31 Iúil 2009

aingil ghorma os cionn na cathrach


Tá siad an-luath, is minic a bhíonn siad an-dlúth dá chéile, agus ní féidir gan aird a thabhairt orthu nuair a thagann siad ag scréachaíl os do chionn!


Bhí na Blue Angels ag cleasaíocht os cionn Seattle inné agus inniu, ag fáil réidh don lá mór amárach.


Tá rogha mhór físeán díobh ar YouTube. Seo cúpla ceann acu:



An tInneall Mallachtaí



Chuir mé An tInneall Mallachtaí i dtoll a chéile na blianta ó shin. Bhí sé as gléas le tamall anuas. Ach tá mé díreach tar éis teachtaireacht a fháil ó Chaoimhín Ó Donnaíle ag Sabhal Mór Ostaig á rá liom gur chuir sé caoi air agus go bhfuil sé ag obair arís.

29 Iúil 2009

abairt ón Auraicept


Seo abairt ó Auraicept na nÉces a thaitníonn liom.


Bhíos ar tí í a trascríobh daoibh mar is iondúil. Ach tá a fhios agam gur maith le cuid agaibh tomhasanna. Seo leid: tosaíonn an abairt leis an nod “7” (= &) agus ina dhiaidh sin tá ceithre fhocal inti.

tonn teasa



“Tá sé te!” i Lushootseed, teanga dhúchasach an cheantair a bhfuil Seattle suite ann, Puget Sound. Tá sé níos mó ná te anseo faoi láthair. Tá sé an-te, thar a bheith te: 96F inné, brothallach agus gan leoithne gaoithe ag leathuair tar éis a cúig nuair d'éirigh mé ar maidin inniu, agus 102F sa réamháisnéis don lá. Ní raibh sé riamh níos teo ná 100F anseo.

Ní bheadh an teocht seo as an ngnáth i Sacramento nó i Phoenix, gan trácht ar Phalm Springs. Ach murab ionann agus na háiteanna sin, ní bhíonn aerchóiriú sna tithe anseo. Níl againne sa teach seo ach geolán san fhuinneog. Ach tá an t-áth orainn mar sin féin: tá leaba bhreise againn san íoslach, mar a mbíonn sé réasúnta fionnuar. Murach sin, bheinn caillte!

27 Iúil 2009

Monday's Child



An cuimhin leat an rann seo i mBéarla?

Mondays child is fair of face,
Tuesdays child is full of grace,
Wednesdays child is full of woe,
Thursdays child has far to go,
Fridays child is loving and giving,
Saturdays child works hard for his living,
And the child that is born on the Sabbath day
Is bonny and blithe, and good and gay.

Tá rud éigin cosúil leis sin againn i nGaeilge ón gceathrú haois déag, ach ní do pháistí a scríobhadh é. Séard a fheiceann tú sa ghrianghraf thuas ná blúire den téacs atá i gceist agam ó Leabhar Ua Mhaine (f. 47 v):

Nech genes i nDomnach, bidh [suthain bidh soenmech a be]
tha, bid imda i ndomun [dó]...

An té a bheirtear Dé Domhnaigh, beidh fada, beidh suaimhneach a bheatha, beidh raidhse ar an domhan dó...

Tá an tairngreacht seo an-deas ar fad. Ach ní chomh gealgháireach sin atá siad uilig! Mar shampla, báfar an duine a rugadh Dé Mairt... ach beidh sé go maith le madraí is le mná. Agus maidir leis an té thagann ar an saol Dé Céadaoin, “do·géna gním ndúaircc ria mbáss” (déanfaidh sé gníomh duairc roimh a bhás).

Tá an téacs iomlán in éineacht le haistriúchán Béarla ar fáil ar líne ag CELT.

laoi nó litir



Ós rud é go bhfuil suim thar cuimse agam i litreacha (callagrafaíocht, an aibítir, cló, etc.) taitníonn an abairt seo go mór liom:

Níl sé i laoi ná i litir.

Níl cuntas air áit ar bith.
FGB, lch 749, s.v. “laoi”

Ceist agam oraibh: ar bhuail sibh riamh leis an gcor cainte sin, scríofa, ráite, nó labhartha?

“Benedict Uncial” le Philip Bouwsma an cló thuas.

25 Iúil 2009

an méid a dúirt Emer



Thaitin na focail seo chomh mór liom go ndearna mé stampa rubair díobh. Ní cóip fhótagrafach dá bhfuil sa lámhscríbhinn é seo, áfach. Chuir mé le chéile é as íomhánna de litreacha éagsúla a thóg mé as Leabhar na Nuachongbhála (aka The Book of Leinster).

ogham ó chara liom



Rinne mo chara Maxime Guillemin, a bhfuil cónaí air i bPáras, an ceann seo. Ar an drochuair, lean sé mo dhrochshampla agus scríobh ES in áit IS sa chéad fhocal. Is álainn an píosa é mar sin féin.

ES (recte: IS) SERB CACH GNATH = Is searbh gach gnáth.

Tá an rud iomlán, na focail a labhair Emer le Cú Chulainn, le fáil anseo.

24 Iúil 2009

i bhfolach i gcrann


Más í seo Muire Naofa...


... cé hé seo? Bhí sé i bhfolach i gcrann darach a bhí ag fás ins an Magnolia Cemetery i Maryville, Tennessee.


23 Iúil 2009

aguisín don phlé atá ar siúl i nGarraí Johnny Mhorgan

Phantasmagoria



Deir Ted Staunton, an fear a dhear an chlófhoireann seo, gur “stylized Celtic-meets-Futurist font” atá inti.



21 Iúil 2009

celtic interlace


Thosaigh Melinama leis an léaráid seo as Celtic Art: The Methods of Construction le George Bain:


Agus ansin bhain sí casadh as!



20 Iúil 2009

“It's a hard rain's a-gonna fall.”


Seo rann eile a bhreac Murchadh Ó Cuindlis síos sa Leabhar Breac (leathanach 78), agus seo pictiúr den chéad líne de.



Bid diliu sa diliu in biad.
Bíd dūan cech threbe bus sāer.
Biaid terci ar blechtaib na mbūar.
Biaid sūan ar ḟertaib na nāem.

Beidh an bia níos daoire agus níos daoire.
Beidh duan (molta) ag gach teaghlach a bheas saor.
Beidh teirce ar bhleacht na mbó.
Beidh suan ar fhearta na naomh.

Nótaí:

1. Scríobh na filí duana molta, nó dánta molta, don uasaicme. Bheadh sé mínádúrtha agus scannalach amach dá mbeidís ar fáil do gach uile fheirmeoir.

2. Is cosúil go mbeidh na naoimh gan feidhm ar fad, níos measa ná na ba!

3. Seo nóta do na gíceanna gramadaí, má léann siad an blag seo. Sa bhunleagan, is ionann “biaid” agus “bíd”. Is leagan malartach é an dara ceann, sin an méid. Ach ní hionann "bid" agus "bíd"! An fáistineach den chopail is ea “bid”, rud nach bhfuil againn sa teanga níos mó. Ba riachtanach an chopail a úsáid le haidiachtaí sa tSean-Ghaeilge:

Is mór in fer. (ceart)

*At·tá in fer mór. (cearr)

19 Iúil 2009

piseáin & parmesan



Tá an dip níos uaine ná mar atá sé sa phictiúr seo a rinne mé le ceamara mo ríomhaire. Tá sé éasca agus an-bhlasta. Agus sláintiúil. Agus séasúrach, mar tá miontas úr ag teastáil. Is féidir piseáin úra a úsáid chomh maith, ach tá les petits pois reoite an-mhaith san oideas seo, agus i bhfad níos saoire.

Cuir na comhábhair seo uilig sa chumascóir nó sa phróiseálaí bia go dtí go mbeidh siad chomh mionghearrtha nó chomh mín agus is mian leat:

3 chupán de phiseáin reoite, tar éis iad bhruith ar feadh dhá nóiméad nó trí i gcupán uisce agus ansin an t-uisce a scagadh díobh

3 spúnóg mhór de chnónna péine nó de chnónna caisiú, tar éis iad a thóstáil i bhfriochtán nó san oigheann / toaster oven

cupán amháin de cháis Parmigiano-Reggiano grátáilte

1/4 cupán de mhiontas úr, nó níos mó

2 spúnóg mhór d'ola olóige

beagán gairleoige nó chile picante (serrano, jalapeño, etc.)

salann agus piobar

Aon cheist?

Is iomaí craiceann a chuireann an litir seo di.

Seo agaibh an litir ‘e’: léi féin, leis an litir ‘d’ ina hucht, agus i mbaclainn na litreach sin. Is solúbtha an litir í ‘e’! Thóg mé na samplaí seo ón rann sa teachtaireacht thíos.


ed







de

18 Iúil 2009

rann na gcodán










Scríobh Murchadh Ó Cuindlis an rann seo ar imeall íochtarach leathanach 61 sa Leabhar Breac. Véarsa neamónach is ea é. Cuireann sé in iúl, go ceart agus go cruinn, an chomhréir idir ½ agus ⅓, agus ansin idir ⅓ agus ¼.

Sessed eter leth is trīan,
ros·fitir cech fer fīrfīal;
ocus aile decc īarsin,
eter trīan is cethramthain.

Séú idir leath agus trian,
tá a fhios ag gach fear fíor-fhial;
agus dóú déag ina dhiadh sin,
idir thrian is cheathrú.

17 Iúil 2009

luath, éifeachtach & saor in aisce!



Tá tú tar éis súil a chaitheamh ar an scríbhinn seo thuas, nach bhfuil? Comhgháirdeas! Ní baol duit do chuid karma sna saolta uilig atá romhat anois! Seo agat an banna ó Tertön Migyur Dorje:

Na daoine a fheiceann an scríbhinn seo, ní fhulaingeoidh siad na trí dhomhan is ísle agus beidh siad saor ón eagla sin; beidh siad glan ó na cúig nimh agus beidh siad saor óna gcuid karma; agus ní bheidh eagla orthu roimh fhanacht i samsara.

Dála an scéil, ná bí buartha nach féidir leat an scríbhinn seo a léamh. Ní deir sí dada. Tá sí cosúil leis an aibítir Thibéadach, ach níl ann ach... bhuel... draíocht.

Bíodh lá deas agat. :-)

15 Iúil 2009

na scamaill is airde


Tá siad timpeall is 50 míle os cionn an talaimh. Feictear díreach tar éis dul faoi na gréine iad sa samhradh in áiteanna lastuaidh den chaogú líne dhomhanleithid (50N) nuair a bhíonn an spéir glan. Scamaill oíchelonracha a thugtar orthu. Joseph Marsh a thóg an grianghraf seo aréir anseo i Seattle:


Agus is é John C. McConnell a thóg an ceann seo i Maigh gCabraí i gCo. Aontrama ar an 4ú lá den mhí seo caite:


an tsnáthaid mhór arís


Fuair mé liosta d'ainmneacha eile a chuirtear, nó a chuirtí, ar an tsnáthaid mhór i nGaeilge, in The Proceedings of the Indiana Academy of Sciences (vol. 82, 1972). Seo agaibh iad díreach mar a fuair mé iad san alt, gan síntí fada. Deirtear go dtáinig siad as “survey conducted by the Irish Folklore Commission”.

snathad chogaidh - battle needle - southwest Co. Donegal

snathad mor - big needle - Co. Mayo

snathad mór na sciatháin - big needle of the wings - Annadown, Co. Galway

snathadán an diabhail - devil's needle - southwestern Co. Donegal

snathadan cogaidh - battle needle - northwestern Ireland

spiogan mor - big spike - Co. Mayo

spiogoid mor - big spike - Co. Mayo

bas drucha - dusky death -- Clear Island, Co. Cork

spearadoir - mower - Killorglin, Co. Kerry

cleardhar caoch - blind wasp - western Co. Galway

Bhí fonn orm an focal beag “sic” a chur lena lán díobh seo, ach is dócha gur fearr gan iad a athrú ar chor ar bith. “Má tá bréag ann, ní mise a chum ná a cheap.”

Agus, toisc nach maith liom teachtaireacht a phostáil anseo nach bhfuil ann ach focail, seo pictiúr de shnáthaid mhór leis an ngabha geal Zuñi Roland Haloo:


Is bean í an tsnáthaid mhór seo, mar is léir ón ngúna agus ón stíl ghruaige:

13 Iúil 2009

feitisí


Tá clú ar na hIndiaigh Zuñi (A:shiwi ina dteanga féin) in Iardheisceart Mheiriceá as na feitisí beaga a shnoíonn siad as clocha. Bhain na fir úsáid astu ina gcultúr féin sa chéad dul amach le go mbeadh rath orthu i bhfiagaíocht. Bhí ráchairt orthu i measc Indiach ó thréabhanna eile sa dúiche sin freisin, agus ó na seachtóidí i leith, i measc daoine nach iad a thosaigh á gceannach agus á gcnuasach mar “ealaín folk”.



Shíl na Zuñi riamh go raibh neart ar leith in aon chloch a fuair siad a raibh cuma an ainmhí le feiceáil inti cheana féin, gan a lán oibre a dhéanamh uirthi. Chuir antraipeolaí amháin natural concretion fetish mar ainm ar a leithéid. Is dóigh liom gur féidir acheiropoieton, m'fhocal nua, a chur air freisin. Séard atá sa phictiúr thuas ná lincse nó cat fiáin ón naoú haois déag. Tá iolar sa chéad phictiúr eile anseo. Is léir go ndearnadh cúpla gearradh ar an gcloch leis an íomhá a thabhairt amach:

Tá an snoí ar an mbéar seo ó lár an fichiú haois déag an-simplí fós. Tá ceann agamsa an-chosúil leis seo a rinneadh as píosa aolchoinnil:


Ach tá an dá bhéar seo, a snoíodh le déanaí, i bhfad níos sofaisticiúla:



12 Iúil 2009

αχειροποίητον ?



Fuair mé an chloch seo (6 ½ orlach ar fad) ar an trá beagnach fiche bliain ó shin anseo i Seattle.

Céard nó cé a fheiceann tusa inti?

An acheiropoieton í?

10 Iúil 2009

Tá siad ar fud na háite.

Cúpla lá ó shin tharraing Cú Chonnacht ár n-aird ar íomhá na Maighdine atá in ainm a bheith le feiceáil i stumpa crann sailí a gearradh le déanaí i Ráth Caola i gCo. Luimnigh.

Is cuimhin linne abhus anseo i Meiriceá an íomhá de Mother Theresa a frítheadh ar cinnamon bun sa bhliain 1996 sa Bongo Java Coffee Shop i Nashville (agus a goideadh ón siopa sin sa bhliain 2005, faraor).





Is féidir a rá gur acheiropoieta iad seo, íomhánna naofa nach ndéanadh le lámh an duine. Is focal Gréigise é seo, curtha i dtoll a chéile mar seo: α + χειρο lámh + ποίητον déanta.

Ní hiad na Críostaithe amháin a fheiceann rudaí mar seo. Ní thugann Moslamaigh ómós d'íomhánna, ar ndóigh, ach tugann siad an-urraim do fhocail scríofa an Chóráin. Agus, iontas na n-iontas, faigheann siad an focal “Allah” scríofa ar fud na háite. Seo agaibh an focal féin, agus leaganacha de a chonaic daoine i gcraobhóga cachtais, ar chapati, agus taobh istigh d'aubergine, i measc rudaí eile, inite agus do-ite:





Beidh níos mó le rá agam faoi acheiropoieta i gcultúir dhúchasacha Mheiriceá sa chéad phostáil eile, LCD.

an tsnáthaid mhór



Is álainn an fheithid í an tsnáthaid mhór, agus is ársa. Bhíodar ann 300 milliún bliain ó shin, agus bhí siad i bhfad níos mó ag an am sin. Tá a lán cineálacha acu ann freisin, agus a lán ainmneacha aisteacha orthu. Is maith liom na hainmneacha seo a leanas.

Béarla: dragonfly = cuileog dragain

Breatnais: gwas-y-neidr = giolla na nathrach

Ioruais: øyenstikker = priocaire súl

Karuk (teanga Chaliforniach): atayram-sishxárahara = réalta ag a bhfuil bod fada

Liotúainis: laum žirgis = capall Lauma (ainm síogaí)

Máltais: debba ta'l-infern = láir an diabhail

Spáinnis: caballito del diablo = capaillín an diabhail

Sualainnis: trollslända = fearsaid an troill


09 Iúil 2009

ó “cruento” go “cró” agus níos mó


Tá mé ag léamh an úrscéil El Juego del Ángel le Carlos Ruiz Zafón anois díreach. Tháinig mé trasna ar fhocal ann an lá cheana a phreab den leathanach:

-¿Le parece justo que dos hombres mueran de ese modo?

-¿Un modo menos cruento le parecería más aceptable?

Focal neamhgnách i Spáinnis é “cruento”. Ciallaíonn sé “fuilteach”. Chuir sé “cró” na Gaeilge (“crú” na Sean-Ghaeilge) i gcuimhne dom láithreach bonn. Chuaigh mé caol díreach chuig an tseilf a bhfuil na foclóirí uirthi, ar ndóigh.

Fuair mé scéal sách suimiúil -- don duine a bhfuil spéis aige i dteangeolaíocht stairiúil, ar aon nós -- i measc na leabhar. Tá gaol gar -- gaol fola, is féidir a rá -- idir "cró/crú" agus "cruento" ceart go leor. Tháinig “cruento” ón bhfocal Laidine “cruor”, focal a chiallaíonn “fuil dhoirte”. Tá an bhrí chéanna le “crú/cró” se'againne, .i. “gore”.

Ach ní ón Laidin a fuair muid an focal sin. Is focal ársa Ind-Eorpach é atá le fáil i dteangacha eile freisin, mar atá an Ghréigis “κρέας” (feoil) agus an tSanscrait “krūraḥ” (amh, fuilteach). I measc na dteangacha Ceilteacha, tá “crau” ag na Breatnaigh, cé gur focal seanda anois é, mar atá “cró” i nGaeilge an lae inniu. Díorthadh iad seo uilig ón bhfréamh Ind-Eorpach *kréuh₂ = feoil amh, fuil.

Cé go bhfuil a lán focal eile in úsáid sna teangacha Ind-Eorpacha anois (blood, fuil, sangre, αίμα, gwaed, etc.), tá an focal seo, “cró” agus a ghaolta, níos sine ná na cinn eile. Mar a dúirt Vendryes, “il n'est pas sans intérêt de constater qu'il se rapporte au sang versé au combat ou dans le sacrifice” (“is díol suntais é go bhfuil baint aige seo leis an bhfuil a doirteadh i gcath nó in íobairt”).