf:

7 ór nolc féin do gheibhimid na fiachasa do bheith oraind.

NB: ór nolc = ónár n-olc

19 Meitheamh 2010

tré ársa



“Trí rud a thagann le haois:
dearmad agus ...
ní cuimhin liom an dá cheann eile.”


“Old Merlin” le Richard Svensson

ag cur thar maoil




Tógadh na pictiúir seo seachtain ó shin nuair a bhí an ghrian ag taitneamh. Tá craobh fhliuch ar an lá inniu agus deirtear nach mbeidh aon athrú ar an aimsir amárach. Tá sé 13°/55F anois díreach ag 4:45 i.n. *osna*

leagan cuileog




Tharla sé i Havering, Sasana, ach is dócha gur thuig sibhse in Éirinn ar an toirt céard a bhí i gceist ... murab ionann agus mise, an Poncán bocht. Tá's agam céard is “cow tipping” ann, cinnte. Ach conas a leagtar cuileog?

“Sacred Cow Tipping” an teideal ar an gceann seo!

Daoibh siúd atá in amhras faoi “cow tipping”, is miotas é ceart go leor, murab ionann is “diúscairt mhídhleathach”, téarma stuama nach bhfuil filíocht dá laghad ag baint leis, faraor.

16 Meitheamh 2010

The Rational Optimist



Deir Matt Ridley go bhfuil rath ar an gcine daonna inniu nach raibh orainn riamh roimhe agus go bhfuil an rathúnas ag méadú. Tagann sé ó chuile dhuine a bheith ag obair do chuile dhuine eile.

Thosaigh sé seo 100,000 bliain ó shin le dhá rud: (1) malartú earraí is seirbhísí, agus (2) speisialtóireacht. Saghas “inchinn comhchoiteann” a d'fhás astu seo. Tig linn pinn luaidhe, na mílte acu, a dhéanamh gan dua. Ach níl duine aonair againn in ann fiú is peann luaidhe amháin a dhéanamh leis féin “ón talamh aníos” gan dua dochreidte. Séard atá againn de bharr an chomhair seo ná caighdeán maireachtála atá ag síor-fheabhsú.

Tá muid níos spleáiche ar a chéile ná riamh. Tá níos mó muiníne againn as a chéile ná riamh agus tá muid níos féile lena chéile ná riamh, creid é nó ná creid. Is cúis dóchais dúinn féin agus don phláinéad é seo.

Tá mé leath bealaigh tríd an leabhar anois. Scríbhneoir agus scéalaí an-éifeachtach é Ridley. Tá a chuid próis éasca a léamh agus tá fíricí agus/nó míniú agus/nó conclúid ar beagnach gach leathanach a choinníonn mo shúile ar oscailt agus m'intinn ag obair. Níl a fhios agam fós an bhfuil mé ar aon intinn le Ridley maidir leis na conclúidí uilig agus leis an anailís taobh thiar díobh. Ach mar a dúirt William Easterly sa léirmheas - sách beachtaíoch, dála an scéil - a scríobh sé ar an New York Times Dé Domhnaigh, “A High-Five for the Invisible Hand”, is fiú an leabhar seo a léamh “for its fascinating history of trade and innovation”.

Seo sliocht as a bhain gáire asam:

The Dark Ages were a massive experiment in the back-to-the-land hippy lifestyle (without the trust fund): you ground your own corn, sheared your own sheep, cured your own leather and cut your own wood. Any pathetic surplus you generated was confiscated to support a monk, or maybe you could occasionally sell something to buy a metal tool off a part-time blacksmith. Otherwise, subsistence replaced specialisation.

in Oregon, i Meicsiceo & in Éirinn


Tá an petroglyph seo le feiceáil ar chloch in oirdheisceart Oregon, a bhuí leis an suíomh seo. Ní fhaca mé patrún eile mar seo riamh ar chloch. Tá fiarláin, ciorcail, bíseanna, agus breacaireacht de chuile shaghas eile sách coitianta i gclochscríbhinní an Great Basin, ach is neamhghnách amach é an píosa cuasa-fhrachtal (quasi-fractal) seo.



Tá patrún an-chosúil leis seo le feiceáil i riocht eile in áiteanna eile, áfach. Seo ojo de dios, rud a dhéanann na daoine Huichol i Meicsiceo:




... agus féach uimhir a cúig ar an leathanach seo, cros Bríde ó Cho. Ard Mhacha:



Cén fáth a gcuireann an patrún seo gliondar orm?

Eaxodus 20:4


“Ná déan duit féin aon íomhá ghreanta!”

íomhá Íosa roimh an tintreach ó neamh


cúpla nóiméad i ndiaidh na tintrí

12 Meitheamh 2010

scéal i mbeagán focal


Eitleog is ea an “an long fa seól isinn aer” seo.

Tháinig an scéilín seo, a bhfuil 658 gcarachtar ann, ón lámhscríbhinn Edinburgh 26. Chuir Kuno Meyer eagar air in Anecdota from Irish Manuscripts.

Lá n-áen robátar muintear Clúana a n-oireachtus for urrlár na cille. Amal bátor and for a ráithseachaibh co facatur an long fa seól úaistibh isinn aer, ocus sí ag siubhal amal beth foran fairgi. Ótcíat íaramh lucht na luingi an t-oirechtus 7 an aitreibh fuithibh, cuirit iarumh an acaire amach .i. leanaidh an t-acaire thís for urlár na ecailsi, cor gabhsat na cléirigh hé. Tig fear anúas asan luing a ndeghoidh an acaire 7 mar budh uisgi dó, is amlaidh bói oc snám, co ríacht an acaire go bert tis [sic] é íarumh. 'Ar Dia frib! légidh úaib mé!' ol sé, 'úair atáthur ocum báthadh agaib'. Luid úaithibh íarsin for snám isi[n] aer cédna 7 a acaire lais 7 rl.

Agus seo é an dán a rinne Seamus Heaney as, a bhfuil 546 charactar ann:

The annals say: when the monks of Clonmacnoise
Were all at prayers inside the oratory
A ship appeared above them in the air.

The anchor dragged along behind so deep
It hooked itself into the altar rails
And then, as the big hull rocked to a standstill,

A crewman shinned and grappled down the rope
And struggled to release it. But in vain.
'This man can't bear our life here and will drown,'

The abbot said, 'unless we help him.' So
They did, the freed ship sailed, and the man climbed back
Out of the marvellous as he had known it.

Tá mé cinnte go mbeadh muid in ann é seo a insint go héifeachtach i Nua-Ghaeilge i níos lú ná 300 carachtar. Seo leagan den scéilín i dteanga an lae inniu a fhanann chomh gar agus féidir leis an mbunleagan. Dála an scéil, is féidir na carachtair i bpíosa scríbhneoireachta a chomhaireamh go héasca anseo. Tá 696 sa cheann seo:

Lá amháin bhí muintir Cluana in oireachtas ar urlár na cille. Nuair a bhí siad ag díospóireacht ann chonaic siad an long faoi lán seoil os a gcionn san aer, agus í ag siúl amhail dá mbeadh sí ar an bhfarraige. Ansin feiceann lucht na loinge an t-oireachtas agus an t-áitreabh fúthu. Cuireann siad an an t-ancaire amach. Síneann an t-ancaire síos go dtí urlár na heaglaise agus ghabh na cléirigh é. Tagann fear anuas as an long i ndiaidh an ancaire. Agus mar ba uisce dó is amhlaidh a bhí sé ag snámh gur shroich sé an t-ancaire agus gur rug sé air ansin. “In ainm Dé, ligigí uaibh mé,” ars eisean, “óir tá mé do mo bhá agaibh!” Chuaigh sé uathu ansin ag snámh san aer céanna agus a ancaire leis.

11 Meitheamh 2010

beagán níos faide ná Twitterature



Luaigh mé an t-alt le James Poniewozik ar Twit Lit (scéalta a ríomhtar le 140 carachtar nó níos lú) ar Chín Lae Uí Reachtair an lá cheana, ó tharla go raibh litríocht agus léirmheastóireacht faoi chaibidil aige. Fuair mé múnla nua litríochta eile ar an idirlíon inniu: an Matchbook Story. Séard atá ann ná scéal a insítear le 300 carachtar nó níos lú agus a chlóbhuailtear ar matchbooks. Seolfar an dara huimhir den “iris liteartha” seo i Santa Cruz, California, ar an gcéad lá den mhí seo chugainn.

An bhfuil Éire réidh lena leithéid? I nGaeilge?

BP



Is cosúil gurb ionann BP agus British pensions chomh maith le British Petroleum. Ní raibh a fhios agam sin go dtí inniu. Is cosúil go bhfuil an fhearg ar an taobh seo den Atlantach ag cur imní ar pholaiteoirí agus ar infheisteoirí ar an taobh eile. Buachaill bán agus cash cow de chuid na gcistí pinsean is ea BP le fada an lá thall ansin. Ach - hello! - níl aon rud cinnte sa stocmhargadh.

pelvic inlet depth index




Pelvic inlet depth index: téarma nach bhfuil ag focal.ie. D'fhoghlaim mé inné é agus mé ag éisteacht* le leabhar nua, Pandora's Seed le Spencer Wells. Píosa deas popular science atá ann. Níl a fhios agam conas é sin a rá i nGaeilge ach oiread. Maidir le popular culture, tá na roghanna seo a leanas ag focal.ie:

cultúr pobail
cultúr coiteann
cultúr na ndaoine
cultúr an phobail

Pé scéal é, is cosúil -- agus ní eolas nua é seo -- go raibh coirp níos folláine ag ár sinsir i bhfad ó shin roimh an réabhlóide neoilití, nuair a bhí chuile dhuine ina fhiagaí/cnuasaitheoir. Scríobh Jared Diamond alt faoi seo, “The Worst Mistake in the History of the Human Race”, fiche trí bliana ó shin.

Bhí a fhios agam ó altanna mar seo go raibh muid níos bige mar fheirmeoirí ná mar a bhí muid mar shealgairí. Ní raibh a fhios agam go raibh breith clainne níos éasca agus níos sábháilte ag an am sin freisin. Tá an cine daonna níos airde arís inniu, faoi dheireadh thiar thall. Ach níl an pelvic inlet depth index chomh hard fós agus a bhí sé 10,000 bliain ó shin.

* Tá an closleabhar níos saoire ($14.95 ó iTunes) ná an leabhar clóite ($26.00, ach $15.21 ó Amazon).

10 Meitheamh 2010

beoir + fíon + meá =



Mar a deir an lipéad, tá an leann seo déanta as eorna, mil, fíonchaora agus cróch. Bhí sé againn ag dinnéar aréir in éindí le polenta le hanlann marinara, cál catach bruite go mall le bagún agus oinniún, agus borsch biatais fuar ón oíche roimhe le daba fial de iógart Gréagach.

Conas a bhí sé? Go hálainn! Leann a bhí ann, gan dabht dá laghad, ach an-mhín agus beagáinín milis. Chuir sé gewürtztraminer Alsáiseach i gcuimhne dom. Fuair na grúdairí ag Dogfish Head an t-oideas ó sheandálaí móilíneach (molecular archaeologist) a rinne anailís ar iarsma den deoch a bhí fágtha i soithí cré ó thuama ón ochtú haois BC i nGordium sa Tuirc.

09 Meitheamh 2010

rune around



Cloch rúnscríbhinne í seo. Tá sí suite i Skåäng, sa tSualainn. Ní raibh mé riamh sa tír sin, ach is cosúil go bhfuil na clocha seo le fáil ar fad na háite. Tá an inscríbhinn seo inléite gan dua. Ach deir Marco Bianchi, saineolaí i dteangacha Nordacha, nach bhfuil ach gibris ar chuid acu.

Uaireanta ní raibh na daoine a ghrean iad in ann scríobh dáiríre, agus ní raibh an gnáth-Víkingr in ann na litreacha a léamh. Ach bhí chuile dhuine sásta mar sin féin toisc go raibh ardghradam ag baint leis an gcloch féin a bheith ann.

Smaoinigh, mar shampla, ar na daoine sa lá atá inniu ann a bhfuil tatú orthu i dteanga/script choimhthíoch nach dtuigeann siad ar chor ar bith, tatúnna atá lochtach nó áiféiseach sách minic. Ach tá na daoine a cheannaigh iad breá sásta leo mar sin féin.

Mar a dúirt mé, tá an ceann seo inléite. Séard atá scríofa air ná:

+ gnubha ÷ liþ : raisa : stain : þinsa : hibtiR : kulaif : bruþur sin han : antaþis : austr : at þikum

.i.

Gnupa let ræisa stæin þennsa æftiR Guðlæif, broður sinn. Hann ændaðis austr at þingum.

.i.

Thóg Gnúpa an chloch seo i gcuimhne Gulleifr, a dheartháir. Fuair sé bás thoir sa Dáil.

07 Meitheamh 2010

Spanglish arís



In alt faoin gcumann seo ar an Wall Street Journal inniu, d'aistrigh siad “Asociación Amigos del Ferrocarril Belgrano” mar “Amigos of the Belgrano Railroad Association”. Ní dóigh liom go bhfuil mórán Béarlóirí abhus anseo i SAM nach dtuigeann na focail amigo, dinero, agus mañana. Is cosúil gur focal Béarla anois é an chéad cheann seo dar leis an WSJ.

Spanglish abú!

íobairt


Seo iad chéad véarsaí an dáin Ένα το χελιδόνι (Ena to khelidoni) le Οδυσσέας Ελύτης (Odysseas Elytis). Bronnadh an Duais Nobel sa Litríocht air sa bhliain 1979. Rinne Mikis Theodorakis amhrán den dán. Tig libh éisteacht le leagan amháin de anseo.


Fáinleog amháin agus an t-earrach daor:
Le go n-éireoidh an ghrian ní mór neart oibre.

Ní mór na mílte marbh ag na rothaí,
Ní mór do na beo a gcuid fola a thabhairt.

In áit eile, ag am eile, shíl na Mexica (na hAstacaigh) go raibh fuil na mbeo riachtanach le “rothaí móra an tsaoil” a choinneáil ag casadh. Gan íobairt na mbeo, .i. gan daoine a chur chun báis -- a lán acu agus go rialta -- ní éireodh an ghrian. Stadfadh chuile rud. Bhí sé chomh simplí sin, dar leo.


Níl a fhios agam an raibh cur amach ag Elytis ar smaointe na nAstacach, nó an bhfuair sé an téama seo óna chultúr féin.

Outremer 7 Israel



Tá comparáid an-suimiúil déanta ag Ross Douthat san alt seo, “Israel and Outremer” ar an New York Times inniu, idir stair Stáit na gCrosáidirí agus stair Israel. Outremer (outre = thar + mer = muir i bhFraincis) an sean-ainm a bhí ar na stáit seo.

06 Meitheamh 2010

na comharsana


Thóg mé na grianghrafanna seo ón deic deich nóiméad ó shin, ag beagnach a sé a chlog ar lá scamallach. Chuaigh mé amach nuair a chuala mé iad ag caint le chéile, an mháthair agus a beirt choileán.



Fáilte roimh Liz!



Fáilte roimh an mblag nua inár measc, Machnamh Mná Róléannta! Tá beirt againn ag blagadóireacht i nGaeilge i Stát Washington anois.

05 Meitheamh 2010

Spanglish abú!



D'fhoghlaim mé dhá rud tábhachtach ó Suzanne, atá in cónaí i mBoise (Idaho), ag dinnéar aréir.

1) Is é Bueno Cheapo Vino an áit is fearr le fíon a cheannach ansin.

2) Deir na daoine atá ina gcónaí ann Boy-See, murab ionann agus an chuid eile againn a deir Boy-Zee. Is breá liom siobailit mar seo.