30 Bealtaine 2009

Scríofa ar phár sa sean-am ...

... agus ar pháipéar leithris anois!  An t-úrscéal uafáis nua le Koji Suzuki atá mé a rá.  Seo é an t-údar le cóipeanna dá úrscéal nua-fhoilsithe.







Níl an t-úrscéal sin agam, ach tá rolla páipéar leithris eile agam a fuair mé mar bhronntanas Nollag an bhliain seo caite nuair a bhí mo dhuine in oifig fós. Tá seisean imithe anois, beidh an rolla caite roimh i bhfad agus ní bheidh a leithéid arís ann.

Is aoir é seo, ar ndóigh, ach cén cineál?  Dar le seantéacs amháin tá “secht cenéla aíre la Féniu”. Ábhar é seo do theachtaireacht eile!

solas glas


Cén Ghaeilge atá ar LED?  

LED, cé gur féidir “dé-óid astaithe solais” a rá freisin.  :-)  Tá a lán cainte ar an dlúthsholas fluaraiseach faoi láthair mar an chéad bholgán solais eile, ach is gearr an t-achar a bheas siad i lár an aonaigh.  Tá dhá mhíbhuntáiste móra ag baint leis na compact fluorescents:  tá mearcair iontu, agus ní oibríonn siad le lascanna maolúcháin.  Agus tá coiscéim charbóin an-bheag ag an LED, i bhfad níos lú ná mar atá ag an dlúthsholas fluaraiseach.  Tá an LED níos costasaí anois, ach feicfidh muid laghdú mór ar an bpraghas amach anseo.

LED sna lampaí sráide in Ann Arbor, Michigan, thuas.

neamh-líneachas

“do thairiuc”

Is fíor-mhaith liom an nod seo, a sheasann do “air”, toisc go bhfuil sé thar a bheith neamh-líneach.  Is highrise é in áit sraoilláil uirbeach.

Is ó Scél Muicce Maic Dathó sa lámhscríbhinn Lebar na Núachongbála / The Book of Leinster a fuair mé an tsolaoid seo:

“Is maith linn ar cuid [den mhuc rósta] do thairiuc [.i. do fháil], ol Conall.”  

croí arís

Nuair a bhaintear feidhm as noda, cailleann an focal "cride ~ cridhe ~ croí" a lán dá chuid líneachais.  Éiríonn sé níos cosúla leis na lógógraim seo thíos.  "Croí" is ciall leo uilig.

Is dóigh liom go bhfuil cineál longing for logograms chuile áit a bhfuil aibítrí i réim. Is maith linn a ngontacht, a gcuannacht, agus an fuinneamh atá iontu.  Bíonn an cheist seo le feiceáil minic go leor ar an idirlíon:  What is the Irish symbol for ___?

29 Bealtaine 2009

foinse nua


Chonaic mé beirt phréachán ag ól as an water feature nua inniu. Chuir mé le chéile é as pota mór a tháinig ó Viet Nam, caidéal beag, cúpla stopallán rubair, sileacan, agus muinchille heat-shrink leis an tsreang leictreach a chóiriú tar éis dom é a ghearradh (d'aon turas) len í a chur tríd an bpoll i gceann de na stopalláin. Soiléir?  ;-) Dála an scéil, tá an aimsir go hiontach anseo i Seattle faoi láthair!

croí


Séard atá againn anseo, tar éis na noda a scaoileadh, ná an focal cride: croí i Nua-Ghaeilge, agus cridhe fós i nGaeilge na hAlban. Bhain cuid de na scríobhaithe a lán úsáide as noda le níos mó focal a chur ar an leathanach. Bhí an meamram costasach, ar ndóigh.  Thairis sin, is léir go raibh an-spéis ag cuid acu do na noda féin. Ba bhreá leis na scríobhaithe súgradh leo (.v.v. ag seasamh do Dáibhí, mar shampla) agus a gcumas iontu a thaispeáint.  

Níl fágtha díobh anois ach giorrúchán amháin -- 7 -- an leathbhreac Gaelach den ampersand & . Is ón Laidin a fuair muid é.  Tironian note is ea é ó cheart. Baintear úsáid as an uimhir 7 len é a scríobh ar an ríomhaire de ghnáth. Ach tá litir dá chuid féin ar fáil anois freisin, Unicode U+204A, cé nach bhfuil a lán ríomhairí in ann é aithint fós: ⁊ .

28 Bealtaine 2009

teangacha de dhíth

Tá scéal iomlán na manach a fheiceann tú anseo le léamh anseo i nGaeilge. Tá níos mó ná seachtó aistriúchán den scéilín ar fáil anseo.

Ba cheart dom a bheith sásta leis an méid sin leaganacha. Ach nílim. Tá mé santach chun teangacha eile! Ungáiris, mar shampla. Agus Máltais. Agus a deirfiúr mhór, Araibis, ar ndóigh. Agus... is andúileach mé. 

Tá focal Béarla a chuireann síos ar dhuine a théann i gcomhar leis an andúileach chun a andúil a choinneáil ar siúl: codependent.  

Ar mhaith le duine ar bith anseo a bheith codependent liomsa agus cuidiú liom teangacha eile a fháil?

promhadh pinn


Promha pind 

Bhí an scríobhaí seo ag baint trialach as a pheann. (An p seo le o os a chionn, is ionann é agus pro.) Tá an abairt seo le feiceáil ar fud na háite sna lámhscríbhinní, nó an rud céanna i bhfocail eile:

Fechain glesa pind andso.

Nó i Laidin:

Probatio pennae Maelmuiri 

Tá sé seo le feiceáil faoi dhó in Leabhar na hUidhre. Máel Muire mac Célechair atá i gceist.

Uaireanta bhí siad sásta leis an meamram (an pár), leis an dúch, agus leis an bpeann:

Cinnus sin a peinn 7 dar lim is maith.

Ach is minic nach raibh:

Mo mallacht ort a phinn.

Is mor mo chessacht fein aniu ar mo scriben le holcus mo duib 7 le ro olcus mo memraim.

Tá an cheasacht nó gearán is ársa dá bhfuil againn le fáil in Glosses on Priscian, ca. 845:

Is tana a ndub.  (Is tanaí an dúch.)

27 Bealtaine 2009

Murchadh Ó Cuindlis agus a chat

“Atlochar do dia gan dar mainib ar marthain acht ar cuid don chatín gel namá.

D'fhág ár scríobhaí an nóta seo sa Leabhar Breac. Tá an chéad chuid den líne le feiceáil thuas. I nGaeilge an lae inniu:

“Ní as an maoin atá fágtha againn atá mé buíoch de Dhia ach as grá an phiscín ghil.”

Mar a deir Gaeil na hAlban...

“Tigh gun chù gun chat gun leanabh beag, tigh gun ghean gun ghàire.”
Tá aithne againn uilig ar Phangur Bán, ach ní eisean an t-aon chat amháin atá le fáil sna lámhscríbhinní.  Beidh cúpla nóta imill faoi na cait eile anseo ar ball.  Féachaigí an spás thuas!

Dála an scéil, Michael agus Molly atá orthu seo.

26 Bealtaine 2009

Cén litir í seo?

An Seilide Taibhsiúil

Selenochlamys ysbryda an t-ainm a bhaist na heolaithe Breatnacha ar an gcréatúr seo bliain ó shin.  "Taibhse" an chiall atá leis an bhfocal “ysbryd” (“sprid” i nGaeilge).  Creideann siad gurb é seo an chéad uair ar baineadh úsáid as focal Breatnaise in ainmníocht dhéthéarmach mar seo.  Ceist: an bhfuil focal Gaeilge le fáil in ainm “Laidine” den chineál seo ar chor ar bith?

25 Bealtaine 2009

M agus N arís


Dhá ainm agus dhá cheannlitir ó Leabhar Mór Leacáin.  Ba dhraoi cumhachtach é Mog Ruith / Mug Ruith.  Niall Mear mac Maoil Mhichil an duine eile, .i. Crazy Niall Mulvahill.  Éinne dá shliocht anseo?

ó A go M





Níl le déanamh ach eireabeall fada cuanna a chur leis an A!

Nótaí ar an imeall...


... is   f a i d e   ar domhan.

An Litir M


Dhá Cheannlitir

Cé acu ceann atá ina M?
  1. An ceann thuas.
  2. An ceann thíos.
  3. An dá cheann.
  4. Níl ceachtar acu ina M.

24 Bealtaine 2009

Sleepyhead

Físeán “stop-ghluaiseacht” a théann leis an amhrán Sleepyhead : an-chliste, agus tá focail Ghaeilge neadaithe ann.

Neamhaí!


Mousseline au Chocolat

Fuair mé an t-oideas seo ar an New York Times an tseachtain seo caite.  Mark Bittman (“The Minimalist”) a chum é.  Tá sé síodúil.  Tá sé uachtarúil.  Tá sé thar a bheith seacláideach.  Agus creid é nó ná creid, níl aon uachtar ná uibheacha ann!  Mexican Chocolate Tofu Pudding an t-ainm a thug Bittman air.  Agus rud eile: tá sé an-éasca agus an-tapa.

Mús Seacláide

3/4 cupán (1/2 pionta?) siúcra
3/4 cupán uisce
Punt amháin tofu síodúil (kinugoshi)
8 unsa seacláid dhorcha (leath-shearbh)
taespúnóg fanaile
taespúnóg go leith cainéal
beagán piobar dearg

Cuir an t-uisce agus an siúcra i bpota beag agus bain gail as.  Cuir an tseacláid ann agus corraigh í go mbeidh sí leáite.  Cuir an tseacláid, an tofu agus na spíosraí sa chumascóir go dtí go mbeidh an t-iomlán an-mhín.  Fuaraigh i mbabhlaí é.  Is leor an t-oideas seo do sheisear ar an laghad.

An Scríobhaí


Murchadh Riabhach Ó Cuindlis

Níl bliain a bhreithe ná bliain a bháis ar eolas againn.  Tá a fhios againn, áfach, go raibh sé ag obair mar scríobhaí sna blianta idir 1398 agus 1418.  Is dócha gur i mBaile Locha Deacair i gCo. na Gaillimhe a rugadh é mar is ansin a bhí “ferann ocus cuit Uí Chuinnlis" ag an am sin.  Bhí sé ina mhac léinn ag an staraí Giolla Íosa Mór Mac Fhirbhisigh, agus bhí fear darbh ainm Domhnall mar chompánach aige -- agus cat agus spideog.

Cén fáth a bhfuil suim agam ann?  

Toisc gur fhág sé blúirí beaga beoga dá phearsantacht agus dá chroí againn, i riocht nótaí imill, an chuid is mó acu sa Leabhar Breac.  Thug mé ceann amháin daoibh cúpla lá ó shin. Seo ceann eile, atá an-chosúil le haiku:

“Ta in spideog derg uili, a Domnaill, ocus atusa am oenur.”

Tá an spideog dearg uile, a Dhomhnaill, agus táimse im aonar.

23 Bealtaine 2009

An Litir A, cuid a dó





Is cleasach an litir í agus is iomaí cor a chuireann sí di!

Tá na ceannlitreacha seo le feiceáil ar aon leathanach amháin in Leabhar Mór Leacáin, lámhscríbhinn ón gcúigiú haois déag.

22 Bealtaine 2009

An Litir A


“Ailm didiu cétlabrad cech bí, iachtad cech mairb.”

Tá leaganacha den abairt seo le fáil in Auraicept na nÉces (The Scholars' Primer) agus in Immacallam in Dá Thúarad (The Colloquy of the Two Sages).  Seo agaibh é i nGaeilge an lae inniu:

Is é ailm (.i. an litir “a”; Leath do bhéal agus abair “aaaaa”!) an chéad labhairt de gach beo agus an iacht (.i. cnead) de gach marbh.  

Alpha agus omega sa ghuta céanna, an é sin é?  Ní aon rud Gaelach ar leith a bhí sa bhéim seo ar an gcéad litir, áfach.  Mar shampla, tá sūtra Búdaíoch ann nach bhfuil ach aon litir amháin ann -- “A” -- ar ndóigh!  Foirfeacht Eagnaíochta in Aon Litir Amháin an teideal atá air.

Séard a fheiceann tú thuas, dála an scéil, ná cúpla “a” a rinne mé le stampaí rubair a ghearr mé as scriosáin.

Gadelica



Gadelica is ainm don chlófhoireann álainnn seo a dhear Séamas Ó Brógáin. Tá sí ar fáil saor in aisce ag Gadelica.

Dála an scéil, conas is féidir liom "hot link" -- más é sin an focal ceart -- a dhéanamh den URL seo?


21 Bealtaine 2009

Isam toirsech indiú eter chend is choiss.

Is d'Aonghus agus do lucht Old-Irish-L an grianghraf seo, pictiúr den nóta imill atá le feiceáil ag bun leathanaigh 58 sa Leabhar Breac.  Is é an scríobhaí Murchadh Ó Cuindlis a bhreac síos an nóta gairid seo lá éigin idir 1408 agus 1411, le linn dó an lámhscríbhinn seo a chur i dtoll a chéile.  I nGaeilge an lae inniu:

Tá mé tuirseach inniu idir cheann is chois.

Cliceáil ar an bpictiúr le híomhá níos mó a fháil.

Beidh i bhfad níos mó le rá agam faoin scríobhaí seo amach anseo!

Marginalia

An chéad rud atá le rá agam ar an mblag nua seo: ní focal Béarla é marginalia.  Is focal deas Nua-Laidine é, iolra neodrach le bheith cruinn.  Nótaí imill an Ghaeilge atá air dar le www.focal.ie agus tá mé sásta leis sin.  Ach is suimiúil an rud é go raibh an focal margan againn i bhfad ó shin i réamhrá Félire Óengusso Céli Dé:

Nóna ocus ída, 
réim calne co fíri, 
fort margan co mbáni  
bieit inna líni.


Nones agus ides,   [an seachtú agus an cúigiú lá déag den mhí]
réim kalends le fírinne,
ar do imeall le báine   [ar d'imeall bán]
beidh na línte.

Pé scéal é, bhaist mé Nótaí Imill ar an mblag seo:

a)  toisc go bhfuil an-suim agam anois díreach sna nótaí a chuir scríobhaithe éagsúla inár gcuid lámhscríbhinní;

b)  toisc go bhfuil mé i mo chónaí in Seattle, ar imeall an Domhain Thiar; agus

c)  toisc gur leag cara liom a mhéar ar an bhfírinne nuair a dúirt sé i bhfad ó shin “You have a fascination for the irrelevant.”